Skip to content

Sásra Maoirseachta Aonair

Na príomhchuspóirí:

  • maoirseacht fheabhsaithe ar earnáil baincéireachta na hEorpa a áirithiú i gcomhréir le tacar aonair de chaighdeáin agus de cheanglais ardleibhéil
  • stóinseacht earnáil baincéireachta na hEorpa a áirithiú
  • cur leis an gcobhsaíocht airgeadais agus leis an gcomhtháthú airgeadais sa limistéar euro agus sa mhargadh inmheánach ina iomláine

Is córas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh é an Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) - ar cuid fíorthábhachtach den aontas baincéireachta é - chun maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro agus i mBallstáit an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro ach a roghnaíonn a bheith páirteach sa sásra.

Is é an cuspóir atá aige a áirithiú go ndéanfar maoirseacht fheabhsaithe ar earnáil baincéireachta na hEorpa.

Déantar an mhaoirseacht trí struchtúr comhtháthaithe a cheanglaíonn údarás fornáisiúnta (an Banc Ceannais Eorpach) le húdaráis náisiúnta maoirseachta, agus a chomhoibríonn go dlúth i gcomhréir le tacar aonair de chaighdeáin agus de cheanglais ardleibhéil.

Tacaítear le gníomhaíochtaí an tSásra Maoirseachta Aonair trí fhoras fíorthábhachtach eile den aontas baincéireachta, mar atá, an Sásra Réitigh Aonair, ina bhfuil údarás réitigh aonair (an bord) agus ciste réitigh aonair chun cuidiú le bainc anásta a réiteach.

Príomhchúraimí 

  • maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa féachaint an gcomhlíonann siad na riachtanais stuamachta
  • laigí a bhrath go luath
  • a áirithiú go ngníomhófar chun na laigí sin a cheartú, ionas nach mbeidh siad ina mbagairt ar an gcobhsaíocht fhoriomlán airgeadais

Struchtúr

Tá an Sásra Maoirseachta Aonair comhdhéanta den Bhanc Ceannais Eorpach (BCE) agus de na húdaráis náisiúnta maoirseachta de chuid na mBallstát sin den Aontas atá rannpháirteach.

Gníomhartha dlíthiúla

Is éard atá i dtéacsanna bunaidh an tsásra maoirseachta aonair Rialachán lena mbronntar cúraimí maoirseachta ar an mBanc Ceannais Eorpach agus Rialachán leasaithe maidir leis an Údarás Baincéireachta Eorpach a bhunú.

Socruithe comhair

Bunaítear na socruithe praiticiúla a bhaineann le comhar idir an Banc Ceannais Eorpach agus na húdaráis naisiúnta maoirseachta le Rialachán BCE, 'Rialachán Réime SMA' mar a ghlaoitear air.

Rinneadh socruithe cosúla comhair idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Banc Ceannais Eorpach, agus idir Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach.

Cad iad na cúraimí atá ar rannpháirtithe an tSásra Mhaoirseachta Aonair ?

 

Déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach maoirseacht dhíreach ar 120 de na grúpaí baincéireachta is mó sa limistéar euro, lena gcumhdaítear níos mó ná 85 % de na sócmhainní baincéireachta agus déanfaidh sí maoirseacht indíreach ar thart ar 3 400 institiúid bheaga 
©© Jörg Hackemann - Fotolia.com

An Banc Ceannais Eorpach

Is é an Banc Ceannais Eorpach atá freagrach as feidhmiú ginearálta an tSásra Mhaoirseachta Aonair.

Déanann sé maoirseacht dhíreach ar bhainc 'shuntasacha' uile an limistéir euro (agus go háirithe ar bhainc mhóra, shistéamacha) i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta maoirseachta.

Na bainc atá faoi réir maoirseachta dírí, is iad sin na bainc a bhfuil sócmhainní níos mó ná €30 billiún acu nó arb ionann iad agus 20% ar a laghad d'Olltáirgeacht Intíre a dtír tionscnaimh. Go nuige seo, tá thart ar 120 banc mar sin sa limistéar euro, arb ionann iad agus beagnach 85% de shócmhainní iomlána baincéireachta an limistéir.

Is éard atá i gceist leis an maoirseacht ná seiceálacha rialta a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil na bainc feiliúnach le haghaidh gnó. Áirítear air sin iniúchadh ar conas a thugann siad airgead ar iasacht, conas a fhaigheann siad airgead ar iasacht agus conas a dhéanann siad infheistíocht nó, níos ginearálta fós, ar an gcaoi ina gcomhlíonann siad an leabhar rialacha aonair.

Ghlac an Banc Ceannais Eorpach a chuid cúraimí maoirseachta air féin ina n-iomláine i mí na Samhna 2014.

