- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 14 Meitheamh 2022
Na príomhthorthaí
Spás Eorpach Sonraí Sláinte
Bhí plé ag an gComhairle i ndáil leis an togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte.
Is colún riachtanach d’Aontas Sláinte na hEorpa é an togra seo le haghaidh Rialacháin, a ghlac an Coimisiún Eorpach an 3 Bealtaine 2022. Is é is aidhm dó éascaíocht a dhéanamh d’othair rochtain a fháil ar a gcuid sonraí sláinte i bhfoirm leictreonach agus éascaíocht a dhéanamh na sonraí sin a roinnt le gairmithe sláinte san Aontas. Is é is aidhm dó freisin cead a thabhairt do thaighdeoirí, d’údaráis tionsclaíochta agus d’údaráis phoiblí na sonraí sin a athúsáid, i dtimpeallacht shlán agus faoi choinníollacha dochta.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an togra le haghaidh Rialacháin lena gcuirfear creat dlíthiúil cobhsaí ar fáil, a luaithe a ghlacfar é, chun malartú sonraí sláinte laistigh den Aontas a éascú, lena bhféadfar, inter alia, earnáil an chúraim sláinte a dhéanamh níos éifeachtúla agus an taighde eolaíoch a chur chun cinn. Mar sin féin, thug siad dá n-aire na saincheisteanna íogaire a eascraíonn as an togra seo, amhail slándáil agus cosaint sonraí agus an gá atá le réimse muiníne a fhorbairt ar mhaithe le cách.
Athbhreithniú ar straitéis sláinte domhanda an Aontais
Phléigh airí sláinte an Aontais straitéis sláinte domhanda an Aontais. I bhfianaise a bhfuil tarlaithe le déanaí – lena n-áirítear paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim sláinte agus dhaonnúil mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin – is cosúil nach mór nuashonrú a dhéanamh ar an straitéis reatha atá ann ón mbliain 2010 i leith.
An 19 Bealtaine 2022, d’fhógair an Coimisiún go seolfaí próiseas chun straitéis sláinte dhomhanda nua de chuid an Aontais a fhorbairt.
Ba dhíol sásaimh do na hairí an cinneadh tús a chur leis an bpróiseas athbhreithnithe. Leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann leis an straitéis sin maidir le tosaíochtaí sláinte domhanda an AE a athshainiú, amhail córais sláinte a neartú, ullmhú do ghéarchéimeanna sláinte agus freagairt dóibh agus cur chuige na hAon Sláinte Amháin a chur chun cinn. D’iarr na hairí freisin go neartófaí an tionchar atá ag an Aontas ar an tsláinte ar an leibhéal idirnáisiúnta agus go ndéanfaí comhordú idir gníomhaithe ábhartha an Aontais.
Na dúshláin atá le teacht maidir le straitéis vacsaínithe COVID-19 AE
Le linn malartú neamhfhoirmiúil, phléigh na hairí na dúshláin atá le teacht maidir le straitéis vacsaínithe COVID-19 AE, ó thaobh vacsaíní a fháil ar an leibhéal Eorpach agus ó thaobh dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta de.
Gnó eile
Chuir Uachtaránacht na Fraince na toscaireachtaí ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le dréachtrialachán maidir le bagairtí trasteorann thromchúiseacha ar shláinte.
Tá eolas curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach faoi chur chun feidhme na rialachán maidir le feistí leighis agus maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte.
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas freisin faoi bhagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn (cásanna mór heipitítis agus an bolgach moncaí i bpáistí), chomh maith leis an staid sláinte agus daonnúil san Úcráin (go háirithe maidir leis an aslonnú leighis agus an tacaíocht sláinte don Úcráin).
Phléigh toscaireachtaí na Beilge, na hÍsiltíre, Lucsamburg, na hOstaire agus na hÉireann an iontráil sa mhargadh san Eoraip do dhrugaí, lena n-áirítear bearnaí san fhianaise agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann.
Chuir toscaireachtaí na Bulgáire, na Cróite, na hEastóine, na hUngáire, na Laitvia, na Liotuáine, na Polainne, na Rómáine, na Slóvaice agus na Slóivéine an Chomhairle ar an eolas faoina litir chomhpháirteach chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le forálacha na gconarthaí le haghaidh vacsaíní COVID-19 a cheannach.
Ar deireadh, chuir Uachtaránacht inteachta na Seice faisnéis ar fáil faoina clár oibre.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025