"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Tháinig airí comhshaoil an Aontais ar chomhaontú maidir leis an seasamh ón gComhairle (‘cur chuige ginearálta’) i ndáil leis an leasú ar an dlí aeráide Eorpach, lena leagtar síos sprioc cheangailteach don Aontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú 90% faoi 2040. Is céim thábhachtach é an comhaontú i gconair an Aontais i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Inniu, ghlacamar sprioc aeráide 90 faoin gcéad le haghaidh 2040 le tacaíocht fhorleathan ó na Ballstáit. Tá an eolaíocht mar bhonn leis an sprioc agus tá sí nasctha lenár n-iomaíochas agus lenár slándáil ag an am céanna. Tá sé sin tábhachtach do thodhchaí na hEorpa – agus léiríonn sé gur féidir linn seasamh le chéile fiú le linn tréimhsí dúshlánacha. Leagtar amach leis an sprioc treoir shoiléir sna blianta amach romhainn maidir lenár mbeartais, ár dtionscail agus ár n-infheistíochtaí. Leis sin, táimid réidh chun Aontas níos láidre, níos iomaíche agus níos sláine a thógáil.
Lars Aagaard, Aire aeráide, fuinnimh agus fóntas na Danmhairge
Maidir leis an togra ón gCoimisiún i ndáil le sprioc 2040 chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 90%, choimeád an Chomhairle an togra sin ar bun, le sraith solúbthachtaí agus roinnt coigeartuithe san áireamh. Chomhaontaigh an Chomhairle go bhféadfadh creidmheasanna idirnáisiúnta ardcháilíochta rannchuidiú suas le 5% i dtreo na sprice faoi 2036. Comhaontaíodh freisin sa Chomhairle gur cheart ról a bheith ag buanaistrithe carbóin laistigh de chóras trádála astaíochtaí an Aontais chun astaíochtaí a bhfuil sé deacair srian a chur leo a chúiteamh, agus thángthas ar comhaontú maidir le solúbthacht fheabhsaithe ar fud earnálacha agus ionstraimí agus laistigh díobh.
Le cur chuige ginearálta na Comhairle, neartaítear na forálacha maidir le hiomaíochas, cothroime shóisialta agus slándáil fuinnimh, lena gcinntítear go dtacóidh an t-aistriú le tionscal na hEorpa agus le saoránaigh na hEorpa araon. Tháinig na hairí ar chomhaontú freisin maidir le sásra athbhreithnithe treisithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar sprioc 2040 i bhfianaise athbhreithniú an Choimisiúin ar raon tionchar, a bhfuil dúshláin agus deiseanna don iomaíochas, praghsanna fuinnimh, tionchair shóisialta, agus forbairtí teicneolaíochta ina measc, chomh maith le measúnú débhliantúil ar chur chun feidhme na spriocanna idirmheánacha.
Leanann an comhaontú treoir straitéiseach na Comhairle Eorpaí an 23 Deireadh Fómhair 2025 agus is é a bheidh ina bhunús do sheasamh na Comhairle don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa maidir le téacs deiridh na reachtaíochta.
Rannchuidiú an Aontais arna chinneadh go náisiúnta le UNFCCC
D’fhormheas na hairí rannchuidiú an Aontais arna chinneadh go náisiúnta (RCN) tar éis 2030 lena chur faoi bhráid UNFCCC, coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an athrú aeráide, lena gcumhdaítear an tréimhse suas go dtí 2035. Leagtar síos leis an RCN nua sprioc tháscach laghdaithe astaíochtaí de 66.25-72.5% le haghaidh 2035, bunaithe ar na conairí líneacha táscacha idir sprioc aeráide 2030 an Aontais de 55% agus sprioc 2050, ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, sprioc aeráide 2030 an Aontais agus sprioc aeráide 2040 ón seasamh a ghlac an Chomhairle le déanaí maidir leis an Dlí Aeráide.
Le glacadh RCN an Aontais, tá comhartha láidir á thabhairt againn roimh COP30 go bhfuilimid lántiomanta i gcónaí spriocanna Chomhaontú Pháras a choinneáil. Fágann sé go gcuirtear ar ár gcumas dúinn tuilleadh gníomhaíochta domhanda ar son na haeráide a éileamh, nuair a bhuailfimid leis an gcuid eile den domhan ag COP30.
Lars Aagaard, Aire aeráide, fuinnimh agus fóntas na Danmhairge
Is dlúthchuid de Chomhaontú Pháras iad na RCNanna, lena gceanglaítear ar gach páirtí i gComhaontú Pháras RCN nua nó nuashonraithe a chur isteach gach 5 bliana. Leagtar amach iontu na hiarrachtaí atá déanta ag gach tír chun astaíochtaí náisiúnta a laghdú agus an chaoi a rannchuidíonn siad le sprioctheocht Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Tíolacann an tAontas RCN amháin thar ceann an Aontais agus a Bhallstát.
Faoi ‘gnó eile’, chuir an Ostair na hairí ar an eolas faoin ngéarghá atá le rialachán an Aontais maidir le dífhoraoisiú (RAEDF) a chur siar agus a shimpliú go substainteach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.