"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Caighdeáin astaíochtaí CO₂ do ghluaisteáin agus veaineanna
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle i ndáil leis an leasú ar an rialachán maidir le caighdeáin astaíochtaí CO₂ do ghluaisteáin agus veaineanna.
Ní mór an aeráidneodracht agus an t-iomaíochas a bheith fite fuaite ina chéile. Is é an bealach is fearr chun tacú le tionscal na ngluaisteán san Eoraip, agus leis na milliúin post atá ag brath air, réitigh nuálacha agus inbhuanaithe a chur chun cinn chun an chonair i dtreo na soghluaisteachta glaine a shaothrú. A bhuí leis an bplé cuiditheach a rinneadh inniu, oibreoidh Uachtaránacht na Cipire go dian chun an obair ar an bpríomhthosaíocht reachtach sin a chur chun cinn.
Alexis Vafeades, Aire Iompair, Cumarsáide agus Oibreacha Phoblacht na Cipire
Chun tacú leis an aistriú chuig soghluaisteacht ghlan ar bhealach níos solúbtha, tugtar isteach leis an togra ón gCoimisiún tuilleadh roghanna teicneolaíochta do mhonaróirí chun a spriocanna a bhaint amach. Íslíonn sé sprioc 2035 maidir le hastaíochtaí sceithphíopa a laghdú ó 100% go 90%; is féidir an 10% eile a chúiteamh le creidmheasanna le haghaidh breoslaí malartacha inbhuanaithe agus cruach ísealcharbóin a dhéantar san Aontas a úsáid. Déantar foráil sa togra freisin maidir le dreasachtaí (go dtí 2034) i bhfoirm creidmheasanna CO₂ (‘sárchreidmheasanna’) do mhonaróirí a chuireann feithiclí beaga leictreacha a dhéantar san Aontas ar an margadh.
Dhírigh na hairí ar spriocanna 2035 agus ar na solúbthachtaí a tugadh isteach i gcomhthéacs spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, neodracht theicneolaíoch a fheabhsú agus iomaíochas na hearnála mótarfheithiclí a chinntiú.
Phléigh na hairí iarrachtaí dícharbónaithe i réimse na haeráide tar éis 2030. Ag eascairt as an sprioc cheangailteach aeráide uile-Aontais do 2040 a bunaíodh le déanaí, meastar go molfaidh an Coimisiún sraith tograí reachtacha sa dara leath den bhliain seo, chun tacú le tíortha an Aontais agus le tionscal agus saoránaigh na hEorpa an sprioc sin a bhaint amach.
I bhfianaise an phacáiste aeráide tar éis 2030 atá ar na bacáin, dhírigh na hairí ar na ceisteanna seo a leanas:
– conas tacú le hinfheistíochtaí agus aistriú cothrom glan faoi 2040 á chinntiú ag an am céanna;
– conas solúbthachtaí a úsáid ar fud na n-earnálacha agus laistigh díobh chun spriocanna aeráide a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach;
– conas ba cheart creidmheasanna idirnáisiúnta a chomhtháthú sa chreat aeráide tar éis 2030.
An t-athrú aeráide: a bhfuil á dhéanamh ag an Aontas
An bithgheilleagar
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le straitéis bhithgheilleagair an Aontais. Baineann an bithgheilleagar úsáid as acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite ar nós plandaí, ainmhithe agus miocrorgánach chun bia, fuinneamh agus earraí tionsclaíocha a tháirgeadh.
Cuirtear in iúl sna conclúidí ón gComhairle gur díol sásaimh í an straitéis bhithgheilleagair, ina n-aithnítear an acmhainneacht mhór a bhaineann le rannchuidiú an bhithgheilleagair le hábhair agus táirgí iontaisebhunaithe a ionadú, poist a chruthú agus leis an aistriú domhanda chuig tionscail ghlana a stiúradh.
Cuirtear treoir pholaitiúil ar fáil sna conclúidí freisin maidir leis an straitéis a thabhairt chun cinn, agus béim á leagan ar iomaíochas, nuálaíocht agus infheistíochtaí chun réitigh bhithbhunaithe a bhogadh ón tsaotharlann go dtí an cur in úsáid, agus chun an comhshaol, an tslándáil bia agus cothú a chosaint freisin.
Rinne na hairí comhshaoil machnamh ar conas feabhas a chur ar chomhar straitéiseach an Aontais agus conas seasamh an Aontais sa chaibidlíocht dhomhanda maidir leis an gcomhshaol a neartú i dtimpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú, agus ar na modhanna agus na huirlisí a d’fhéadfaí a úsáid chuige sin, tá taidhleoireacht atá dírithe ar an eolaíocht, dea-shampla a thabhairt le cur chun feidhme láidir a dhéanamh laistigh den Aontas, comhghuaillíocht a fhorbairt, comhordú inmheánach níos fearr a dhéanamh agus acmhainní an Aontais a úsáid go straitéiseach.
Lón neamhfhoirmiúil maidir leis an gcaibidlíocht idirnáisiúnta i ndáil leis an aeráid
Le linn an lóin, phléigh na hairí an bealach chun cinn sa chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid, mar obair leantach ar na seisiúin tuairimíochta a bhí ag na hairí le linn na Comhairle neamhfhoirmiúla a bhí ar siúl sa Chipir go luath i mí Feabhra.
Sa chomhthéacs sin, chuir siad tús le hullmhúcháin shubstainteacha don chéad COP eile, a bheidh ar siúl i mí na Samhna mar chéad chéim i dtreo phríomhthosaíochtaí an Aontais a bhunú, ar nós maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó agus eolaíocht láidir aeráide, chomh maith le díriú ar ghníomhaíochtaí for-rochtana. Is é Uachtaránacht na Cipire a thionscnaigh agus a chomhordaigh an próiseas sin agus cuirfidh Uachtaránacht inteachta na hÉireann chun cinn é.
Le linn an chruinnithe, cuireadh na hairí ar an eolas freisin maidir leis na hábhair seo a leanas:
Thug Uachtaránacht na Cipire agus an Coimisiún tuairisc ar an 12ú seisiún iomlánach den Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES-12) a tionóladh i Manchain, an Ríocht Aontaithe, an 3-8 Feabhra 2026.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Ostair, an tSeicia, an Eastóin, an Fhrainc, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Phortaingéil agus an tSlóvaic na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme Rialachán ÚTAÚTF san Aontas Eorpach.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Bhí pointe faisnéise ag an mBeilg, ag an tSeicia, ag an bhFrainc, ag Éirinn, ag an Laitvia agus ag an tSlóvaic, le tacaíocht ó Lucsamburg, maidir le dlús a chur le nósanna imeachta deonaithe ceadanna, mar aon le glao ar chur chuige trasearnála cuimsitheach mar chuid den omnibus comhshaoil.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Rinne an Fhrainc tuairisciú ar chlaochlú Mercator Ocean ina eagraíocht idir-rialtasach, agus d’iarr sí ar na Ballstáit coinbhinsiún bunaitheach na heagraíochta idir-rialtasaí a shíniú go tapa.
Tharraing an Bheilg aird na n-airí ar na príomhphrionsabail ar ar a mbonn a dhéanfar creat cothrom éifeachtach de Chreat an Aontais um athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Chuir an Liotuáin, le tacaíocht ón Eastóin, ón Laitvia agus ón bPolainn, na hairí ar an eolas faoi na himpleachtaí comhshaoil agus sábháilteachta a bhaineann le gléasra cumhachta núicléiche na Bealarúise in Ostrovets.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.