- An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (Fostaíocht agus Beartas Sóisialta), 11 Márta 2024
Na príomhthorthaí
Obair ardáin
D’fhormhuinigh na hairí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta an comhaontú ar thángthas air le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an treoir maidir le hobair ardáin. Is é is aidhm don ghníomh dlí sin feabhas a chur ar dhálaí oibre na n-oibrithe ardáin agus an úsáid a bhaineann ardáin saothair dhigiteacha as algartaim a rialáil.
Is é seo an chéad phíosa reachtaíochta de chuid an Aontais a bhí riamh ann chun bainistiú algartamach a rialáil san ionad oibre agus chun íoschaighdeáin Aontais a leagan síos chun feabhas a chur ar dhálaí oibre do na milliúin oibrithe ardáin ar fud an Aontais. Cuireann an comhaontú a dearbhaíodh le hiarrachtaí na n-uachtaránachtaí na Comhairle a bhí ann roimhe seo agus athdhearbhaítear leis gné shóisialta an Aontais Eorpaigh. Pierre-Yves Dermagne, Leas-Phríomh-Aire na Beilge agus an tAire Geilleagair agus Fostaíochta
Le linn an phlé, leag na hairí béim ar thábhacht agus tráthúlacht na treorach nua, i bhfianaise an fhorleathnaithe ghasta atá tagtha ar theicneolaíochtaí nua agus ar bhealaí oibre. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin an tsolúbthacht a thugann an comhaontú comhréitigh do na Ballstáit na rialacha a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.
Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Seimeastar Eorpach
Bhí díospóireacht bheartais ag na hairí maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpach agus an chláir oibre shóisialta a bheidh ann amach anseo.
Le linn an phlé, leag siad béim ar ról ríthábhachtach an Cholúin mar threoir le haghaidh bheartas sóisialta an Aontais agus tharraing siad aird ar dhúshláin leanúnacha, cur i gcás oiriúnú don aistriú glas agus don aistriú digiteach, treochtaí déimeagrafacha, rioscaí a bhaineann leis an gcothromaíocht oibre is saoil, infhaighteacht tithíochta inacmhainne, agus an costas maireachtála.
Leag siad béim freisin ar phríomhréimsí fócais le haghaidh na todhchaí, lena gcuirtear san áireamh uas-sciliú agus athsciliú, rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a mhéadú (go háirithe grúpaí leochaileacha), an t-idirphlé sóisialta a threisiú, aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas, borradh a chur faoin gcóineasú sóisialta aníos, agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.
Ar deireadh, d’fháiltigh roinnt airí roimh an díospóireacht chomhpháirteach bheartais atá atá le bheith ann leis na hairí gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais maidir le hinfheistíochtaí sóisialta agus athchóirithe le haghaidh geilleagar athléimneach, agus thug siad dá n-aire na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le comhar feabhsaithe idir dhá fhoirmíocht na Comhairle agus chuir siad i dtreis go bhfuil beartais shóisialta agus eacnamaíocha fite fuaite ina chéile.
D’fhormhuinigh an Chomhairle freisin an tuairim ón gCoiste Fostaíochta agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta (SPC) maidir le tosaíochtaí beartais an Aontais amach anseo le haghaidh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
Cuirfidh Uachtaránacht na Beilge san áireamh na tosaíochtaí a chuir na hairí chun cinn agus an tuairim ón dá Choiste agus an dearbhú idirinstitiúideach á ullmhú aici a shíneofar ag comhdháil La Hulpe le hinstitiúidí an Aontais, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta.
Ghlac na hairí an tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht agus d’fhormheas siad na conclúidí ón gComhairle maidir leis an Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe 2024 agus an tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht. Tá an suirbhé fáis agus an tuarascáil fostaíochta araon mar chuid de phacáiste an fhómhair den Seimeastar Eorpach.
