Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Físchomhdháil neamhfhoirmiúil na n-airí sláinte, 15 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig na hairí sláinte le chéile le haghaidh físchomhdháil neamhfhoirmiúil chun teacht ar chomhaontú maidir le freagairt chomhordaithe agus chuimsitheach ón Aontas ar iarmhairtí sláinte an chogaidh san Úcráin.

Beidh tionchar suntasach ar na Ballstáit, go háirithe ar a gcórais sláinte agus, ar an gcéad dul síos, ar na tíortha atá ar theorainn na hÚcráine, ag an nglacadh gan fasach le dídeanaithe agus daoine easáitithe, ag aslonnú míochaine agus ag cúram daoine a gortaíodh sa chogadh agus daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu.

Mheabhraigh na hairí sláinte an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte a ráthaítear leis an Treoir um Chosaint Shealadach. Tá sé níos tábhachtaí fós do na daoine seo go gcuirfear na cearta sin chun feidhme go hiomlán i bhfianaise éifeachtaí an chogaidh ar a sláinte mheabhrach agus choirp. Gortaíodh cuid acu nó tá galair ainsealacha nó throma orthu.

Thagair na hairí do ghníomhaíochtaí a rinne údaráis phoiblí, institiúidí sláinte, gairmithe sláinte agus an tsochaí shibhialta eagraithe sna tíortha éagsúla lena gcumasófar freagairtí éigeandála nó freagairtí níos fadtéarmaí. Is sa chomhthéacs sin a bhreithnigh na hairí sláinte conas cúram leighis na ndaoine sin a áirithiú agus conas ullmhú, ón lá inniu, do fhreagairtí ar an dúshlán sláinte agus daonna seo atá gan fasach.

Ba dhíol sásaimh do na hairí bunú sásra dlúthpháirtíochta an Aontais chun aslonnuithe leighis a éascú do dhaoine a bhfuil gá acu le cóireáil agus cúram ospidéil speisialaithe. Chomhaontaigh na hAirí freisin go háirithe ar an ngá atá le tosaíocht a thabhairt do leanaí breoite agus aslonnú leighis dídeanaithe á dhéanamh, trína áirithiú go mbeidh a dteaghlaigh timpeall orthu i gcónaí, le cumais ghlactha maidir le cúram géar do dhídeanaithe a thabhairt cothrom le dáta i bhfíor-am d’fhonn leanúnachas cúraim a áirithiú, le machnamh a dhéanamh ar mhodhanna iompair na ndaoine a bhfuil aslonnú leighis de dhíth orthu d’fhonn freastal ar riachtanais atá bunaithe ar scála na staide agus le machnamh a dhéanamh ar ospidéil shealadacha a imscaradh sa Pholainn chun aslonnú na n-othar de réir a bpaiteolaíochtaí a éascú.

Olivier Véran, Aire Dlúthpháirtíochta agus Sláinte na Fraince
Seasann an Eoraip leis na milliúin dídeanaithe ón Úcráin. Tá ceart rochtana ar chúram sláinte ráthaithe ag an Aontas dóibh. Ní mór dúinn ár ngníomhaíochtaí a chomhordú agus oibríochtaí a chur ar bun chun cóireáil a chur, go háirithe, orthu siúd a bhfuil tinneas ainsealach orthu agus atá an-tinn agus is féidir leo brath ar ár ndlúthpháirtíocht. Ach tacóidh Ballstáit an Aontais le chéile freisin le cinntiú gur féidir leis na córais sláinte déileáil leis na dúshláin seo.
Olivier Véran, Aire Dlúthpháirtíochta agus Sláinte na Fraince
Olivier Véran, Aire Dlúthpháirtíochta agus Sláinte na Fraince

Ag croílár an phlé bhí an chóir leighis a chuirtear ar dhídeanaithe atá thíos le tinnis ainsealacha agus géarthinnis sna stáit teorann nó sna Ballstáit a bhfuil dídeanaithe agus daoine a easáitíodh mar thoradh ar an gcogadh á n-óstáil acu. Phléigh na hairí freisin teacht aniar chórais sláinte Bhallstáit uile an Aontais, a buaileadh go trom cheana féin le géarchéim Covid-19 agus a bhfuil géarchéim shláinte nua - a d’fhéadfadh maireachtáil níos faide - rompu anois.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025