Beartas sláinte an Aontais
Cuidíonn an tAontas leis an tsláinte phoiblí a fheabhsú trí chistiú agus reachtaíocht a chur ar fáil chun dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann, cógais leighis, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann, galair a chosc agus dea-shláinte a chur chun cinn.
Ról an Aontais sa bheartas sláinte
Is iad Ballstáit an Aontais atá freagrach as seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar. Dá bhrí sin, tá ról an Aontais i mbeartas sláinte comhlántach le beartais náisiúnta.
Is é is aidhm do bheartais agus do ghníomhaíochtaí an Aontais maidir leis an tsláinte phoiblí:
- sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint agus a fheabhsú
- tacú le nuachóiriú an bhonneagair sláinte
- éifeachtúlacht chórais sláinte na hEorpa a fheabhsú
- an ullmhacht agus bearta freagartha maidir le bagairtí trasteorann ar shláinte a neartú
I réimse na sláinte, glacann an tAontas dlíthe agus moltaí chun daoine a chosaint, lena gcumhdaítear mar shampla táirgí sláinte agus cearta othar.
Fágann saorghluaiseacht daoine agus earraí sa mhargadh inmheánach nach mór saincheisteanna sláinte poiblí a chomhordú. I ngeall ar chomhar an Aontais i ndáil le saincheisteanna sláinte poiblí, bítear in ann dul i ngleic le dúshláin sláinte choiteanna amhail iad siúd a eascraíonn as an bhfrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, as galair ainsealacha inchoiscthe agus as daonra atá ag dul in aois.
Cinnteofar go mbeidh ardleibhéal cosanta ann do shláinte an phobail i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí uile an Aontais. Airteagal 168 CFAE (bunús dlí do bheartas sláinte an Aontais)
Príomhbhearta bheartas sláinte an Aontais
Tá reachtaíocht glactha ag an Aontas sna réimsí seo a leanas:
- cearta othar maidir le cúram sláinte trasteorann
- cógais agus feistí leighis
- bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte
- ailse, tobac agus an dea-shláinte a chur chun cinn
- orgáin, fuil, fíocháin agus cealla
Cearta othar maidir le cúram sláinte trasteorann
Faoi dhlí an Aontais, tá sé de cheart ag an saoránach rochtain a fháil ar chúram sláinte in aon Bhallstát de chuid an Aontais agus seasamh na gcostas a tabhaíodh as cúram a fuarthas thar lear a fháil ina dtír féin. Cinntítear leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte go gcuirtear ar fáil pé cúram sláinte is gá, faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna is infheidhme dóibh siúd atá faoi árachas sa tír sin.
Ina theannta sin, i gceann de threoracha an Aontais maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann, leagtar amach na coinníollacha faoinar féidir le hothar taisteal chuig Ballstát eile chun cúram leighis agus aisíocaíocht a fháil.
Spás Eorpach Sonraí Sláinte
An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle dlí nua lena mbeidh sé níos éasca sonraí sláinte a mhalartú agus rochtain a fháil orthu ar leibhéal an Aontais.
Is é is aidhm don rialachán le haghaidhSpás Eorpach Sonraí Sláinte feabhas a chur ar an rochtain atá ag daoine aonair ar a ríomhshonraí sláinte pearsanta agus ar an smacht atá acu orthu, agus ag an am céanna athúsáid sonraí áirithe a chumasú chun críche taighde agus nuálaíochta ar mhaithe le hothair na hEorpa. Déantar foráil ann do thimpeallacht sonraí a bhaineann go sonrach leis an tsláinte lena gcinnteofar rochtain trasteorann ar sheirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha laistigh den Aontas.
