"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Beartas sóisialta), 20 Meitheamh 2024
Na príomhthorthaí
An Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha
Chomhaontaigh an Chomhairle a seasamh caibidlíochta (‘cur chuige ginearálta’) maidir le togra chun leasú a dhéanamh ar na rialacha atá ann cheana lena rialaítear comhairlí oibreacha Eorpacha.
Cinnteoidh an Treoir maidir le Comhairlí Oibreacha Eorpacha go mbeidh sé níos éasca na comhairlí sin a bhunú, go mbeidh maoiniú níos fearr acu agus go mbeidh cosaint níos fearr acu.
Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag na díolúintí atá ann faoi láthair ó chur i bhfeidhm na treorach, rud a chiallaíonn go mbeidh feidhm i ngach cuideachta ábhartha ag na híoscheanglais chéanna maidir le fostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo, lena n-áirítear maidir le comhairlí oibreacha Eorpacha a bhunú.
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le gné shóisialta an mhargaidh inmheánaigh, agus é mar aidhm acu iniúchadh a dhéanamh ar ról an mhargaidh saothair agus na mbeartas sóisialta i leith margadh aonair inbhuanaithe a chruthú do chách.
Le linn an phlé, rinne na hairí measúnú ar na tograí a cuireadh chun cinn i dtuarascáil Letta maidir le beartais fostaíochta, beartais scileanna agus beartais shóisialta, agus maidir lena rialachas. Shainaithin siad freisin cé acu ceann de na moltaí sa tuarascáil ba cheart tosaíocht a thabhairt dóibh, agus phléigh siad ábharthacht gnéithe eile a bhaineann leis an gclár oibre fostaíochta, sóisialta agus comhionannais ó thaobh margadh aonair inbhuanaithe agus cuimsitheach de.
Ba dhíol sásaimh do na hairí tuarascáil Letta agus leag siad béim ar ghnéithe áirithe, an coincheap 'saoirse fanachta' san áireamh, rud a chiallaíonn nár cheart do dhaoine a bhrath go bhfuil iallach orthu a dtír thionscnaimh a fhágáil chun dálaí níos fearr a lorg. Chuir go leor Ballstát i bhfios go láidir nach féidir fás eacnamaíoch agus iomaíochas a bhaint amach gan beartais shóisialta éifeachtacha, agus chuir Ballstáit eile in iúl gur gá aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair trí uas-sciliú, athsciliú agus earcú a éascú le haghaidh imircigh nach den Aontas Eorpach iad agus a bhfuil scileanna ábhartha acu, agus dumpáil shóisialta á seachaint ag an am céanna.
Phléigh an Chomhairle tuarascáil ar dhul chun cinn maidir leis an treoir atá beartaithe lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh i réimsí na cosanta sóisialta (slándáil shóisialta agus cúram sláinte ina measc), buntáistí sóisialta, an oideachais agus na rochtana ar earraí agus ar sheirbhísí (an tithíocht san áireamh).
Tá iarracht déanta ag Uachtaránacht na Beilge an comhionannas a chur i gcroílár bheartas an Aontais, agus tá sé sin thar a bheith ábhartha agus prionsabal na córa comhionainne á chur i bhfeidhm. Is cúis bhróid dúinn go bhfuil téacs curtha le chéile againn ar féidir le formhór mór na mBallstát tacú leis, agus leanfaimid de bheith ag obair leis na huachtaránachtaí a bheidh ann amach anseo chun cosaint a chinntiú d’íospartaigh an idirdhealaithe i réimsí lasmuigh den fhostaíocht.
Marie-Colline Leroy, Státrúnaí Comhionannais Inscne, Comhionannais Deiseanna agus Éagsúlachta na Beilge
Creat cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna
Thug an Chomhairle dá haire tuarascálacha ar dhul chun cinn i ndáil leis an Treoir maidir le Tréimhsí Oiliúna agus an Moladh ón gComhairle maidir le creat cáilíochta treisithe le haghaidh tréimhsí oiliúna, a d’fhoilsigh an Coimisiún an 20 Márta 2024 agus é mar aidhm leo dálaí oibre d’oiliúnaithe a fheabhsú, mar shampla pá, an chuimsitheacht a chur chun cinn agus cáilíocht na dtréimhsí oiliúna san Aontas a fheabhsú.
