- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 26/06/2019, 26 Meitheamh 2019
Na príomhthorthaí
Ceimiceáin
Ghlac na hairí comhshaoil conclúidí ina dtugtar treoir pholaitiúil maidir le forbairt a dhéanamh ar straitéis Aontais do bheartas inbhuanaithe ceimiceán. Tugtar aghaidh sna conclúidí go háirithe ar ábhair REACH, suaiteoirí inchríneacha, nana-ábhair agus cógais.
Leis na conclúidí tábhachtacha mionsonracha seo tugtar treoir do straitéis an Aontais do bheartas inbhuanaithe ceimiceán le béim ar shláinte an duine agus an comhshaol a chosaint trí bhainistiú fónta a dhéanamh ar cheimiceáin. Grațiela Leocadia Gavrilescu, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Comhshaoil na Rómáine
Tarraingítear aird sna conclúidí freisin ar an ngá le measúnú an riosca cheimicigh agus bainistiú na gceimiceán i reachtaíocht an Aontais a fheabhsú agus a phríomhshruthú d'fhonn cur le comhleanúnachas agus éifeachtacht reachtaíocht an Aontais i ndáil le ceimiceáin.
Chuir na hairí i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé sásra ábhartha a fhorbairt lena ndéanfar comhordú ar chosaint grúpaí leochaileacha, amhail leanaí, mná torracha agus mná a bhíonn ag cothú linbh ar an gcíoch, agus chomhaontaigh siad gur cheart mar chuid de sin ceanglais chomhsheasmhacha maidir le bainistiú riosca a thabhairt isteach i reachtaíocht ábhartha an Aontais i ndáil le substaintí ar údar imní iad, lena n-áirítear néartocsainí agus suaiteoirí inchríneacha.
Athúsáid uisce le haghaidh uisciú talmhaíochta
Ar an 26 Meitheamh bhí plé maidir le hathúsáid uisce ag an gComhairle Comhshaoil le linn seisiún poiblí. Tháinig na hairí ar chur chuige ginearálta i leith an rialacháin nua seo lena laghdófar an riosca maidir le ganntanais uisce le haghaidh barra a uisciú agus a chabhróidh leis an Eoraip í féin a chur in oiriúint don athrú aeráide.
Is acmhainn luachmhar é an t-uisce. Tá céim thábhachtach againn inniu chun rialacha nua a chur ar bun a chuirfidh ar ár gcumas uisce a athshlánú ar bhealach atá sábháilte do dhaoine agus d'ainmhithe, agus chun leas an chomhshaoil. Is den chéill é íoschaighdeáin chomhchuibhithe a leagan síos maidir le cáilíocht uisce agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh ionas gur féidir le feirmeoirí an t-uisce athshlánaithe a úsáid le haghaidh uisciú. Cuid den obair seo is ea foghlaim ón taithí atá ag roinnt de na Ballstáit atá i mbun uisce a athúsáid go rathúil le blianta fada. Ioan Deneș, Aire Uiscí agus Foraoiseacha
Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil
Um thráthnóna bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le torthaí thimthriall Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil (EIR) 2019. Chuaigh na Ballstáit i mbun idirphlé agus comhar leis an gCoimisiún agus thug siad aiseolas luachmhar don Choimisiún a mbeidh sé ábalta é a úsáid chun a chuid oibre a fheabhsú. Thapaigh na hairí an deis seo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le beartais agus reachtaíocht chomhshaoil a chur chun feidhme.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Le linn seisiún poiblí, bhí an deis ag an gComhairle cur i láthair ón uachtaránacht a éisteacht maidir le dhá thogra reachtacha atá ann faoi láthair: rialachán LIFE agus an rialachán maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar. Chuir an uachtaránacht in iúl freisin do na hairí staid na himeartha leis an bplé maidir le fís fhadtéarmach straitéiseach do gheilleagar aeráidneodrach agus in éineacht leis an gCoimisiún thug sí tuairisc ar thorthaí roinnt cruinnithe tábhachtacha idirnáisiúnta. Chuir an Coimisiún i láthair na teachtaireachtaí uaidh maidir leis na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid. Chuir toscaireacht na hÍsiltíre na hairí ar an eolas faoi chomhdháil a bhí ar siúl le déanaí maidir le praghsáil carbóin agus cáin eitlíochta, agus thug toscaireacht na hOstaire eolas faoi cheardlann ar an gClár Gníomhaíochta don Chomhshaol a bheidh ar siúl amach anseo. Thug toscaireacht na Bulgáire cur i láthair ar bhearta Eorpacha a d'fhéadfaí a dhéanamh chun tacú le soghluaisteacht ghlan, go háirithe leictrea-shoghluaisteacht, agus thug toscaireacht na Fraince cur síos ar thoradh an chruinnithe a bhí ag airí comhshaoil G7 le déanaí. Thíolaic toscaireacht na Fionlainne clár oibre na huachtaránachta nua atá le teacht.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025