Rochtain níos éasca ar shonraí sláinte do dhaoine aonair
Is tapúla agus is éasca a bheidh an rochtain a bheidh ag daoine aonair ar na ríomhshonraí sláinte faoi na rialacha nua, is cuma cé acu ina dtír dhúchais nó i mBallstát eile atá siad. Beidhsmacht níos mó acu freisin ar an gcaoi a n-úsáidtear na sonraí sin. Beidh sé de cheangal ar thíortha an Aontais freisinúdarás sláinte digití a bhunú chun na forálacha nua a chur chun feidhme.
Acmhainneacht fheabhsaithe taighde
A bhuí leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, beidh rochtain ag an lucht taighde agus ag lucht ceaptha beartas ar chineálacha sonrachasonraí sláinte atá anaithnid slán; beidh siad in ann leas a bhaint as acmhainneacht ollmhór sonraí sláinte an Aontais, bonn eolais a chur leis an taighde eolaíoch, cóireálacha leighis níos fearr a fhorbairt, agus feabhas a chur ar chúram an othair.
An idir-inoibritheacht a chinntiú
Faoi láthair, is éagsúil iad leibhéil digiteála na sonraí sláinte san Aontas ó Bhallstát go Ballstát, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra sonraí a chomhroinnt thar theorainneacha na mBallstát. Cuireann an rialachán de cheangal ar gach córas ríomhthaifead sláinte na sonraíochtaí a bhaineann le formáid malartaithe Eorpach na ríomhthaifead sláinte lena n-idir-oibritheacht ar leibhéal an Aontais a chinntiú.
Cógais agus feistí leighis
Rialaíonn an tAontas an t-údarú do chógais leighis a dhéanann an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach ar leibhéal an Aontais nó a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát ar an leibhéal náisiúnta. Tá rialacha speisialta ann chun na nithe seo a leanas a údarú:
- táirgí íocshláinte péidiatraiceacha
- táirgí íocshláinte dílleachta (a úsáidtear chun galair neamhchoitianta – nach gcuireann as ach do chúigear as gach 10 000 san Aontas – a chóireáil, a dhiagnóisiú nó a chosc)
- táirgí íocshláinte luibhe
- vacsaíní
Ina theannta sin, rialaíonn an tAontas na trialacha cliniciúla a sholáthraíonn na sonraí a úsáidtear don údarú. Sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cáilíocht na dtáirgí leighis a rathú atá i gceist leis seo. Ach a gcuirtear ar an margadh é, leantar d'fhaireachán a dhéanamh ar shábháilteacht an táirge leighis le linn a shaolré iomláin tríd an gcóras faireachas cógas atá ag an Aontas.
In 1995 a bunaíodh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, líonra Eorpach ina bhfuil os cionn 40 údarás rialála náisiúnta páirteach. Cinntítear leis sin go mbeidh malartú agus sreabhadh leanúnach eolais ann maidir leis an measúnú eolaíoch a dhéantar ar tháirgí leighis san Aontas.
Tá creat rialála Eorpach ann freisin d'fheistí leighis. A bhuí leis an gcreat sin, déantar sábháilteacht agus éifeachtúlacht feistí leighis a chinntiú agus rochtain na n-othar ar fheistí ar an margadh Eorpach a éascú.
An 30 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua lena dtugtar an dlí maidir le feistí leighis cothrom le dáta chun cabhrú le ganntanais a chosc agus leis an aistriú chuig trédhearcacht níos fearr agus rochtain níos fearr ar fhaisnéis a éascú. Leis na rialacha nua seo, leasaítear an reachtaíocht maidir le feistí leighis, lena n-áirítear feistí leighis diagnóiseacha in vitro, tríd an méid seo a leanas:
- síneadh breise a chur leis an idirthréimhse le haghaidh feistí leighis diagnóiseacha in vitro áirithe
- rolladh amach céimneach EUDAMED, an bunachar sonraí leictreonach nua, a chur ar bun
- ceangal a chur ar mhonaróirí ganntanais feistí leighis criticiúla agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl
Bagairtí trasteorann ar shláinte
Déanann an tAontas agus a Bhallstáit comhordú agus comhoibriú le chéile i réimse na slándála sláinte. Is iad na Ballstáit atá freagrach as bainistiú riosca agus géarchéime. Tá inniúlacht ag an Aontas, áfach, tacú le gníomhaíochtaí náisiúnta, iad a chomhordú agus iad a chomhlánú.
