- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí, 7 Bealtaine 2024
Na príomhthorthaí
Cumhachtú eacnamaíoch agus neamhspleáchas airgeadais na mban
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le cumhachtú eacnamaíoch agus neamhspleáchas airgeadais na mban mar bhealach chun fíor-chomhionannas idir mná agus fir a bhaint amach, bunaithe ar thuarascáil ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).
Iarrtar sna conclúidí go ndéanfaí bearta níos láidre chun cumhachtú eacnamaíoch agus neamhspleáchas airgeadais na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ghné an chomhionannais inscne a chomhtháthú i mbeartais agus reachtaíocht eacnamaíoch agus airgeadais, trí dhul i ngleic le foréigean eacnamaíoch inscnebhunaithe, trí aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní, agus trí fheabhas a chur ar infhaighteacht sonraí atá imdhealaithe de réir gnéis i bpríomhréimsí, mar atá beartais fhioscacha, foréigean eacnamaíoch, rachmas daoine aonair agus geilleagar an chúraim.
Tá neamhspleáchas airgeadais ríthábhachtach d’fhíor-chomhionannas inscne, toisc go gcuireann sé ar chumas na mban smacht a bheith acu ar a saol agus ar a roghanna. Is rómhinic, áfach, a chuirtear cosc ar mhná neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach de bharr tosca ar nós na bearna pá idir na hinscní, neamhionannas pinsin, rannpháirtíocht íseal sa lucht saothair, agus steiréitíopaí inscne seanbhunaithe. Sna conclúidí uaithi, iarrann an Chomhairle go ndéanfaí iarrachtaí níos mó ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun tuiscint níos fearr a fháil ar na bacainní a chuireann cosc ar mhná san Eoraip neamhspleáchas airgeadais a bhaint amach agus chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin.
Marie-Colline Leroy, Státrúnaí Comhionannais Inscne, Comhionannais Deiseanna agus Éagsúlachta na Beilge
- Conclúidí ón gComhairle maidir le cumhachtú eacnamaíoch agus neamhspleáchas airgeadais na mban mar bhealach chun fíor-chomhionannas idir mná agus fir a bhaint amach
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Féach ar an seisiún poiblí
An Treoir maidir le Cóir Chomhionann
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir leis an treoir atá beartaithe ón gComhairle chun prionsabal na córa comhionainne idir daoine, gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, a chur chun feidhme i réimsí seachas an fhostaíocht (an Treoir um Chóir Chomhionann).
Díríodh sa phlé ar an dul chun cinn a rinneadh cheana sa chaibidlíocht agus ar an ngníomhaíocht ba ghá fós a dhéanamh chun teacht ar chur chuige ginearálta (comhréiteach maidir le seasamh na Comhairle) le linn Uachtaránacht na Beilge.
Chuir formhór mór na mBallstát in iúl go dtacaíonn siad leis an téacs comhréitigh mar atá sé faoi láthair agus d’iarr siad go nglacfaí an treoir go pras. Mar sin féin, bhí dhá Bhallstát fós ag machnamh ar an tionchar airgeadais agus riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr chur chun feidhme na treorach, agus cheistigh Ballstát amháin an gá atá le reachtaíocht ar leibhéal an Aontais sa réimse sin.
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- Nóta cúlra ón Uachtaránacht maidir leis an díospóireacht bheartais
- Féach ar an seisiún poiblí
Mná sa saol poiblí
Bhí díospóireacht bheartais ag an gComhairle maidir le mná sa saol poiblí, inar díríodh go háirithe ar ghannionadaíocht na mban i róil cheannaireachta agus cinnteoireachta polaitiúla san Aontas.
Phléigh na hairí na deacrachtaí a bhíonn ag mná sa pholaitíocht, mar shampla foréigean inscnebhunaithe (go háirithe ciapadh agus fuathchaint ar líne), steiréitíopaí inscne, agus dáileadh éagothrom freagrachtaí cúraim, agus thug siad dá n-aire gur minic a bhí na saincheisteanna sin níos suntasaí do mhná ar de ghrúpaí leochaileacha iad. Chuir siad i láthair na straitéisí agus na sásraí a úsáidtear ina dtíortha féin chun ionadaíocht na mban sa chinnteoireacht a mhéadú agus chun comhionannas inscne a chothú i róil cheannaireachta.
Ina theannta sin, scrúdaigh na Ballstáit tionscnaimh a d’fhéadfaí a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais chun rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí a chur chun cinn a thuilleadh, an méid seo a leanas san áireamh: dea-chleachtas a mhalartú; ardú feasachta; gné an chomhionannais inscne a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais; ionadaíocht chomhionann na bhfear agus na mban i bpoist chinnteoireachta ar leibhéal an Aontais; agus sásraí institiúideacha lena léirítear tiomantas leanúnach d’Aontas an Chomhionannais a thógáil, lena n-áirítear straitéis nua Eorpach um chomhionannas inscne tar éis 2025, Coimisinéir tiomnaithe um Chomhionannas, agus Coláiste na gCoimisinéirí atá comhionann ó thaobh inscne de.
Gnóthaí eile
Déileáladh leis an méid seo a leanas faoin mír ‘gnóthaí eile’:
- imeachtaí a d’eagraigh nó atá á n-eagrú ag Uachtaránacht na Beilge
- eolas ó Uachtaránacht na Beilge maidir leis an athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar theideal fhoirmíocht na Comhairle ‘Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí’, nach bhfuil an téarma ‘Comhionannas’ san áireamh ann
- staid na himeartha i ndáil leis an suirbhé maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban
- staid na himeartha i ndáil le cur chun feidhme aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl
- staid na himeartha i ndáil leis an teachtaireacht ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir le cur chun feidhme a Straitéise um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025
- staid na himeartha i ndáil leis an teachtaireacht atá ar na bacáin maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i gcur chun feidhme phlean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais
- an t-iarrthóir a dhéanfaidh ionadaíocht ar an Aontas sna toghcháin do Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas
- Cruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí comhionannais inscne (suíomh gréasáin Uachtaránacht na Beilge)
- Comhdháil ardleibhéil maidir le cearta daoine LGBTIQ+ (suíomh gréasáin Uachtaránacht na Beilge)
- An foréigean i gcoinne na mban a chomhrac: Cinneadh glactha ag an gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le Coinbhinsiún Iostanbúl (preaseisiúint, an 1 Meitheamh 2023)
- An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 (suíomh gréasáin an Choimisiúin)
- Plean gníomhaíochta frithchiníochais an Aontais Eorpaigh, 2020-2025 (suíomh gréasáin an Choimisiúin)
- Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas (suíomh gréasáin)
- Féach ar an seisiún poiblí
Míreanna A
Ghlac an Chomhairle freisin, mar mhíreanna A, dhá threoir chun ról na gcomhlachtaí comhionannais ar fud an Aontais a neartú chomh maith le treoir chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
- Clár oibre sealadach
- Liosta sealadach na míreanna "A"
- Liosta sealadach na míreanna "A", síneadh 1
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
Preaseisiúintí
An chéad dlí riamh de chuid an Aontais glactha ag an gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac - 07/05/2024
Ról na gcomhlachtaí comhionannais ar fud an Aontais a neartú: dhá threoir glactha ag an gComhairle - 07/05/2024
An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar: glactha - 07/05/2024
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Beartas sóisialta) An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Sláinte) An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Beartas Sóisialta, Fostaíocht)
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025