Skip to content
  • An Grúpa Euro

An Grúpa Euro, 01/10/2018, 1 Deireadh Fómhair 2018

Na príomhthorthaí

Cruinniú den Ghrúpa Euro i ngnáthfhormáid de 19 dtír de chuid an limistéir euro

Cobhsaitheoirí uathoibríocha náisiúnta

Bhí plé téamach ag an nGrúpa Euro faoi ról na gcobhsaitheoirí uathoibríocha náisiúnta. Mhalartaigh na hairí tuairimí faoin gcaoi a bhféadfaí le beartais náisiúnta na cobhsaitheoirí uathoibríocha a fheabhsú agus chomhroinn siad a dtaithí náisiúnta sa réimse sin chomh maith.

Is iad cobhsaitheoirí uathoibríocha náisiúnta dea-fheidhmiúla, lena n-áirítear córais chánach agus córais slándála sóisialta na príomhfhoinsí cosanta i gcás tír atá thíos le tuairt gheilleagrach. Tá tábhacht ar leith ag baint leo do thíortha a bhaineann le haontas airgeadaíochta, toisc nach féidir leo brath ar a mbeartais airgeadaíochta agus a mbeartais ráta malairte féin le gníomhú i gcoinne tuairteanna.

Rinne na hairí plé chomh maith ar an gcaoi a mbaineann cobhsaitheoirí uathoibríocha náisiúnta agus maoláin fhioscacha leis an ngá atá le comh-acmhainn fhéideartha fhioscach don limistéar euro.

Cruinnithe idirnáisiúnta a ullmhú lena n-áirítear plé i ndáil le forbairtí ar an ráta malairte

Rinne na hairí breithniú ar na forbairtí ba dhéanaí ar an ráta malairte. Seo plé rialta taobh istigh den Ghrúpa Euro ar mhaithe le hullmhú le haghaidh cruinnithe idirnáisiúnta.

Tionólfar na chéad chruinnithe eile de chuid G20 agus CAI in Bali na hIndinéise ar an 11-12 Deireadh Fómhair agus ar an 12-14 Deireadh Fómhair faoi seach.

Cruinniú de 27 mBallstát

Athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach

Phléigh an Grúpa Euro an t-athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), mar a bhí sainordaithe ag cruinniú an Ghrúpa Euro i mí an Mheithimh i mbliana. Táthar ag súil go dtiocfadh an Grúpa Euro ar chomhaontú maidir le 'bileog téarmaí d'fhorbairt bhreise SCE faoi mhí na Nollaig 2018'.

Bhí an plé dírithe ar dhá ghné den athchóiriú:

  • athbhreithniú ar shraith straitéisí SCE, go háirithe éifeachtacht na n-ionstraimí réamhchúraim agus a gcritéir incháilitheachta
  • ról SCE i mbainistiú agus cosc géarchéime

Chomhaontaigh na hairí tuilleadh obair theicniúil a iarraidh, go háirithe maidir le héifeachtacht na líne creidmheasa coinníollaithe réamhchúraim agus na gcritéar gaolmhar incháilitheachta ex ante.

Anuas air sin, chomhaontaigh siad go leanfaí den phlé faoi ról SCE i mbainistiú agus cosc géarchéime a fhorbairt, agus iad ag díriú ar an ngá atá le forluí féideartha a sheachaint maidir le próisis reatha an Aontais agus inniúlachtaí an Choimisiúin Eorpaigh sa réimse seo.

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

  • Johannes Kleis Spokesperson for Eurogroup President

  • +32 478 83 26 64
  • +32 2 281 75 32

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Grúpa Euro

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 13 Eanáir 2025