- An Chomhairle Comhshaoil
An Chomhairle Comhshaoil, 18 Meán Fómhair 2025
Na príomhthorthaí
Sprioc aeráide 2040
Bhí díospóireacht bheartais ag airí comhshaoil an Aontais maidir leis an leasú atá beartaithe ar an dlí aeráide Eorpach, lena leagtar síos sprioc cheangailteach maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú 90% faoi 2040 i gcomparáid le leibhéil 1990. Is céim idirmheánach é sin i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
Ba é cuspóir na díospóireachta athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn na caibidlíochta maidir leis an leasú agus treoir bhreise a chur ar fáil maidir leis an mbealach chun cinn.
Chomh maith le sprioc 2040 a leagan síos, leagtar amach sa togra príomhghnéithe, mar shampla solúbthachtaí nua ar cheart don Choimisiún Eorpach iad a léiriú ina thograí maidir le creat beartais iar-2030 chun cur ar chumas na mBallstát sprioc 2040 a bhaint amach.
Chun an plé a threorú, d’ullmhaigh Uachtaránacht na Danmhairge tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le staid na himeartha i ndáil leis an bplé leanúnach ar an leasú atá beartaithe ar an dlí aeráide. Leagadh béim sa tuarascáil ar a thábhachtaí atá an dul chun cinn suntasach atá déanta maidir leis na solúbthachtaí agus na leasuithe atá beartaithe ar an téacs ón gCoimisiún a shoiléiriú, mar shampla chun cuntas níos fearr a thabhairt ar imthosca náisiúnta agus chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le hiomaíochas thionscail na hEorpa agus leis an riosca sceite carbóin. Mhol an Uachtaránacht freisin go neartófaí an clásal athbhreithnithe atá ann cheana ar an dlí aeráide Eorpach.
Tar éis dóibh an tuarascáil a thabhairt dá n-aire, ghlac na hairí páirt i ndíospóireacht chuiditheach inar mheas siad an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo agus inar thug siad treoir bhreise maidir leis an obair atá le déanamh amach anseo. D’athdhearbhaigh siad a thábhachtaí atá sé sprioc idirmheánach 2040 a leagan síos ar an mbealach i dtreo na haeráidneodrachta. D’aithin na hairí freisin an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo agus chuir siad a dtuairimí in iúl maidir le saincheisteanna éagsúla atá fós gan réiteach, mar shampla an ról a bheidh ag creidmheasanna idirnáisiúnta carbóin agus linnte carbóin nádúrtha amach anseo i gcomhthéacs an sprioc atá beartaithe do 2040. Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá creat cumasúcháin láidir chun tacú leis an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta.
- Breathnaigh ar an seisiún poiblí
- Tuarascáil ar dhul chun cinn ó Uachtaránacht na Danmhairge
- Togra chun an dlí aeráide Eorpach a leasú (an Coimisiún Eorpach)
- An Dlí Aeráide Eorpach
- An t-athrú aeráide: a bhfuil ar bun ag an Aontas (eolas cúlra)
- Oiriúnach do 55 (eolas cúlra)
Ráiteas intinne i bhfianaise thíolacadh NDC
D’fhormheas na hairí freisin ráiteas intinne maidir le rannchuidiú iar-2030 an Aontais arna chinneadh go náisiúnta (NDC). Leagtar amach sa ráiteas rún an Aontais NDC a thíolacadh roimh COP30 le sprioc tháscach 2035 i raon idir 66.25% agus 72.5% maidir le hastaíochtaí a laghdú, bunaithe ar reachtaíocht agus spriocanna aeráide an Aontais atá ann cheana agus ar an sprioc atá beartaithe do 2040 atá á gcaibidil faoi láthair.
Cuirfear an ráiteas intinne in iúl do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) ach ní hé NDC oifigiúil an Aontais. Cuirtear in iúl sa ráiteas go ndearbhaíonn an tAontas go hiomlán a thiomantas do Chomhaontú Pháras agus dá spriocanna, agus go bhfuil sé d’aidhm aige NDC nuashonraithe a thíolacadh roimh COP30 (10-21 Samhain 2025).
- Ráiteas intinne ón Aontas i bhfianaise aighneacht ón Aontas maidir le NDC arna chur faoi bhráid UNFCCC
- Comhaontú Pháras: ráiteas intinne curtha faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) maidir le NDC iar-2030 (preaseisiúint, an 18 Meán Fómhair 2025)
- Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide (eolas cúlra)
- Gníomhú domhanda ar son na haeráide (eolas cúlra)
- Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (NDCanna) (suíomh gréasáin UNFCCC)
Míreanna eile (míreanna A)
D’fhormheas an Chomhairle seasamh an Aontais maidir leis an gcaibidlíocht atá ar na bacáin leis an Moldóiv chun rochtain ar an margadh a mhéadú do roinnt onnmhairí talmhaíochta nach bhfuil léirscaoilte go fóill.
Ghlac an Chomhairle cinneadh freisin lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe agus le Ceanada maidir lena rannpháirtíocht in ionstraim iasachta cosanta SAFE dar luach €150 billiún.
Ghlac an Chomhairle leasuithe freisin ar na rialacháin atá ann cheana chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin straitéiseacha atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn agus a bhaineann leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarmaar bheartas comhtháthaithe an Aontais.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Comhaontú Pháras: Ráiteas intinne curtha ag an Aontas faoi bhráid UNFCCC maidir le NDC tar éis 2030 - 18/09/2025
An Mholdóiv: bearta déanta ag an Aontas chun deireadh a chur le dleachtanna custaim i gcás seacht dtáirge talmhaíochta - 18/09/2025
Infheistíocht i réimse na cosanta: caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe agus le Ceanada údaraithe ag an gComhairle maidir lena rannpháirtíocht in SAFE - 18/09/2025
Athbhreithniú meántéarma ar an mbeartas comhtháthaithe: Dlíthe nua glactha ag an gComhairle chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn - 18/09/2025
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Peristera Dimopoulou Press officer
- +32 471 33 53 26
- +32 2 281 61 56
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #ENVI
Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 22 Meán Fómhair 2025