Thíolaic an Coimisiún Pacáiste Earraigh an tSeimeastair Eorpaigh, ina ndearnadh anailís dhá chéim den chéad uair ar na dúshláin fostaíochta, scileanna agus shóisialta i ngach Ballstát, bunaithe ar an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe agus ar phrionsabail an Chreata um Chóineasú Sóisialta. Thug an Chomhairle dá haire freisin gur thíolaic an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta tuairim maidir le cóineasú sóisialta san Aontas.
Phléigh na hairí Dearbhú La Hulpe maidir lena bhfuil i ndán do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-athdhearbhaítear an colún mar threoir don obair ar réimsí beartais fostaíochta, sóisialta agus comhionannais. Chuir Uachtaránacht na Beilge chun suntais go gcuirfear ionchur luachmhar ar fáil leis an dearbhú, ar thacaigh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus tromlach mór na mBallstát agus na gcomhpháirtithe sóisialta leis, sa chéad chlár oibre straitéiseach eile de chuid an Aontais do 2024-2029 agus go dtugtar teachtaireacht shoiléir leis maidir leis an ngá atá le clár oibre sóisialta uaillmhianach.
Beartais mhargadh an tsaothair, beartais scileanna agus beartais shóisialta
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le ról bheartais mhargadh an tsaothair, na mbeartas scileanna agus na mbeartas sóisialta do gheilleagair athléimneacha, ina dtagraítear do chineál na gcuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta a threisíonn a chéile agus ina n-iarrtar ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar a gcumas a neartú chun measúnú a dhéanamh ar thionchar bheartais mhargadh an tsaothair, na mbeartas scileanna agus na mbeartas sóisialta ar an bhfás eacnamaíoch, ar an iomaíochas agus ar an táirgiúlacht.
D’fhormhuinigh na hairí freisin treoirphrionsabail dheonacha do Bhallstáit an Aontais chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí eacnamaíocha na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí i réimsí bheartais mhargadh an tsaothair, na mbeartas scileanna agus na mbeartas sóisialta, lena leagtar amach roinnt príomhghnéithe chun cabhrú leis na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le hathchóirithe agus infheistíochtaí i réimsí bheartais mhargadh an tsaothair, na mbeartas scileanna agus na mbeartas sóisialta cur leis an bhfás eacnamaíoch.
Chuir cathaoirleach an Choiste um Chosaint Shóisialta an Chomhairle ar an eolas faoi na príomhchonclúidí i dTuarascáil 2024 maidir le Leordhóthanacht Pinsean. D’fhormheas an Chomhairle freisin conclúidí a d’ullmhaigh an Coiste um Chosaint Shóisialta maidir le leordhóthanacht pinsean, agus leas á bhaint as tuarascáil 2024, inar thug sí dá haire a thábhachtaí atá anailís réamhbhreathnaitheach ar leordhóthanacht pinsean agus ar ioncaim seanaoise. D’iarr sí ar an gCoiste um Chosaint Shóisialta agus ar an gCoimisiún leanúint dá gcuid oibre ar leordhóthanacht pinsean agus an chúraim fhadtéarmaigh agus tuarascáil a thabhairt arís in 2027.
Daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh
D’fhormhuinigh an Chomhairle príomhtheachtaireachtaí an Choiste Fostaíochta maidir le cur chun feidhme an mholta maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a imeascadh i margadh an tsaothair. Glacadh an moladh i mí Feabhra 2016 mar fhreagairt ar na hardleibhéil dífhostaíochta fadtéarmaí ar fud an Aontais a tháinig chun cinn tar éis na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais. Is é seo an cúigiú hathbhreithniú ar chur chun feidhme an mholta.
Faoi aon ghnó eile, fuair na hairí eolas faoi linn tallainne an Aontais Eorpaigh, plean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le ganntanas saothair agus scileanna, an Bhliain Eorpach um Scileanna, clár oibre Uachtaránacht intéachta na hUngáire, agus imeachtaí a d’eagraigh Uachtaránacht na Beilge.
Le linn an lóin, ghlac na hairí páirt i ndíospóireacht neamhfhoirmiúil maidir leis an mbealach chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na sineirgí idir Comhaontú Tionsclaíochta nua don Eoraip agus beartais shóisialta láidre.
Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna ar liosta na míreanna neamhreachtacha ‘A’.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.