Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 21 Deireadh Fómhair 2025

Na Príomhthorthaí

Comhdháil COP30 maidir leis an athrú aeráide

D’fhormheas airí comhshaoil agus aeráide an Aontais conclúidí ón gComhairle maidir leis an obair ullmhúcháin do chomhdháil 2025 na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP30), a bheidh ar siúl in Belém na Brasaíle, ón 10 go dtí an 21 Samhain 2025. Is iad na conclúidí a bheidh ina mbunús do sheasamh caibidlíochta ginearálta an Aontais ag COP30.

Is é COP na bliana seo comóradh deich mbliana Chomhaontú Pháras. Roimh COP30, meastar go roinnfidh na páirtithe a ngealltanais nua maidir leis an aeráid, lena léireofar an bhfuil teorainn teochta Chomhaontú Pháras 1.5ºC fós insroichte nó nach bhfuil. Sna conclúidí uaithi, leagann an Chomhairle béim ar a mheáite atá sí ar chomhar iltaobhach aeráide agus leagann sí amach tosaíochtaí an Aontais roimh COP30, agus béim á leagan aici ar an bpráinn a bhaineann le gníomhú domhanda ar son na haeráide.

<p>Lars Aagaard, Aire Fuinnimh, Aeráide agus Fóntas na Danmhairge</p>

Inniu, tá sainordú láidir Eorpach ag an Aontas do COP30. Ní mór dúinn Belém a fhágáil le conair shoiléir ionas go mbeimid in ann an cuspóir 1.5 céim Celsius a bhaint amach. Tá an t-athrú aeráide anseo, agus ní mór dúinn gníomhú agus oiriúnú gan a thuilleadh moille. Is é NDC an Aontais agus an Dlí Aeráide an chéad chéim eile, agus táimid réidh le leanúint ar aghaidh tar éis an phlé straitéisigh idir cinn stáit agus rialtais na hEorpa.

<p>Lars Aagaard, Aire Fuinnimh, Aeráide agus Fóntas na Danmhairge</p>

Lars Aagaard, Aire Fuinnimh, Aeráide agus Fóntas na Danmhairge

Athdhearbhaíonn an tAontas go bhfuil sé tiomanta an t-ardú teochta domhanda a choinneáil ag 1.5ºC agus iarrann sé go mbeadh toradh tiomnaithe ann ag COP30, chun aghaidh a thabhairt ar leibhéal comhchoiteann na huaillmhéine agus an chur chun feidhme. Ina theannta sin, iarrtar sna conclúidí go gcuirfí feabhas ar iarrachtaí maidir le hoiriúnú, agus leagtar béim ara thábhachtaí atá sé maoiniú don troid i gcoinne an athraithe aeráide a shlógadh i gcomhréir leis an sprioc nua chainníochtaithe chomhchoiteann a glacadh ag COP29 i mBaki ó raon leathan ranníocóirí. Leagann sé béim ar an ngá atá le hacmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú faoi thrí ar fud an domhain agus meánráta bliantúil domhanda na bhfeabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhúbailt faoi 2030, mar aon le dlús a chur le teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus ísle agus deireadh a chur de réir a chéile le táirgeadh agus ídiú fuinnimh breosla iontaise ar fud an domhain.

Straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce

Ghlac na hairí conclúidí freisin maidir leis an straitéis Eorpach maidir le hathléimneacht i réimse an uisce, a d’eisigh an Coimisiún Eorpach i mí an Mheithimh 2025.

Is é is aidhm don straitéis timthriall an uisce a athbhunú agus a chosaint agus, ag an am céanna, geilleagar inbhuanaithe, athléimneach, iomaíoch agus ciorclach atá cliste ó thaobh an uisce de a chruthú, agus rochtain ar uisce sábháilte inacmhainne a chinntiú. Leagtar amach sa straitéis bealach chun an Eoraip a dhéanamh athléimneach ó thaobh uisce de, lena n-áirítear trí dhul i ngleic le ganntanas uisce trí éifeachtúlacht mhéadaithe uisce.

<p>Magnus Heunicke, Aire comhshaoil agus comhionannais inscne na Danmhairge</p>

Tá acmhainní uisce agus aigéin na hEorpa faoi bhrú méadaitheach mar gheall ar thruailliú, ar dhramhaíl agus ar an athrú aeráide. Is í an Eoraip an mhór-roinn is tapúla atá ag téamh ar domhan, agus tá sí ag dul i ngleic le triomaigh, tuilte agus ganntanas uisce ar bhonn níos minice ná riamh. Níl aon teorainn leis na dúshláin sin – teastaíonn gníomhaíocht láidir aontaithe Eorpach chun déileáil leo. Leis an dul chun cinn atá déanta againn inniu i ndáil leis an Straitéis maidir le hathléimneacht i réimse an uisce agus an Comhshocrú um an Aigéan, táimid ag cur dlús leis na hiarrachtaí comhpháirteacha chun ár bhfionnuisce agus ár n-aigéin a chosaint trí chur chuige níos comhordaithe agus níos iomlánaíche lena gcosnófar an aeráid, an bhithéagsúlacht agus na glúnta atá le teacht.