- Tosaíochtaí beartais an Aontais amach anseo maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta – Tuairim ón gCoiste Fostaíochta agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta
- Cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh agus an Chláir Oibre Shóisialta a bheidh ann amach anseo (nóta stiúrtha)
- Cearta sóisialta san Aontas (eolas cúlra)
- An tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht
-
Níl an acmhainn seo ar fáil faoi láthair ach amháin sa teanga (sna teangacha) seo a leanas:
- An Seimeastar Eorpach (eolas cúlra)
- Féach ar an taifeadadh den seisiún poiblí
Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú
D’fhormhuinigh na hairí sraith de phríomhtheachtaireachtaí ón gCoiste Fostaíochta maidir le cur chun feidhme an mholta ón gComhairle dar teideal ‘A Bridge to Jobs — Reinforcing the Youth Guarantee’ [Nasc leis an bhFostaíocht — An Ráthaíocht don Aos Óg a Neartú]. Bhí sé d’aidhm leis an moladh, a glacadh in 2020, tacaíocht níos fearr a thabhairt don fhostaíocht don aos óg ar fud an Aontais.
Infheistíochtaí sóisialta agus athchóirithe le haghaidh geilleagar athléimneach
Dé Máirt, an 12 Márta, ag an gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais, ghlac na hairí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta páirt i ndíospóireacht bheartais leis na hairí eacnamaíocha agus gnóthaí airgeadais maidir le hinfheistíochtaí agus athchóirithe sóisialta le haghaidh geilleagar athléimneach.
Phléigh na hairí éifeachtaí dearfacha na n-athchóirithe sóisialta agus na n-infheistíochtaí is mó a mheas siad a bhain leis an bhfás eacnamaíoch agus an inbhuanaitheacht fhioscach, agus roinn siad samplaí de na hathchóirithe fostaíochta agus sóisialta a rinneadh le déanaí ina dtíortha féin a chur le hacmhainneacht fáis níos airde. Rinne siad machnamh freisin ar conas is féidir an comhar idir sruthanna oibre ECOFIN agus EPSCO a fheabhsú a thuilleadh chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchar na n-infheistíochtaí agus na n-athchóirithe sóisialta ar an bhfás eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht fhioscach agus an comhtháthú sóisialta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.
I bhfianaise a thábhachtaí atá roinnt toscaireachtaí chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí na n-infheistíochtaí sóisialta agus na n-athchóirithe sóisialta, d’fhógair Uachtaránacht na Beilge go bhfuil sé ar intinn aici a iarraidh ar na Coistí Fostaíochta agus Cosanta Sóisialta treoirlínte comhchoiteanna a fhorbairt i ndáil leis sin.
Gnó eile
Chuir Uachtaránacht na Beilge an t-eolas is déanaí ar fáil maidir le staid na himeartha i ndáil leis na treoracha maidir leis an gcárta Eorpach míchumais agus an cárta páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas. In éineacht leis an gCoimisiún, roinn Uachtaránacht na Beilge eolas maidir le Cruinniú Mullaigh na gComhpháirtithe Sóisialta a bhí ar siúl le déanaí in Val Duchesse agus maidir leis an gCruinniú Mullaigh Sóisialta Tríthaobhach atá ar na bacáin.
Cuireadh san áireamh ar na míreanna eile ar an gclár oibre na tograí ón gCoimisiún atá ar na bacáin, imeachtaí a d’eagraigh Uachtaránacht na Beilge le déanaí, agus cláir oibre an Choiste Fostaíochta agus SPC do 2024.
Roinn toscaireacht na Danmhairge eolas faoi litir chuig an gCoimisiún maidir le teorainnluachanna le haghaidh substaintí contúirteacha san ionad oibre.
Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna ‘A’ reachtacha agus neamhreachtacha gan aon phlé a dhéanamh orthu.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Emma O'Driscoll Press officer
- +32 475 88 48 33
- +32 2 281 48 10
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EPSCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 9 Eanáir 2025