Is gnéithe bunriachtanacha iad an faireachán, an luathrabhadh, an ullmhacht agus na bearta freagartha chun dul i ngleic le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus chun ardleibhéal cosanta sláinte a chinntiú san Aontas.
Cuireann an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) comhairle eolaíoch neamhspleách, cúnamh agus saineolas ar fáil do na Ballstáit maidir le bagairtí sláinte poiblí, amhail galair theagmhálacha.
Cloch mhíle thábhachtach chun creat slándála sláinte níos láidre a thógáil san Aontas ab ea an cinneadh a glacadh in 2013 an ullmhacht a fheabhsú agus an cumas chun freagairt chomhordaithe a thabhairt ar éigeandálaí sláinte a neartú. Treisítear ról an Choiste Slándála Sláinte leis an gcinneadh freisin, ar comhlacht é ina bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit agus a thugann aghaidh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte.
Spreagadh tíortha an Aontais i ndiaidh na taithí a fuarthas le paindéim COVID-19 chun acmhainn athléimneachta an Aontais a fheabhsú ó thaobh freagairt ar phaindéimí amach anseo.
In 2022, ghlac an tAontas tacar rialachán (pacáiste ‘Aontas Sláinte na hEorpa’, mar a thugtar air) chun creat slándála sláinte an Aontais a neartú a thuilleadh agus an ról ullmhachta agus freagartha a bhíonn ag príomhghníomhaireachtaí an Aontais tráth géarchéime a threisiú.
An tsláinte a chur chun cinn agus galair a ghleic
Ailse
Is í an ailse an dara trúig mhortlaíochta is mó agus í ar cheann de na cúiseanna is mó leis an mbás anabaí san Aontas. In 2020, meastar gur diagnóisíodh go raibh ailse ar 2.7 milliún duine san Aontas. Anuas air sin, ailse is siocair le 52 % de bhásanna ceirde san Aontas gach bliain (Foinse: An Coimisiún Eorpach).
Ní hamháin go mbíonn tionchar ag an ailse ar shláinte agus ar dhea-bhail an duine aonair, ach bíonn tionchar ag an ailse ar an gcúram sláinte agus ar na córais shóisialta freisin, ar bhuiséid phoiblí, ar tháirgiúlacht agus ar fhás an gheilleagair, lucht saothair folláin san áireamh.
In 2003, d’fhormheas an Chomhairle moladh i ndáil le scagthástáil ailse, lena spreagtar tíortha an Aontais chun cláir scagthástála daonra-bhunaithe a bhfuil dearbhú cáilíochta déanta orthu a chur chun feidhme. Tar éis thuarascáil cur chun feidhme an mholta agus na sonraí eolaíocha is déanaí, rinne an Chomhairle athbhreithniú ar mholadh 2003 chun a chinntiú gur féidir níos mó daoine a chumhdach le scagthástáil ailse.
Cé go raibh an moladh i ndáil le scagthástáil ailse ó 2003 teoranta d’ailse cíche, cheirbheacsach agus putóige, chomhaontaigh na Ballstáit in 2022 an fócas a leathnú chuig ailse scamhóg, próstataigh agus ghastrach freisin.
I mí an Mheithimh 2024, ghlac an Chomhairle moladh arb é is aidhm dóailsí ar féidir iad a chosc trí vacsaíniú a chomhrac san Aontas trí bhorradh a chur faoi ghlacadh vacsaíní in aghaidh papalómaivíreas daonna (HPV) agus víreas Heipitíteas B (HBV).
Is é is aidhm don mholadh tacú leis na Ballstáit rátaí vacsaínithe a mhéadú agus faireachán ar chumhdach vacsaínithe a fheabhsú.