<p>Magnus Heunicke, Aire comhshaoil agus comhionannais inscne na Danmhairge</p>

Magnus Heunicke, Aire comhshaoil agus comhionannais inscne na Danmhairge

Sna conclúidí uaithi, ba dhíol sásaimh don Chomhairle an straitéis, agus béim á leagan aici ar a phráinní atá sé timthriall an uisce a athbhunú agus a chosaint, feabhas a chur ar an mbonneagar uisce agus rochtain chothrom ar uisce a chinntiú. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá athléimneacht uisce i ngach earnáil, sa nuálaíocht, agus i gcomhar agus comhordú trasteorann. Leagann siad béim ar a phráinní atá sé dul i ngleic le truailleáin ag an bhfoinse chun uisce na hEorpa a chosaint.

Leagtar béim sna conclúidí freisin ar ról straitéiseach na slándála uisce maidir le hiomaíochas, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus comhar domhanda an Aontais. Leag an Chomhairle béim ar a thábhachtaí atá sé maoiniú leordhóthanach inrochtana a chinntiú chun an clár oibre maidir le hathléimneacht uisce a chur chun feidhme.

An Comhshocrú Eorpach um an aigéan

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí comhshaoil maidir leis an gComhshocrú Eorpach um an aigéan, ar tionscnamh é a sheol an Coimisiún Eorpach chun beartas aigéin an Aontais a neartú i 6 réimse tosaíochta, ina measc, an tsláinte mhuirí a athbhunú, borradh a chur faoin ngeilleagar gorm, tacú le pobail chósta agus feabhas a chur ar an tslándáil mhuirí.

Leag na hairí béim ar an ngá atá le gníomhaíocht níos láidre agus níos comhleanúnaí chun an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint agus a athbhunú. Ba dhíol sásaimh dóibh cur chuige iomlánaíoch an chomhshocraithe lena nasctar sláinte na n-aigéan, an geilleagar gorm agus pobail chósta, agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé reachtaíocht agus creataí rialachais an Aontais atá ann cheana a ailíniú.

Tugadh tacaíocht ghinearálta don athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus sainaithníodh gur deis thábhachtach é chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo dea-stádas comhshaoil a bhaint amach in uiscí mara an Aontais. Thug na hairí dá n-aire gur gá an treoir a chur chun feidhme ar bhealach níos comhleanúnaí agus d’áitigh siad go ndéanfaí timthriallta tuairiscithe a chuíchóiriú chun ualaí riaracháin a laghdú, chomh maith le hailíniú níos fearr le beartais eile de chuid an Aontais agus breithnithe maidir leis an athrú aeráide a chomhtháthú. Leag na hairí béim freisin ar an ngá atá le cistiú tiomnaithe, le truailliú a mhaolú ag an bhfoinse ar bhealach níos fearr agus le bainistiú níos fearr a dhéanamh ar limistéir mhuirí.

Aon ghnó eile

Chuir Uachtaránacht na Danmhairge agus an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoi thrí chruinniú idirnáisiúnta a bhí ann le déanaí:

  • an tríú seisiún atosaithe den mheitheal oscailte ad hoc i ndáil le painéal maidir le beartas eolaíochta (SPP OEWG 3.2) agus cruinniú idir-rialtasach a bhí ar siúl ina dhiaidh sin (SPP IM) maidir le bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola
  • an 15ú cruinniú de chomhdháil na bpáirtithe conarthacha (COP15) i gcoinbhinsiún Ramsar um bogaigh
  • an dara cuid den chúigiú seisiún den choiste caibidlíochta idir-rialtasach (INC-5.2) chun ionstraim cheangailteach idirnáisiúnta maidir le truailliú plaisteach a fhorbairt

Ina theannta sin, chuir an Coimisiún a thuarascáil bhliantúil maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú i láthair.

Chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil do na hairí freisin maidir leis an méid seo a leanas:

  • an togra le déanaí chun athbhreithniú a dhéanamh ar rialachán an Aontais maidir le dífhoraoisiú
  • an pacáiste tograí atá ar na bacáin maidir leis an gcóras nua trádála astaíochtaí le haghaidh iompar de bhóthar agus breoslaí tógála (CTA2)

Chuir an Chipir na hairí ar an eolas faoi na tionscnaimh agus na huirlisí éagsúla atá forbartha aici chun geilleagar ciorclach na tíre a neartú agus chun cur chun feidhme an gheilleagair sin a éascú.

Chuir an Liotuáin agus Ballstáit eile na hairí ar an eolas faoi pháipéar leathoifigiúil maidir leis an scáthchabhlach agus na bagairtí práinneacha ar an muirthimpeallacht a bhaineann leis.

Chuala na hairí ón tSeicia, le tacaíocht ó Bhallstáit eile, faoin gclár oibre comhshaoil i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2028-2034.

Chuir an tSualainn na hairí agus an Coimisiún ar an eolas faoin ngá atá leis an gcreat REACH maidir le ceimiceáin a nuachóiriú.

Chuir an Fhrainc agus an Spáinn na hairí ar an eolas freisin maidir le caighdeáin astaíochtaí CO2 d’fheithiclí saothair éadroim, agus chuir siad i dtábhacht go háirithe go bhfuil sé ríthábhachtach na spriocanna maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh faoi 2035 chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

Bhí lón neamhfhoirmiúil ag na hairí ag ar pléadh na hullmhúcháin don chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol ag an seachtú seisiún de Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA-7) i mí na Nollag 2025 in Nairobi, sa Chéinia, agus ag próiseas an choiste caibidlíochta idir-rialtasaigh maidir le truailliú plaisteach.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 24 Deireadh Fómhair 2025