Skip to content
  • An Chomhairle Comhshaoil

An Chomhairle Comhshaoil, 16 Nollaig 2025

Na príomhthorthaí

Comhshaol na hEorpa 2030

D’fhormheas airí comhshaoil an Aontais conclúidí maidir le ‘Comhshaol na hEorpa 2030 – Eoraip níos ciorclaí agus níos athléimní a thógáil’.

Ag tógáil ar athbhreithniú meántéarma 2024 ar an 8ú clár gníomhaíochta don chomhshaol (8CGC) agus ar an tuarascáil is déanaí maidir le staid chomhshaol na hEorpa, a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, leag na hairí béim ar a phráinní atá sé athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn, agus aitheantas á thabhairt d’idirnascacht an dá shaincheist maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide agus comhshaoil, mar shampla truailliú, cailliúint na bithéagsúlachta agus ganntanas acmhainní.

<p>Magnus Heunicke, Aire Comhshaoil na Danmhairge</p>

Tráth a bhfuil cláir oibre phráinneacha slándála agus cosanta ann, ní mór a athdhearbhú gur gá an comhshaol a chosaint agus a mhéid a chuireann an chosaint sin le hathléimneacht níos fearr san Aontas. Níl aon amhras ach go bhfuil athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide ar cheann de dhúshláin mhóra ár linne. Bíonn tionchar díreach ag tuilte agus/nó ag creimeadh cósta ar na milliúin saoránach san Eoraip, rud a fhágann gur gá gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh ar fud an Aontais. Tá an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach ar cheann de na dúshláin mhóra atá roimh an Aontas. Tá gá le margadh neartaithe d’ábhair thánaisteacha, le níos mó maoirseachta ar ardáin ar líne, agus ní mór dúinn an tAontas a chosaint ar iomaíocht éagórach ó thríú tíortha.

<p>Magnus Heunicke, Aire Comhshaoil na Danmhairge</p>

Magnus Heunicke, Aire Comhshaoil na Danmhairge

Straitéis an Aontais i dtaobh an bhithgheilleagair

Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí freisin maidir le straitéis bhithgheilleagair an Aontais, mar a thíolaic an Coimisiún Eorpach le déanaí. Tagraíonn ‘bithgheilleagar’ d’úsáid acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite (bithmhais) ón talamh agus ón bhfarraige, mar shampla barra, táirgí foraoise, éisc, ainmhithe agus miocrorgánaigh, chun bia, ábhair agus fuinneamh a tháirgeadh.

Agus luach suas le €2.7 trilliún air in 2023 agus os cionn 17 milliún duine fostaithe ann ar fud an Aontais, tá an bithgheilleagar ríthábhachtach d’aistriú na hEorpa chuig geilleagar glan iomaíoch agus dá neamhspleáchas straitéiseach. Is é is aidhm don straitéis leas a bhaint as acmhainneacht an bhithgheilleagair trí acmhainní bitheolaíocha in-athnuaite ón talamh agus ón bhfarraige a ghiaráil, nuálaíocht bhithbhunaithe a mhéadú agus spleáchas ar allmhairí iontaise a laghdú.

<p>Jeppe Bruus, Aire Aistrithe Ghlais na Danmhairge</p>

Agus na dúshláin atá roimhe ag méadú, mar atá an t-athrú aeráide, ídiú acmhainní, agus níos mó iomaíochta ar bhonn domhanda, ní mór don Aontas, mar ábhar práinne, dlús a chur lena aistriú i dtreo bithgheilleagar inbhuanaithe, nuálach agus ciorclach. Tá sé thar a bheith tábhachtach fíorghníomhaíocht ar an láthair a dhéanamh anois, bunaithe ar straitéis bhithgheilleagair an Choimisiúin, chun go bhfíorófar an fhís maidir le bithgheilleagar iomaíoch, athléimneach agus inbhuanaithe a thógáil san Aontas faoi 2040.

<p>Jeppe Bruus, Aire Aistrithe Ghlais na Danmhairge</p>

Jeppe Bruus, Aire Aistrithe Ghlais na Danmhairge

Ba dhíol sásaimh do na hairí an straitéis mar chreat cuimsitheach tráthúil chun feabhas a chur ar úsáid éifeachtúil acmhainní an Aontais, chun tacú leis an dlús agus leis an aistriú chuig bithgheilleagar inbhuanaithe, agus rannchuidiú ag an am céanna le haeráidneodracht, fás, iomaíochas agus cruthú post, i gceantair thuaithe agus chósta san áireamh.

