- An Grúpa Euro
An Grúpa Euro, 12/07/2018, 12 Iúil 2018
Na príomhthorthaí
Eolas ó Chruinniú Mullaigh Euro an Mheithimh
Chuir Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno, na hairí ar an eolas faoin toradh a bhí ar an gCruinniú Mullaigh Euro, a bhí ar siúl ar an 29 Meitheamh.
Thug sé achoimre bheag freisin ar na saincheisteanna a bhaineann leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú agus meastar go dtabharfaidh an Grúpa Euro faoin obair sin as seo go ceann an chéad Chruinnithe Mullaigh Euro eile, a bheidh ar siúl i mí na Nollag.
Áirítear leis na saincheisteanna sin, téarmaí tagartha maidir leis an gcúltaca coiteann don Chiste Réitigh Aonair a ndéanfar foráil dó sa Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), agus bileog téarmaí i ndáil le SCE a fhorbairt a thuilleadh, chomh maith leis an treochlár le haghaidh tús a chur leis an gcaibidlíocht pholaitiúil faoi SEÁT. Thairis sin, pléifidh an Grúpa Euro na gnéithe eile go léir atá liostaithe i litir uachtarán an Ghrúpa Euro chuig an Uachtarán Tusk ar an 25 Meitheamh 2018.
- An Cruinniú Mullaigh Euro, 29 Meitheamh 2018
- Ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro, 29 Meitheamh 2018
- Litir ó Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno, chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk
Tíolacadh réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh
Ar bhonn cur i láthair ón gCoimisiún Eorpach maidir lena réamhaisnéis eatramhach don samhradh, phléigh an Grúpa Euro an staid eacnamaíoch agus an t-ionchas eacnamaíoch don limistéar euro.
Bíonn plé rialta ag an nGrúpa Euro faoin staid eacnamaíoch agus faoi na dúshláin a bhaineann leis an mbeartas eacnamaíoch mar chuid de na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige chun cur go héifeachtach le fás eacnamaíoch agus le cruthú post.
An staid bhuiséadach agus ionchais bhuiséadacha
Rinne an Grúpa Euro plé ar an staid bhuiséadach sa limistéar euro ina iomláine, agus dhírigh siad ar ionchais na bliana 2019. Beidh torthaí an phlé sin ina gcuidiú chun dréachtphleananna buiséadacha na mBallstát sa limistéar euro agus na moltaí do Bhallstáit an limistéir euro don bhliain 2019 a ullmhú.
Is é cathaoirleach an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh, Niels Thygesen, a rinne an tuarascáil ón mBord Fioscach Eorpach (BFE) a chur i láthair. Comhlacht comhairleach neamhspleách de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea an bord sin. Cuireann sé comhairle ar fáil maidir le cúrsaí a bhaineann le staid fhioscach an limistéir euro.
De réir dhlí an Aontais, tá ceangal ar an nGrúpa Euro staid bhuiséadach agus ionchais bhuiséadacha an limistéir euro a phlé, faoi chuimsiú an mheasúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha na mBallstát atá sa limistéar euro. Dá bhrí sin, bíonn plé rialta aige ar staid fhioscach an limistéir euro.
- An Bord Fioscach Eorpach
- Tuarascáil ón mBord Fioscach Eorpach: Measúnú ar an staid fhioscach ionchasach is iomchuí don limistéar euro
Éire agus an Spáinn: na misin faireachais iarchláir
Chuir an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach na príomhthorthaí a d'eascair as a misin faireachais iarchláir chun na Spáinne agus go hÉirinn, a bhí ar siúl i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2018 faoi seach, i láthair don Ghrúpa Euro.
Chuir an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) na torthaí a bhaineann lena chóras réamhrabhaidh sa dá thír i láthair.
Chomh maith leis sin, labhair an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta faoin gcomhairliúchán a rinne sé le déanaí le hÉirinn maidir le hAirteagal IV.
De réir thuarascálacha na n-institiúidí, tá feidhmiú eacnamaíoch na hÉireann agus na Spáinne araon go fóill láidir, agus is beag nó is an-bheag an seans nach n-íocfaidh na tíortha sin a gcuid iasachtaí faoi seach.
Déantar faireachas iarchláir sna tíortha atá tar éis a gcláir maidir le cúnamh airgeadais a thabhairt chun críche go dtí go n-aisíoctar 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais sin a fuair siad. Is é is cuspóir leis an bhfaireachas, a mheas an bhfuil aon bhaol ann nach mbeidh tíortha ábalta na hiasachtaí a fuair siad faoina gcláir a aisíoc.
- Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach agus ó fhoireann BCE ar thabhairt i gcrích an naoú misean faireachais iarchláir go hÉirinn
- Ráiteas a rinne foireann an Choimisiúin Eorpaigh agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh tar éis an naoú misean faireachais iarchláir chun na Spáinne
- Tuarascáil Faireachais Iarchláir. Éire, Earrach 2018
- Tuarascáil Faireachais Iarchláir. An Spáinn, Earrach 2018
- Éire : Comhairliúchán Airteagal IV 2018
An rún atá ag an mBulgáir a bheith rannpháirteach i meicníocht ráta malairte an Aontais (ERM 11)
Ar imeall chruinniú an Ghrúpa Euro, tháinig na hionadaithe ó Bhallstáit an limistéir Euro, an Banc Ceannais Eorpach agus an Danmhairg le chéile, agus an Coimisiún Eorpach agus an Bhulgáir i láthair, chun plé a dhéanamh ar iarratas na Bulgáire a bheith rannpháirteach in ERM 11.
Ghlac rannpháirtithe an chruinnithe ráiteas.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President
- +32 478 83 26 64
- +32 2 281 75 32
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUROGROUP
Cruinnithe eile: An Grúpa Euro
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025