"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte), 21 Meitheamh 2024
Na príomhthorthaí
Aontas Sláinte Eorpach
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí dar teideal ‘Todhchaí an Aontais Sláinte Eorpaigh: Eoraip a thugann aire dá saoránaigh, a ullmhaíonn agus a thugann cosaint’, inar leag sí amach príomhréimsí fócais do bheartas sláinte an Aontais agus inar spreag sí an Coimisiún nua chun tús áite a thabhairt don tsláinte.
Tá 10 mbliana deacra roimh chórais sláinte na hEorpa, agus na riachtanais mhéadaitheacha a bhaineann le daonra atá ag dul in aois, galair ainsealacha atá ag dul i méid, ganntanais cógas agus feistí leighis, agus oibrithe sláinte atá ag dul ar scor ag cur brú ar ár gcuid acmhainní. Tá an staid níos casta fós mar gheall ar an ngéarchéim aeráide agus ar theacht chun cinn na hintleachta saorga. Chun na dúshláin sin a bhainistiú, ní mór don Eoraip géarú ar na maidí. Le leathbhliain anuas, leag airí sláinte an Aontais amach clár uaillmhianach, arb é is aidhm dó an tAontas Sláinte Eorpach a athmhúnlú agus cúram sláinte athléimneach ar ardchaighdeán a chinntiú sna Ballstáit uile.
Frank Vandenbroucke, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Sláinte agus Gnóthaí Sóisialta na Beilge
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an gcóras dreasachtaí atá sa phacáiste cógaisíochta, rialachán agus treoir a mhol an Coimisiún i mí Aibreáin 2023. Phléigh siad bealaí chun cinn maidir le modhnú na dtréimhsí cosanta sonraí rialála, an dreasacht maidir le rochtain ar an margadh, agus an dreasacht maidir le riachtanais leighis nach ndéantar freastal orthu. Chuir Uachtaránacht na Beilge na hairí ar an eolas freisin faoi staid ghinearálta an phacáiste.
Le linn an phlé:
chuir formhór na n-airí in iúl go dtacaíonn siad le modhnú, ar choinníoll go mbeadh an creat soiléir, intuartha agus go n-urramófaí an gá atá le nuálaíocht, agus thacaigh mionlach suntasach leis an gcreat reatha
chuir roinnt airí in iúl go láidir nár cheart rochtain a nascadh le praghsáil agus le haisíocaíocht, agus na difríochtaí idir na córais náisiúnta á gcur san áireamh
d’aontaigh na hairí uile go raibh gá le réiteach maidir le rochtain, ach bhí tuairimí éagsúla ann maidir leis an gcaoi ar cheart é sin a bhaint amach, agus chuir cuid acu in iúl go dtacaíonn siad le cur chuige lena ndreasaítear cuideachtaí chun rochtain a éascú, cé gurbh fhearr le cuid eile acu oibleagáid a fhorchur ar chuideachtaí
chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad le dreasacht maidir le riachtanais leighis nach ndéantar freastal orthu, ach mheas siad gur cheart tuilleadh plé a dhéanamh ar shainiú agus ar chritéir na dreasachta sin, go háirithe maidir le deimhneacht dhlíthiúil agus oibiachtúlacht a bhaint amach agus an méid sin á chur i bhfeidhm
Ghlac an Chomhairle moladh lena leagadh amach bearta nua maidir le hailsí atá inchoiscthe trí vacsaíniú mar chuid de Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa. Is é is aidhm don mholadh glacadh vacsaíní in aghaidh papalómaivíris dhaonna (HPV) agus víreas Heipitíteas B (HBV) a spreagadh agus faireachán a dhéanamh orthu. Is féidir leis an dá víreas sin a bheith ina gcúis le hailse. Moltar ann bearta chun cabhrú leis na Ballstáit an vacsaíniú in aghaidh galar inchoiscthe trí vacsaíniú a mhéadú.
Faoi aon ghnó eile, fuair airí sláinte an Aontais faisnéis maidir leis an 10ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac, an comhaontú ar phaindéimí, margú tobac agus nicitín do leanaí, táirgí tobac agus nicitín núíosacha, an staid sláinte in Gaza, stoc-charnadh náisiúnta cógas, iarrachtaí chun deireadh a chur le VEID/SEIF, imeachtaí arna n-eagrú ag Uachtaránacht na Beilge, agus clár oibre Uachtaránacht inteachta na hUngáire.
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.