Tá roinnt dlíthe ag an Aontas freisin chun oibrithe a chosaint ar ghuaiseacha agus ar cheimiceáin chontúirteacha, substaintí carcanaigineacha agus só-ghineacha agus luaidhe san áireamh.
Comhrac na hailse san Aontas
Tá comhrac na hailse ar cheann de thosaíochtaí an Aontais i dtaca leis an mbeartas sláinte.
Téann ‘Plean sáraithe ailse na hEorpa’ i ngleic le gach céim den ghalar, óna cosc go dtí cáilíocht saoil an othair agus an mharthanóra ailse, agus díríonn sé ar ghníomhaíochtaí a chuimsíonn neart réimsí beartais.
Leis an bplean, táthar ag féachaint leis an treocht maidir le méadú ar líon na gcásanna ailse ar fud an Aontais a chúlú agus todhchaí níos sláintiúla níos cothroime níos inbhuanaithe a bhaint amach do chách.
Phléigh airí an Aontais aontas sláinte na hEorpa i mí na Nollag 2021 agus d’iarr siad go ndéanfaí cur chun cinn na sláinte a neartú a thuilleadh, mar aon le cosc, luathbhrath agus cóireáil na hailse.
- Conclúidí maidir leis an Aontas Sláinte Eorpach a neartú, an 7 Nollaig 2021
- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, an 6-7 Nollaig 2021
Tacófar le plean sáraithe ailse na hEorpa trí ghníomhaíochta a bhaineann le roinnt réimsí beartais, lena n-áirítear fostaíocht, oideachas, an beartas sóisialta agus comhionannas, margaíocht, talmhaíocht, fuinneamh, comhshaol agus aeráid, taisteal, an beartas comhtháthaithe, agus cánachas. Tuilleadh eolais thíos faoin bplean ailse don Eoraip.
An tobac
Níl baol inseachanta níos mó don tsláinte ná caitheamh tobac agus is é an trúig is mó atá leis an mbás anabaí san Aontas; is é is cúis le beagnach 700 000 bás gach bliain. Cailltear thart ar 50 % de dhaoine a chaitheann tobac roimh am (ar an meán 14 bliana níos luaithe ná na daoine sin nach gcaitheann tobac).
Leis an Treoir um Tháirgí Tobac, leagtar síos rialacha lena rialaítear monarú, tíolacadh agus díol tobac agus táirgí gaolmhara chun tomhaltóirí san Aontas a chosaint. Tugadh isteach cánacha arda ar tháirgí tobac i dtreoir eile maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe. Tá sé d’aidhm ag na cánacha sin úsáid tobac a laghdú, go háirithe i measc an aosa óig.
Sa mholadh ón gComhairle in 2009 maidir le timpeallachtaí atá saor ó chaitheamh tobac, iarrtar ar Bhallstáit an Aontais an pobal a chosaint ar éifeachtaí deataigh tobac in áiteanna poiblí agus in áiteanna oibre.
Frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha
Tarlaíonn frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (FÁF) nuair a fhorbraíonn miocróib amhail baictéir frithsheasmhacht in aghaidh cógais leighis amháin nó níos mó. Tá méadú ag teacht ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha mar gheall ar ró-úsáid antaibheathach agus diúscairt mhíchuí cógas. Is é is cúis le thart ar 35 000 bás in aghaidh na bliana san Aontas (sonraí ó 2020). Is measa fós an scéal ó tharla nach bhfuil aon fhorbairt déanta maidir le cógais nua frithmhiocróbacha.
An 13 Meitheamh 2023, ghlac an Chomhairle moladh darb aidhm dlús a chur le gníomhaíocht an Aontais chun an fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach a chomhrac sna réimsí seo a leanas: sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an comhshaol.
