Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 09/10/2018, 9 Deireadh Fómhair 2018

Na príomhthorthaí

Highlights from the Environment Council of 9 October 2018 held in Luxembourg

Caighdeáin astaíochtaí CO2 do charranna agus veaineanna

Ag bualadh le chéile dóibh i Lucsamburg ar an 9 Deireadh Fómhair, d'éirigh leis na hairí comhshaoil teacht ar chomhaontú faoin togra atá beartaithe le haghaidh rialachán maidir le caighdeáin CO2 do charranna agus veaineanna (athmhúnlú). Chomhaontaigh siad seasamh na Comhairle maidir leis an téacs agus leag siad síos spriocanna nua i ndáil le caighdeáin astaíochtaí CO2 níos déine.

Faoi 2030, beidh laghdú 35% ar astaíochtaí, ar an meán, as carranna nua le hais na dteorainneacha sna caighdeáin astaíochta atá ann faoi láthair. Is ar bhonn daingean an chomhaontaithe sin, ar thángthas air inniu, a chuirfear tús leis an bplé le Parlaimint na hEorpa. Elisabeth Köstinger, Aire Cónaidhme Inbhuanaitheachta agus Turasóireachta na hOstaire
Environment ministers agreed how to reduce CO2 emissions of cars and vans in Europe.

An t-athrú aeráide agus COP24

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an athrú aeráide in oirchill Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide a bheidh ar siúl in Katowice i mí na Nollag (COP 24). Is é atá beartaithe leis na conclúidí sin comhartha láidir polaitiúil agus cur síos mionsonraithe a thabhairt ar leibhéal uaillmhéine an Aontais agus é ag gníomhú ar son na haeráide. D'athdhearbhaigh na hairí nach mór do gach tír, d'fhonn cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach, feabhas a chur ar a cuid gníomhaíochtaí maolaithe i gcomhchuibheas leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an mbithéagsúlacht. Ag COP24, tabharfaidh an tAontas ugach do na páirtithe uile dlús a chur leis an ullmhúchán maidir le cur chun feidhme a rannchuidithe (arna chinneadh go náisiúnta faoi seach).

An bhithéagsúlacht

Ghlac na hairí conclúidí maidir leis an mbithéagsúlacht. Cuimsítear sna conclúidí sin na príomheilimintí atá i seasamh an Aontais i bhfianaise COP14 den Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a bheidh ar siúl i mí na Samhna san Éigipt. Ina theannta sin, cumhdaítear iontu prótacal Cartagena ar an mbithshábháilteacht agus prótacal Nagoya maidir le rochtain agus comhroinnt tairbhí. Chuir na hairí in iúl an imní mhór atá orthu go bhfuil an bonn acmhainní nádúrtha agus na seirbhísí éiceachórais, ar a mbíonn an cine daonna ag brath, go mór i mbaol agus go bhfuil an chuid is mó de na brúnna a chuireann dlús le cailliúint na bithéagsúlachta ag méadú go leanúnach.

Caighdeáin astaíochtaí CO2 d'fheithiclí tromshaothair

San iarnóin, bhí díospóireacht bheartais sa Chomhairle, a rinneadh a bheoshruthú, faoin gcéad rialachán a thíolaic an tAontas riamh maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 d'fheithiclí tromshaothair. Phléigh na hairí na spriocanna atá beartaithe maidir le hastaíochtaí CO2 a laghdú i gcomhair trucailí, busanna agus leoraithe nua. Bhí deis ag na hairí a dtuairimí a chur in iúl faoin togra ón gCoimisiún agus faoin gcaoi ar féidir dul ar aghaidh chun teacht ar chomhsheasamh.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Le linn seisiún poiblí sa Chomhairle, bhí deis ann éisteacht le cur i láthair a rinne an Uachtaránacht faoin treoir maidir le plaistigh aon úsáide.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025