Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 29 Márta 2022

Na príomhthorthaí

Tar éis plé a dhéanamh ar fhreagairt an Aontais ar thionchar an chogaidh san Úcráin ar an tsláinte phoiblí, bhí malartú tuairimí ag na hairí faoi na chéad dúshláin eile a bhaineann le straitéis vacsaíní an Aontais.

An staid sláinte agus dhaonnúil san Úcráin

Chuir an Coimisiún na toscaireachtaí ar an eolas faoin staid sláinte agus dhaonnúil san Úcráin agus faoi na bearta atá déanta ag an Aontas, go háirithe sásra dlúthpháirtíochta a bhunú chun othair de chuid na hÚcráine a aistriú, rochtain ar vacsaíniú i gcoinne galair thógálacha, go háirithe do leanaí, agus tionscnaimh mheabhairshláinte.

D’athdhearbhaigh na hairí a dtiomantas do thacaíocht a thabhairt, ní hamháin don Úcráin agus do mhuintir na hÚcráine ó thaobh na sláinte de, ach do na Ballstáit sin atá ar theorainn an Aontais, atá ar thús cadhnaíochta ó thaobh cúram leighis a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin.

Straitéis dlúthpháirtíochta an Aontais maidir le vacsaíní

Dhá bhliain ó thús na paindéime agus aon bhliain amháin ó seoladh feachtais vacsaínithe san Aontas, phléigh na hairí straitéis soláthair agus deonaithe vacsaíní na mBallstát a thabhairt cothrom le dáta ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua maidir le vacsaíniú COVID-19.

Tá feabhas ag teacht ar an staid eipidéimeolaíoch i ndáil le cúrsaíocht SARS-CoV-2 san Eoraip agus ar fud an domhain agus, ag an am céanna, is mó an soláthar vacsaíní ná an t-éileamh anois sna Ballstáit agus sna tíortha a fhaigheann deonú vacsaíní ón Aontas.

color: inherit; Tá gealltanas tugtha ag an Aontas go gcuirfidh sé 700 milliún dáileog ar fáil faoi lár na bliana 2022 chun tacú le sprioc na hEagraíochta Domhanda Sláinte – 70% de dhaonra an domhain a vacsaíniú. Faoi mhí an Mhárta 2022, bhí níos mó ná 400 milliún dáileog de vacsaíní COVID-19 curtha ar fáil ag na Ballstáit cheana féin do na tíortha is mó gátar, rud a fhágann gurb é an tAontas an deontóir is mó ar domhan.

Tá comhroinnt vacsaíní le tíortha atá i ngátar fós ina phríomhchuspóir de straitéis vacsaíní an Aontais, ach beidh gá lena cur chun feidhme a fhorbairt le go mbeidh sé níos éifeachtaí.

Áirítear an méid seo a leanas ar na hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar straitéis fhoriomlán vacsaíní an Aontais:

  • na conarthaí ceannaigh vacsaíní a oiriúnú, ag cur san áireamh an sciar mór de dhaonra na hEorpa a bhfuil vacsaíniú príomhúil déanta orthu, agus an cúlchiste de dháileoga atá i seilbh na mBallstát;
  • leas iomlán a bhaint as sceidil seachadta do dháileoga atá le deonú agus do bhainistiú stoc i gcomhar le COVAX;
  • idirphlé rialta leis na monaróirí vacsaíní chun oiriúnuithe den sórt sin a cheadú.

Leag na Ballstáit béim freisin ar a thábhachtaí atá sé meastóireacht a dhéanamh ar na roghanna sin i bhfianaise na comhairle eolaíche agus an fhaireacháin a roinntear ar leibhéal an Aontais.

Mar fhocal scoir, leag na Ballstáit béim ar an ngá atá le teacht ar shainmhíniú ar chomhstraitéis vacsaínithe chomh luath agus is féidir, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí rochtain ar an gceathrú dáileog a leathnú.

Léaráid: COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní.
COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní (Grafaic faisnéise)

COVID-19: rannchuidiú an Aontais le dlúthpháirtíocht dhomhanda vacsaíní (Grafaic faisnéise)

An fhreagairt Eorpach ar ghalair neamhchoitianta (lón neamhfhoirmiúil)

Tá níos mó ná 30 milliún saoránach Eorpach buailte ag galar neamhchoitianta; tá 95% díobh gan chóireáil fós, nó níl rochtain acu ar chonairí cúraim leordhóthanacha.

Ós amhlaidh atá, phléigh na hairí an mbeadh sé úsáideach an comhar agus an comhordú a neartú idir na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais i réimse na ngalar neamhchoitianta. Theastaigh ón Uachtaránacht an díospóireacht sin a chur ar siúl toisc go measann sí go bhfuil tairbhí inláimhsithe an aontais sláinte poiblí do shaoránaigh na hEorpa ag baint le gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo.

Tá an comhar idir na Ballstáit agus na hinstitiúidí leighis maidir le galair neamhchoitianta ríthábhachtach cheana féin chun cabhrú le hothair atá buailte, ach is féidir le huirlisí eile tuilleadh feabhais a chur ar ghníomhaíocht an Aontais. Phléigh na hairí go háirithe an ról a bheidh ag an Spás Eorpach Sonraí Sláinte sa chomhrac i gcoinne galair neamhchoitianta amach anseo. D’fhéadfadh rochtain ar shonraí sláinte ardchaighdeáin laistigh de chreat slán a bheith ina cuidiú chun dlús a chur le rochtain ar chóireáil nua atá níos sábháilte agus níos pearsantaithe.

Aon ghnó eile

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gCinneadh a glacadh le déanaí lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht thar ceann an Aontais chun comhaontú idirnáisiúnta maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí agus maidir le leasuithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta a chaibidil.

Thug an Uachtaránacht tuairisc ar na comhdhálacha éagsúla a eagraíodh i réimse na sláinte ó mhí Eanáir 2022 i leith. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas: athléimneacht na gcóras sláinte (an 18 Eanáir), an tsláinte dhigiteach (an 2 Feabhra), an tsláinte dhomhanda (an 9 Feabhra), galair neamhchoitianta (an 28 Feabhra) agus an fhrithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach (an 7 Márta), agus cruinniú neamhfhoirmiúil Chomhairle EPSCO in Grenoble (an 10 Feabhra) maidir le haontas sláinte poiblí a thógáil.

Mar fhocal scoir, chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin gcaibidlíocht leanúnach idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa chun teacht ar chomhaontú maidir le comhsheasamh i ndáil le rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liosta na míreanna ʻAʼ neamhreachtacha.

Ghlac an Chomhairle Rialachán lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025