Cúig chúis le suim a chur sa bhfhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR) (Grafaic faisnéise)
Vacsaíniú
Is é inniúlacht na mBallstát é an beartas vacsaínithe. Cuireann an tAontas cúnamh ar fáil do na Ballstáit agus a mbeartais agus a gcláir á gcomhordú acu.
I mí na Nollag 2018, ghlac an Chomhairle moladh maidir le comhar an Aontais a neartú i dtaca le galair inchoiscthe trí vacsaíniú. Leagtar amach sa tionscnamh seo treoir maidir le drogall roimh an vacsaíniú a ghleic, cuimsiú vacsaínithe a fheabhsú, comhordú ar sholáthar vacsaíní a chur chun cinn agus taighde agus nuálaíocht a thacú. Moltar do na Ballstáit freisin pleananna vacsaínithe náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
I mí na Nollag 2022, d’fhormheas airí sláinte an Aontais conclúidí ón gComhairle maidir le vacsaíniú atá ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí chun galair a chosc agus an tsláinte phoiblí a fheabhsú. Cuirtear chun suntais iontu go bhféadfadh na Ballstáit tairbhe a bhaint as cur chuige de chuid an Aontais maidir le vacsaíniú atá níos comhordaithe fós chun leathadh eipidéimí agus galar inchoiscthe trí vacsaíniú a chosc agus a theorannú. Dírítear sna conclúidí ar dhá réimse gníomhaíochta: an drogall roimh an vacsaíniú a chomhrac agus ullmhú do na dúshláin atá ag teacht aníos trí chomhar an Aontais.
Sábháilteacht substaintí de bhunús daonna
Is iomaí cóireáil ar dhroch-fhadhbanna sláinte a bhraitheann ar infhaighteacht fola, fíochán agus ceall.
In 2002 agus in 2004, ghlac an tAontas reachtaíocht chun cosaint a thabhairt d'othair a fhaigheann fuil, fíocháin agus cealla agus leagadh síos íoscheanglais maidir le cáilíocht agus sábháilteacht ag gach céim, ón deonú go dtí an chóireáil agus an t-iarchúram. Leis an reachtaíocht sin de chuid an Aontais, cinntíodh sábháilteacht na milliún othar a raibh an t-aistriú fola agus an trasphlandú á dhéanamh orthu.
An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle rialacha nua arb é is aidhm dóibhsábháilteacht agus cáilíocht fola, fíochán, agus ceall a úsáidtear i gcúram sláinte a fheabhsú aguscúrsaíocht trasteorann na substaintí sin a éascú san Aontas.
Leis na rialacha nua, neartaítear an creat dlíthiúil atá ann cheana agus méadaítear an tsolúbthacht ag an am céanna chun coimeád suas le forbairtí eolaíocha agus teicniúla. Leis an gcomhaontú maidir leis na rialacha nua, leathnaítear an raon feidhme chun níos mó ná fuil, fíocháin agus cealla amháin a chur san áireamh agus cuirtear bainne cíche daonna agus flóra na stéige san áireamh freisin.
Meabhairshláinte
Is staid folláine í an dea-mheabhairshláinte inar féidir le daoine a gcumas a bhaint amach, déileáil le strus, obair a dhéanamh agus cur le saol an phobail. Mar sin féin, tá ualach na bhfadhbanna meabhairshláinte san Aontas an-ard.
Is riachtanas sóisialta agus eacnamaíoch don Aontas agus dá Bhallstáit í an mheabhairshláinte a fheabhsú, rud atá níos soiléire anois ó bhí paindéim COVID-19 ann.
In 2023, faoi Uachtaránacht na Spáinne, ghlac an Chomhairle conclúidí chun tús áite a thabhairt don mheabhairshláinte agus don fholláine, agus béim ar leith á leagan ar na hábhair is práinní agus ar na grúpaí is leochailí, mar shampla daoine a dhéanann obair fhorbhásach agus daoine óga.
