"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
Fís-sleachta ón gcruinniú a bhí ag an nGrúpa Euro i mí an Mheithimh 2019
Formáid chuimsitheach
Neartú an AEA – ullmhúchán do chruinniú mullaigh Euro mhí an Mheithimh
Tar éis an tsainordaithe a fuair ceannairí an Aontais ag an gcruinniú mullaigh Euro ar an 14 Nollaig, lean an Grúpa Euro i bhformáid chuimsitheach leis an bplé ar dhoimhniú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) d'fhonn ullmhúchán a dhéanamh do chruinniú mullaigh Euro mhí an Mheithimh.
Chomhaontaigh na hairí bileog téarmaí ina ndéantar cur síos ar chuid de ghnéithe na hionstraime buiséadaí cóineasaithe agus iomaíochais. Cuirfear an bhileog téarmaí seo faoi bhráid Uachtarán na Comhairle Eorpaí roimh an gcruinniú mullaigh Euro.
Tháinig an Grúpa Euro ar chomhaontú ginearálta freisin maidir le téacs Chonradh SCE a athbhreithniú chun an comhaontú polaitiúil ar thángthas air ag an gcruinniú mullaigh Euro i mí na Nollag 2018 a chur chun feidhme. Cumhdaítear sa chomhaontú saincheisteanna amhail an cúlstop coiteann le haghaidh réiteach bainc, na hionstraimí réamhchúraim chomh maith le gnéithe institiúideacha agus saincheist an chomhair idir SCE agus an Coimisiún Eorpach laistigh agus lasmuigh de na cláir.
An aidhm a bhí againn beart a chur i gcrích i dtrí phríomhréimse roimh an gCruinniú Mullaigh Euro: an ionstraim bhuiséadach, Conradh SCE agus an tAontas Baincéireachta. Tá níos mó oibre ag teastáil, ach tá fíor-dhul chun cinn déanta againn.
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Athbhreithniú Airteagal IV ar an limistéar euro ag CAI
Rinne Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Christine Lagarde, toradh an chomhairliúcháin faoi Airteagal IV a rinne CAI leis an limistéar euro a chur i láthair. Táthar ag súil go bhfoilseoidh CAI an tuarascáil chríochnaitheach go luath.
Téann CAI i gcomhairle lena chomhaltaí féin go léir ar an dóigh sin gach bliain, idir thíortha ar leith agus réigiúin airgeadra, an limistéar euro san áireamh. Déantar amhlaidh i gcomhréir le hAirteagal IV d'Airteagail Chomhaontaithe CAI.
Plé téamach ar an bhfás agus ar phoist – éagothroime
Phléigh an Grúpa Euro an éagothroime sa limistéar euro, bunaithe ar an anailís ón gCoimisiún Eorpach chomh maith le cur i láthair ó Phillippe Aghion, eacnamaí de chuid na Fraince agus ollamh ag an Collège de France agus ag an London School of Economics. Ghlac sé páirt sa chruinniú ar chuireadh ó Uachtarán an Ghrúpa Euro agus rinne sé cur i láthair ar an gcaoi leis an nuálaíocht agus an fás cuimsitheach a thabhairt chun réitigh.
Tá cur chun cinn na gcúinsí as a dtagann an fás cuimsitheach ar cheann de na tosaíochtaí atá ag an nGrúpa Euro agus an méid sin ríthábhachtach d'fheidhmiú feabhsaithe an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta i gcoitinne.
Chuir an Coimisiún Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) an Grúpa Euro ar an eolas maidir le príomhthorthaí an 6ú misean faireachais iarchláir chuig an gCipir a bhí ar siúl idir an 18 agus an 22 Márta 2019. Chuir an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) i láthair na torthaí a tháinig as an gcóras réamhrabhaidh agus rinne CAI amhlaidh freisin – maidir leis an tríú misean faireachais iarchláir chuig an gCipir. D'aontaigh an Grúpa Euro leis an measúnú a rinne na hinstitiúidí.
Is é an aidhm atá le faireachas iarchláir, a dhéanamh amach cé na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chumas na tíre iasachtaí a fuair sí faoin gclár coigeartaithe roimhe sin a aisíoc. Leantar den fhaireachas go dtí go mbíonn 75 % ar a laghad den iasacht aisíoctha.
Ghlac an Grúpa Euro a chlár oibre don dara leath den bhliain seo.
Pacáiste an earraigh ón gCoimisiún
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi phacáiste an earraigh a chuir sí i láthair le déanaí, agus a bhfuil bearta ann a bhaineann leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Sa chomhthéacs sin, bhí plé gonta ag an nGrúpa Euro ar an staid san Iodáil. D'aontaigh na hairí leis an anailís ón gCoimisiún agus leis an tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (EFC), go bhfuil údar le Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach (EDP). Ag féachaint chun cinn, d'fhéadfaí eilimintí eile a mhol an Iodáil a chur san áireamh.
"Iarrtar ar an Iodáil na bearta riachtanacha a dhéanamh chun comhlíonadh fhorálacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a áirithiú."
Uachtarán an Ghrúpa Euro, Mário Centeno
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.