Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 14 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Phléigh an Chomhairle an staid san Úcráin agus na bearta tacaíochta airgeadais a comhaontaíodh ar an leibhéal Eorpach maidir le glacadh le dídeanaithe.

Ghlac an Chomhairle cur chuige ginearálta freisin i ndáil le dréacht-treoir maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí. D'fhormheas na hairí freisin conclúidí maidir le tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis an dífhostaíocht fhadtéarmach, ghlac siad an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2022 agus d'fhormhuinigh siad conclúidí maidir leis an Straitéis Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe agus an Tuarascáil Chomhpháirteach don Fhostaíocht 2022.

Ghlac na hairí páirt in dhá dhíospóireacht bheartais a bhí dírithe ar rannchuidiú le cumas iomlán fostaíochta an Aontais a fhíorú; an t-idirdhealú a chomhrac maidir le rochtain ar fhostaíocht agus maidir le héagsúlacht a chur chun cinn i saol na hoibre a pléadh ar dtús agus, ina dhiaidh sin, bhí díospóireacht acu maidir le rannpháirtíocht iomlán daoine scothaosta i margadh an tsaothair.

An Úcráin

Daoine a easáitíodh mar gheall ar an gcoinbhleacht san Úcráin, ní mór dóibh a bheith in ann tairbhe a bhaint as cúnamh glactha agus tacaíochta, as rochtain ar mhargadh an tsaothair agus ar thithíocht, chomh maith le tacaíocht shóisialta, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Bhí malartú tuairimí ag na hairí tar éis don Choimisiún a thionscnamh a chur i láthair an 8 Márta 2022. Is é is aidhm don tionscnamh seo, dar teideal CARE, athnuachan a dhéanamh ar na solúbthachtaí buiséadacha a tugadh isteach le cistí sóisialta Eorpacha in 2020 chun an cúnamh sin do dhídeanaithe a mhaoiniú.

Cothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha

Ós rud é nach mná iad ach 30.6% de chomhaltaí boird agus 8.5% de chathaoirligh boird san Aontas Eorpach, is mian leis an gComhairle dul chun cinn a dhéanamh i dtreo reachtaíocht Eorpach chun cothromaíocht inscne a fheabhsú sna comhlachtaí sin. Ag an gcruinniú a bhí acu sa Bhruiséil, chomhaontaigh na hairí a seasamh maidir leis an dréacht-treoir seo, agus leis sin, réitigh siad an bealach don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú deiridh maidir leis an téacs.

Is é is aidhm don treoir sprioc chainníochtúil a leagan síos don inscne tearcionadaithe ar bhoird na gcuideachtaí liostaithe. Sa chás nach gcomhlíonann cuideachta na cuspóirí atá leagtha síos, beidh sé de cheangal uirthi ceapacháin a dhéanamh nó toghcháin a reáchtáil do stiúrthóirí trí chritéir shoiléire, neodracha agus gan débhrí a chur i bhfeidhm.

Élisabeth Borne, Aire Saothair, Fostaíochta agus Cuimsithe Shóisialta na Fraince
Is céim thábhachtach chun cinn é comhaontú seo na Comhairle. Iarraim go gcuirfí tús leis an gcaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa gan mhoill le go nglacfar an treoir seo go críochnaitheach, rud a chuideoidh le dul i ngleic leis an tsíleáil ghloine a mbíonn ar mhná aghaidh a thabhairt uirthi go rómhinic i saol na hoibre.
Élisabeth Borne, Aire Saothair, Fostaíochta agus Cuimsithe Shóisialta na Fraince
Élisabeth Borne, Aire Saothair, Fostaíochta agus Cuimsithe Shóisialta na Fraince

An t-idirdhealú san earcaíocht a chomhrac agus an éagsúlacht i saol na hoibre a chur chun cinn