An r-Shláinte
Tá an r-Shláinte ar cheann de na príomhghnéithe i gclár oibre an Choimisiúin Eorpaigh don chlaochlú digiteach. Tagraíonn r-Shláinte d’uirlisí agus do sheirbhísí a úsáideann teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun feabhas a chur ar chosc, diagnóisiú, cóireáil, faireachán agus bainistiú galar.
Is léiriú í géarchéim COVID-19 ar a thábhachtaí atá an claochlú digiteach in earnálacha na sláinte agus an chúraim. Is féidir leis an digitiú athléimneacht agus éifeachtúlacht na gcóras sláinte a neartú mar aon leis an bhfreagairt fhoriomlán a thugann siad ar an bpaindéim a threisiú.
I dtreo Eoraip dhigiteach (Grafaic faisnéise)
Freagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19
Ó thús na paindéime, d’oibrigh an tAontas leis na Ballstáit chun córais náisiúnta cúraim sláinte a threisiú agus chun leathadh an víris a theorannú.Tá gníomhaíochtaí á gcomhordú ag an Aontas ar leibhéal an Aontais bunaithe ar an eolaíocht is fearr dá bhfuil ar fáil agus moltaí á dtabhairt aige do na Ballstáit maidir le bearta sláinte poiblí.
- cur leis an acmhainneacht vacsaín atá sábháilte agus éifeachtach a tháirgeadh, trí straitéis vacsaíne an Aontais
- ag áirithiú soláthairtí leighis agus trealamh cosanta pearsanta tríd an méid seo a leanas:
- saorghluaiseacht earraí laistigh den mhargadh inmheánach a choinneáil ar bun
- stoc-charn coiteann Eorpach a sholáthar go comhpháirteach agus a chruthú go comhpháirteach faoi rescEU
- tacú le taighde agus nuálaíocht maidir le cóireálacha agus vacsaíní
Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19 (Grafaic faisnéise)
Cistiú: Clár EU4Health
Is é EU4Health clár nua an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027. Tá tionchar mór á imirt ag paindéim COVID-19 ar othair, ar bhaill foirne leighis agus cúraim sláinte, agus ar chórais sláinte san Eoraip. Is freagairt láidir é an clár seo ar phaindéim COVID-19, ach dírítear freisin ann ar ghníomhaíochtaí fadtéarmacha an Aontais i réimse na sláinte. Féachtar ann le sláinte na ndaoine san Aontas a fheabhsú agus an tAontas a dhéanamh níos ullmhaithe chun déileáil le géarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo.
Infheistítear €5.3 billiún leis an gclár, lena gcuirfear maoiniú ar fáil d’eintitis incháilithe, d’eagraíochtaí sláinte agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha ó thíortha an Aontais, nó ó thíortha nach bhfuil san Aontas atá comhlachaithe leis an gclár.
Is iad seo a leanas cuspóirí an chláir:
- an tsláinte a fheabhsú agus a chothú san Aontas
- daoine a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte
- cógais leighis a chur ar fáil agus ar phraghas réasúnta
- córais sláinte, a n-athléimneacht agus a n-éifeachtúlacht acmhainní a neartú
Ról na Comhairle i mbeartas sláinte an Aontais
Cosúil le réimsí beartais eile, is í an Chomhairle Eorpach a shainíonn treoir agus tosaíochtaí polaitiúla foriomlána an Aontais sa bheartas sláinte freisin.
I réimse na sláinte, déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh dlíthe an Aontais a chaibidil agus a ghlacadh agus comhordaíonn sí beartais na mBallstát. A mhéid a bhaineann leis an reachtaíocht, gníomhaíonn an Chomhairle i gcomhar le Parlaimint na hEorpa i bhformhór na gcásanna. Féadfaidh an Chomhairle moltaí maidir leis an tsláinte phoiblí a chur faoi bhráid Bhallstáit an Aontais freisin.
Pléitear saincheisteanna sláinte i bhfoirmíocht na Comhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO).
An t-athbhreithniú deireanach: an 14 Aibreán 2026