Skip to content
  • An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Beartas Sóisialta, Fostaíocht), 16 Iúil 2024

Ganntanais lucht saothair agus scileanna san Aontas

I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le ganntanas lucht saothair agus scileanna san Aontas. Obair leantach a bhí sa díospóireacht ar phlean gníomhaíochta an Choimisiúin agus díríodh ar leibhéil fostaíochta a mhéadú i measc grúpaí atá faoi ghannionadaíocht faoi láthair i margadh an tsaothair, mar shampla daoine óga agus oibrithe scothaosta.

Le linn na díospóireachta, roinn na hairí na príomhdhúshláin ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha a bhaineann le ganntanas lucht saothair ina dtíortha féin. Áiríodh orthu sin ganntanais i bpríomhréimsí, mar shampla cúram sláinte, TF, innealtóireacht agus tógáil, agus an gá atá le hoiriúnú don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Rinne siad cur síos ar bhearta a rinne siad cheana féin chun leibhéil fostaíochta a mhéadú i measc daoine óga agus oibrithe scothaosta, mar shampla ardáin meaitseála post a bhunú, dálaí oibre agus cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú, fostóirí a dhreasú chun uas-sciliú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur ar fáil, agus aois scoir sholúbtha a thabhairt isteach. Phléigh siad freisin bealaí eile chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin - glaonna ábhartha ar ghníomhaíocht, bearta beartais fostaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann, agus úsáid éifeachtach acmhainní poiblí agus príobháideacha, cuir i gcás.

<p>Sándor Czomba, Aire Stáit na hUngáire don Bheartas Fostaíochta</p>

Is iad ganntanais saothair agus scileanna an dúshlán fostaíochta is mó san Aontas Eorpach faoi láthair, agus is bacainn shuntasach ar an bhfás iad. Más mian linn geilleagar inbhuanaithe a chruthú agus ár n-iomaíochas a fheabhsú, ní mór dúinn leas a bhaint as acmhainneacht neamhshaothraithe lucht saothair an Aontais trí chabhrú le grúpaí atá faoi ghannionadaíocht rochtain a fháil ar dheiseanna fostaíochta.

<p>Sándor Czomba, Aire Stáit na hUngáire don Bheartas Fostaíochta</p>

Sándor Czomba, Aire Stáit na hUngáire don Bheartas Fostaíochta

An Seimeastar Eorpach

Mar chuid de thimthriall an tSeimeastair Eorpaigh, d’fhormheas an Chomhairle na gnéithe fostaíochta agus beartais shóisialta de na moltaí tírshonracha do gach Ballstát. D’fhormhuinigh siad freisin an tuairim ó na coistí fostaíochta agus cosanta sóisialta maidir leis an measúnú ar na moltaí tírshonracha le haghaidh 2024 agus maidir le cur chun feidhme na moltaí tírshonracha le haghaidh 2023.

Cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas: tacú le (hath)lánpháirtiú sa mhargadh saothair

Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir leis an ról atá ag (ath)lánpháirtiú i margadh an tsaothair chun cuimsiú sóisialta daoine faoi mhíchumas a chothú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Chuir na hairí i láthair na tionscnaimh atá ann cheana ina dtíortha féin chun cabhrú leis an ráta fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas a mhéadú, lena n-áirítear spriocanna náisiúnta, cuótaí, dreasachtaí d’fhostóirí agus scéimeanna meantóireachta gairme. Bhí seisiún tuairimíochta acu maidir leis na bearta agus na huirlisí beartais is tábhachtaí chun fostaíocht ardcháilíochta agus chomhionann daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn sa mhargadh saothair oscailte, mar shampla feachtais múscailte feasachta agus malartú dea-chleachtas idir Ballstáit an Aontais. D’fhéach siad freisin ar ról an Choimisiúin i ndáil le tacú leis na Ballstáit Straitéis 2021-2030 maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas a chur chun feidhme.

Gnó eile

Roinn an tSeicia, le tacaíocht ón mBeilg, ón mBulgáir, ón Eastóin, ón bhFionlainn, ón bhFrainc, ón nGearmáin, ón Laitvia, ón bPolainn, ón Rómáin agus ón tSlóvaic, faisnéis maidir leis an ngá atá le chosaint thapa pinsin a chinntiú do dhaoine a d’fheidhmigh a saoirse gluaiseachta san Aontas, agus tarraingíonn siad aird na Comhairle ar an tsaincheist sin.

Díospóireacht neamhfhoirmiúil ag am lóin

Le linn an lóin, bhí díospóireacht neamhfhoirmiúil ann maidir le ról an chomhtháthaithe chríochaigh i ndáil leis an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an mbealach chun an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil, mar shampla cistí an Aontais chun an bhochtaineacht a laghdú agus cuimsiú sóisialta grúpaí leochaileacha imeallaithe a chur chun cinn. Chomhroinn siad freisin dea-chleachtais chun neamhionannais chríochacha a laghdú, go háirithe maidir le rochtain ar fhostaíocht agus ar sheirbhísí sóisialta.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025