In ainneoin leabhar cuimsitheach rialacha an Aontais atá dírithe ar chóir chomhionann a chinntiú, measann os cionn 50% de shaoránaigh na hEorpa go bhfuil idirdhealú fós ann ina dtír féin. Is é is cúis go háirithe le hidirdhealú ag an obair steiréitíopaí leanúnacha, feasacht neamhleor i measc fostóirí agus oibrithe ar a n-oibleagáidí agus a gcearta agus cur chun feidhme neamhleor beart frith-idirdhealaithe. Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an ábhar sin agus phléigh siad go háirithe gníomhaíochtaí eile a bhféadfadh gá a bheith leo ar leibhéal an Aontais chun an t-idirdhealú san fhostaíocht a chomhrac. Ina theannta sin, bhí malartú acu ar an ról agus ar na modhanna ba cheart a leithdháileadh ar na húdaráis náisiúnta chun cur chun feidhme éifeachtach rialacha an Aontais a áirithiú.

Rannpháirtíocht iomlán na ndaoine scothaosta i margadh an tsaothair a chothú

Cé nach bhfuil ach 59.6% de ráta fostaíochta ann do dhaoine idir 55 agus 64 bliana d'aois (sonraí ó Eurostat), scrúdaigh na hairí na bearta a d'fhéadfadh an tAontas a ghlacadh chun a rannpháirtíocht i margadh an tsaothair agus san oiliúint a mhéadú, chomh maith leis an gcaoi lena dtimpeallacht oibre a chur in oiriúint d’fhonn iad a choinneáil i bhfostaíocht.

D’athdhearbhaigh an Uachtaránacht go raibh dhá phríomhthosca chun daoine a choinneáil ag obair ab iad cultúr na foghlama feadh an tsaoil agus infheistíocht sa tsábháilteacht agus sa tslándáil ag an obair. Chuige sin, i gCreat Straitéiseach an Aontais maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2021-2027, leagtar béim ar ngá atá leis an timpeallacht oibre agus na dálaí oibre a chur in oiriúint chun luathfhágáil ghairmiúil a chosc.

Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le tuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir leis na bearta a ghlac Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) ó 2014 chun dul i ngleic leis an dífhostaíocht fhadtéarmach. Is é conclúid na tuarascála nár oiriúnaíodh bearta CSE i gcónaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na ndaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. Iarrtar sna conclúidí, i measc pointí eile, ar na Ballstáit measúnuithe agus treoir aonair doimhne a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist a úsáideann na hacmhainní uile atá ar fáil, lena n-áirítear cláir uas-scilithe agus athoiliúna, chun cuidiú le bacainní sóisialta agus síceolaíocha a bhaint agus iad ag filleadh ar an obair.

An Seimeastar Eorpach

I gcomhthéacs Sheimeastar Eorpach 2022, ghlac an Chomhairle an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht do 2022 agus d'fhormheas sí conclúidí maidir leis an Straitéis Bhliantúil d'fhás Inbhuanaithe agus an Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht 2022. Sna conclúidí uathu, iarrann na hairí ar na Ballstáit tosaíochtaí an tSuirbhé Bhliantúil ar Fhás Inbhuanaithe agus na Tuarascála Comhpháirtí ar Fhostaíocht a chur san áireamh agus dlús a chur lena n-iarrachtaí prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme.

Aon ghnó eile

Chuir an Uachtaránacht agus an Coimisiún na toscaireachtaí ar an eolas faoin gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach atá ar na bacáin.

Chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas faoi chur chun feidhme phlean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais, faoin tuarascáil bhliantúil maidir leis an gcomhionannas inscne, faoin teachtaireacht uaidh le déanaí dar teideal “Plean Gníomhaíochta chun an Geilleagar Sóisialta agus Dlúthpháirtíochta a Fhorbairt”, faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus faoi na spriocanna náisiúnta fostaíochta, scileanna agus laghdaithe bochtaineachta sa phlean gníomhaíochta faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Chuir Cathaoirligh an Choiste Fostaíochta agus an Choiste um Chosaint Shóisialta cláir oibre an Choiste do 2022 i láthair.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025