Leag na hairí béim ar an ngá atá le foinsiú inbhuanaithe agus infhaighteacht bithmhaise a chinntiú san fhadtéarma, agus sláinte éiceachórais, bithéagsúlacht agus úsáidí iomaíocha á gcur san áireamh, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le huathriail straitéiseach an Aontais a choinneáil ar bun. Leag na hairí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé slabhraí luacha áitiúla a shlógadh agus a chinntiú go gcuirfidh an bithgheilleagar tairbhí nithiúla ar fáil do phobail áitiúla, agus comhordú níos láidre á iarraidh ag an am céanna ar fud na mbeartas agus na leibhéal rialachais agus mar aon le comhpháirtíochtaí domhanda.

Ardaíodh rochtain chothrom leordhóthanach ar roghanna maoiniúcháin agus ar nuálaíochtaí teicneolaíochta ar fud Bhallstáit an Aontais le linn an phlé freisin. Ina theannta sin, dhírigh na hairí ar a riachtanaí atá cur chun feidhme éifeachtach lena gcloífí leis an uaillmhian atá sa straitéis agus bacainní iomarcacha riaracháin á seachaint ag an am céanna, go háirithe d’oibreoirí beaga agus meánmhéide.

Gnó eile

Thug Uachtaránacht na Danmhairge, i gcomhar leis an gCoimisiún, tuairisc ar shé chruinniú idirnáisiúnta a bhí ann le déanaí:

  • an 37ú cruinniú de na Páirtithe i bPrótacal Montréal (MOP37) (Nairobi, an Chéinia, an 3 go dtí an 7 Samhain)
  • an 6ú comhdháil de na páirtithe (COP 6) i gCoinbhinsiún Minamata maidir le mearcair (an Ghinéiv, an Eilvéis, an 3 go dtí an 7 Samhain)
  • an 30ú comhdháil de na páirtithe (COP 30) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (Belém, an Bhrasaíl, an 10 go dtí an 21 Samhain)
  • an 8ú cruinniú de na páirtithe (MOP 8) i gCoinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (an Ghinéiv, an Eilvéis, an 17 go dtí an 21 Samhain)
  • an 20ú comhdháil de na páirtithe (CITES COP 20) sa Choinbhinsiún maidir le trádáil idirnáisiúnta i speicis fána agus flóra fiáine i mbaol (Samarkand, an Úisbéiceastáin, an 24 Samhain go dtí an 5 Nollaig)
  • an 7ú seisiún de Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEA-7) (Nairobi, an Chéinia, an 8 go dtí an 12 Nollaig)

Chuala na hairí ón gCoimisiún freisin faoin dul chun cinn atá déanta ag misin an Aontais maidir le cathracha aeráidneodracha cliste agus maidir le hoiriúnú don athrú aeráide faoin gclár Fís Eorpach.

Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi na tograí uaidh a foilsíodh le déanaí chun intuarthacht praghsanna a mhéadú agus chun tús áite a thabhairt d’ioncam CTA2.

Chuir an Coimisinéir um an gComhshaol, Jessika Roswall, a tuarascáil bhliantúil maidir le simpliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú i láthair. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún an pacáiste maidir le simpliú na mbeartas comhshaoil a tíolacadh le déanaí i láthair freisin.

Chuir an Pholainn na hairí ar an eolas faoin sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (SCCT) agus faoin gcaoi ar féidir leis difear a dhéanamh d’allmhairí leictreachais teicniúla neamhthráchtála ón Úcráin chuig Ballstáit an Aontais.

Chuir an Ostair faisnéis ar fáil maidir leis na contúirtí a bhaineann le ceallraí litiam agus an fhéidearthacht agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córas taisce ceallraí uile-Aontais a thabhairt isteach.

Chuir an Bheilg faisnéis ar fáil maidir leis an bhfaireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí a neartú i margadh an Aontais.

Chuala na hairí ón bhFrainc agus ó Bhallstáit eile freisin faoin ngéarghá atá le gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach maidir leis na héifeachtaí comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaineann le faisean fíorthapa.

Chuir an Ísiltír agus an Fhrainc na hairí ar an eolas faoin athbhreithniú tráthúil ar an treoir maidir le hearraí piriteicniúla.

Chuir an Chipir a clár oibre i láthair mar uachtaránacht inteachta na Comhairle.

Le linn an lóin, bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí maidir leis na hinfheistíochtaí comhshaoil chun spriocanna comhshaoil a bhaint amach.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Comhshaoil

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 17 Nollaig 2025