Ag an gcéim ullmhúcháin, rinneadh fóntacht na mbanc a fhéachaint trí 'measúnú cuimsitheach', lena n-áirítear na hathbhreithnithe ar chláir chomhordaithe na mbanc, go háirithe cáilíocht na sócmhainní, agus na 'tástálacha struis', atá ceaptha tástáil a dhéanamh ar cibé an bhfuil caipitliú leordhóthanach acu agus an bhfuil siad réidh chun géarchéimeanna a sheasamh.

Déanann an Banc Ceannais Eorpach athbhreithnithe den sórt sin i gcomhar leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, i gcás inarb iomchuí. 

Tá sé de chumhacht aige freisin ceadúnais bhaincéireachta a bhronnadh nó a tharraingt siar, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta maoirseachta, agus smachtbhannaí a fhorchur ar na bainc i gcásanna de neamhchomhlíonadh.

Ina theannta sin, déanann sé faireachán ar an maoirseacht a dhéanann na húdaráis náisiúnta ar bhainc eile nach bhfuil chomh mór céanna. Féadfaidh sé a chinneadh maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar aon bhanc i mBallstáit atá rannpháirteach sa sásra maoirseachta aonair chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcaighdeán maoirseachta a áirithiú.

an Banc Ceannais Eorpach freagrach do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Pharlaimint na hEorpa as cur chun feidhme na rialacha sin. Chomhaontaigh sé socruithe sonracha maidir le trédhearcacht agus cuntasacht le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle araon.

Bord maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh

Is Bord Maoirseachta a cuireadh ar bun go speisialta chun na hoibre sin a dhéanann cúraimí maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh. Meastar cinntí an bhoird a bheith glactha ach amháin má dhiúltaíonn Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais iad.

Tá an bord comhdhéanta díobh seo leanas:

  • an cathaoirleach
  • an leaschathaoirleach
  • 4 ionadaí ón mBanc Ceannais Eorpach
  • 1 ionadaí ó gach ceann de na húdaráis náisiúnta maoirseachta i mBallstáit an Aontais is rannpháirteach

Dlitear na cearta iomlána, cothroma vótála do na tíortha nach bhfuil sa limistéar euro ach atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair, mar an gcéanna leis na cearta atá ag baill an limistéir euro ar an mBord Maoirseachta.

Ceapadh Danièle Nouy mar chathaoirleach Bhord Maoirseachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh i mí na Nollag 2013 agus ceapadh Sabine Lautenschläger mar leaschathaoirleach an Bhoird Maoirseachta i mí Feabhra 2014. Ceapadh an bheirt acu do thréimhse 5 bliana, ar tréimhse í nach féidir a athnuachan.

Údaráis náisiúnta maoirseachta

Tá na húdaráis náisiúnta maoirseachta freagrach as faireachán a dhéanamh ar bhainc níos lú agus déanann siad cúraimí laethúla eile maoirseachta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí, sciúradh airgid, seirbhísí íocaíochta agus brainsí banc de chuid tríú tíortha.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is í an Chomhairle a cheapann cathaoirleach agus leaschathaoirleach an Bhoird Maoirseachta. Is é an Banc Ceannais Eorpaigh a mholann na hiarrthóirí agus caithfidh Parlaimint na hEorpa a formheas a thabhairt uaithi.

Sa bhreis air sin, tá sé de cheart ag an bParlaimint agus ag an gComhairle nós imeachta a thionscnamh chun an cathaoirleach a bhaint, cé gur de rogha an Bhainc Cheannais atá aon ghníomhaíocht a dhéanfar dá fhreagairt.

An tÚdarás Baincéireachta Eorpach

Tá an tÚdarás Baincéireachta Eorpach freagrach as cur chun feidhme éifeachtach, comhsheasmhach an leabhair rialacha aonair san earnáil baincéireachta a áirithiú. Glacann sé páirt freisin in ullmhú na dtástálacha struis a dhéanfaidh an Banc Ceannais Eorpach ar na bainc, toisc gur faoin Údarás atá sé an cleachtadh tástála struis a chomhordú ar fud an Aontais ina iomláine.

Tuige an Sásra Maoirseachta Aonair?

Bhí gá le maoirseacht chomhtháite bhaincéireachta ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an riosca breise ó thaobh iarmhairtí agus ó thaobh tógáil trasteorann de i gcás géarchéimeanna bainc san Aontas. Méadaíodh an riosca sin agus méadaíodh gníomhaíochtaí trasteorann earnáil baincéireachta na hEorpa agus an idirthuilleamaíocht a eascraíonn as na gníomhaíochtaí sin.

Guais chinniúnach a bhí sa limistéar euro inar léiríodh sa ghéarchéim airgeadais le déanaí nár leor an mhaoirseacht náisiúnta baincéireachta a chomhordú chun géarchéimeanna a bhainistiú agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Dá thoradh sin, chinn na Ballstáit go raibh gá le córas maoirseachta baincéireachta aonair.