- An Chomhairle Eorpach
An Chomhairle Eorpach, 21-22/03/2019, 21-22 Márta 2019
Na príomhthorthaí
Déardaoin, 21 Márta 2019, tháinig ceannairí AE27 le chéile chun Brexit a phlé.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach (Airt. 50), 21/03/2019
- A ndúirt an tUachtarán, Donald Tusk, tar éis na Comhairle Eorpaí (Airt. 50), 21/03/2019
Tháinig ceannairí an Aontais le chéile arís Dé hAoine, 22 Márta 2019, agus dhírigh siad ar an ngeilleagar agusar an gcéad chruinniú mullaigh eile leis an tSín. Ina theannta sin, phléigh siad an t-athrú aeráide agus ghlac siad conclúidí maidir lena áirithiú go mbeidh ann saorthoghcháin chóra, agus conclúidí maidir le comhrac na bréagaisnéise.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 22/03/2019
- A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk tar éis chruinniú na Comhairle Eorpaí, 22/03/2019
Brexit
Thug na ceannairí dá n-aire litir an Phríomh-Aire Theresa May dar dáta an 20 Márta 2019, inar iarr sí Brexit a chur siar go dtí an 30 Meitheamh 2019. Thairg na ceannairí síneadhgo dtí an 22 Bealtaine 2019. Deonófar an síneadh sin má fhormheasann Parlaimint na Ríochta Aontaithe an comhaontú um tharraingt siar an tseachtain seo chugainn. Mura bhformheasfaidh, is é atá aontaithe ag ceannairí an Aontais go gcuirfear Brexit siar go dtí an 12 Aibreán 2019, agus iad ag súil go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe bealach chun tosaigh a chur in iúl roimh an dáta sin.
"Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach nach bhféadfar an Comhaontú um Tharraingt Siar a aontaíodh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mí na Samhna 2018 a oscailt." Conclúidí ón gComhairle Eorpach (Airt. 50)
Maidir le haon ghealltanas nó ráiteas aontaobhach nó aon ghníomh aontaobhach eile, chuir ceannairí AE27 i dtreis gur cheart é a bheith ag luí le fuarlitir agus le spiorad an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. D'iarr siad go leanfaí leis an obair ullmhachta agus teagmhais ar gach leibhéal i dtaca le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus gach toradh a d'fhéadfadh a bheith ar an tarraingt siar á chur san áireamh.
D'fhormheas an Chomhairle Eorpach (Airt. 50) an ionstraim i dtaca leis an gcomhaontú um tharraingt siar agus an ráiteas comhpháirteach lena ndéantar forlíonadh ar an dearbhú polaitiúil a aontaíodh idir an Coimisiún Eorpach agus rialtas na Ríochta Aontaithe in Strasbourg ar an 11 Márta 2019.
Cinneadh foirmiúil maidir le síneadh a chur le Brexit
Ar an 22 Márta 2019, ghlac an Chomhairle Eorpach (Airt. 50) cinneadh lenar cuireadh ar bhonn foirmiúil an comhaontú polaitiúil ar thángthas air an 21 Márta 2019 maidir le síneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50. I gcomhréir leis na Conarthaí, is i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe a glacadh an cinneadh.
An caidreamh seachtrach
An tSín
D'ullmhaigh an Chomhairle Eorpach an cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSín atá le bheith ann ar an 9 Aibreán 2019. Malartaíodh tuairimí faoin gcaidreamh foriomlán leis an tSín sa chomhthéacs domhanda.
''Is é is aidhm dúinn díriú ar chaidreamh cothrom a bhaint amach, lena gcinntítear iomaíocht chóir agus rochtain chomhionann ar an margadh. Sa chomhthéacs sin, tá súil againn a chur ina luí ar an tSín fóirdheontais thionsclaíocha a áireamh mar chuid ríthábhachtach d'athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála.'' Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí
An Úcráin
Tá cúig bliana ann ó rinne an Rúis ionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé agus Sevastopol agus tá an tAontas fós diongbháilte ina thiomantas do cheannasacht agus d'iomláine chríochach na hÚcráine.
''Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach nach n-aithníonn sé an ionghabháil sin, agus ní staonfaidh sé den sárú seo ar an dlí idirnáisiúnta a cháineadh, sárú ar lombhagairt go fóill é ar an tslándáil idirnáisiúnta.'' Conclúidí ón gComhairle Eorpach
Mósaimbíc, an Mhaláiv agus an tSiombáib
Ba mhór an díol trua don Chomhairle Eorpach an bás agus an scrios a lean an stoirm trópaiceach Idai i Mósaimbíc, sa Mhaláiv agus sa tSiombáib. Ba dhíol sásaimh di go raibh an plean práinnfhreagartha curtha i bhfeidhm cheana féin ag an Aontas gona Bhallstáit, agus chuir sí in iúl go raibh sí lánsásta leanúint uirthi ag cur fóirithint phráinneach dhaonnúil ar fáil.
An trádáil idir an tAontas agus an tSín: fíricí agus figiúirí (Grafaic faisnéise)
Bonn eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh a neartú
Chomhaontaigh na ceannairí go raibh sé thar a bheith tábhachtach, do rathúnas agus d'iomaíochas na hEorpa, go mbeadh bonn láidir faoin ngeilleagar. Dúirt siad gur mar seo a leanas ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach:
- an margadh aonair, ar ceart dó béim a leagan ar an ngeilleagar seirbhísí
- an beartas tionsclaíoch, ar ceart dó díriú inter alia ar an intleacht shaoráideach
- an beartas digiteach, ar ceart dó a bheith in ann ag ré an chlaochlaithe dhigitigh agus ag teacht chun cinn an gheilleagair sonraí
Chuige sin, d'iarr an Chomhairle Eorpach ar an Aontas gona Bhallstáit gníomhú mar seo a leanas:
1. An margadh aonair a dhoimhniú agus a neartú a thuilleadh
Iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach plean gníomhaíochta fadtéarmach a cheapadh faoi mhí an Mhárta 2020 chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr.
2. Bonn tionsclaíoch inbhuanaithe iomaíoch a chur ar bun
Tugtar cuireadh don Choimisiún fís fhadtéarmach a chur ar fáil, faoi dheireadh 2019, ina mbeidh bearta nithiúla maidir le todhchaí thionsclaíoch an Aontais.
3. An geilleagar digiteach a fhorbairt
Tá an Chomhairle Eorpach ag súil leis an moladh ón gCoimisiún maidir le slándáil na líonraí 5G.
4. Dlús a chur le hinfheistíocht agus dul i riosca sa taighde agus sa nuálaíocht, le bearta amhail tacú leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach
5. Clár oibre saorthrádála a bhrú chun cinn, agus bearta amhail comhaontuithe nua saorthrádála a thabhairt i gcrích, agus leas iomlán a bhaint as ionstraimí cosanta trádála, agus athchromadh ar phlé ar ionstraim idirnáisiúnta soláthair an Aontais. Ina theannta sin, d'iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí a dteastaíonn chun ráiteas comhpháirteach na Stát Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh an 25 Iúil 2018 a chur chun feidhme go beo.
An t-athrú aeráide
''Athdhearbhaíonn an Chomhairle Eorpach a tiomantas do Chomhaontú Pháras agus aithníonn sí gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí domhanda atá á ndéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide i bhfianaise an eolais eolaíochta is deireanaí atá ar fáil.'' Conclúidí ón gComhairle Eorpach
Chuir ceannairí an Aontais i dtreis a thábhachtaí atá sé go dtíolacfadh an tAontas straitéis fhadtéarmach uaillmhianach faoi 2020. Is é an cuspóir atá ann féachaint leis an neodracht aeráide a bhaint amach agus sainiúlachtaí na mBallstát agus iomaíochas earnáil tionscail na hEorpa a chaomhnú san am céanna.
D'iarr an Chomhairle Eorpach go gcuirfí dlús lena cuid oibre ar straitéis aeráide fhadtéarmach de théisclim don phlé a dhéanfar ar an gceist sa Chomhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2019. Ina theannta sin, chuir na ceannairí in iúl do thíortha an Aontais Eorpaigh a straitéisí fadtéarmacha náisiúnta a thabhairt chun críche.
Comhrac na bréagaisnéise
Ina theannta sin, ghlac na cinn stáit nó rialtais conclúidí maidir le gleic na bréagaisnéise agus leis an ngá atá le sláine dhaonlathach na dtoghchán Eorpach agus náisiúnta ar fud an Aontais a chosaint. Thathantaigh an Chomhairle Eorpach ar oibreoirí príobháideacha, amhail ardáin ar líne agus líonraí sóisialta, an Cód Cleachtais a chur chun feidhme go hiomlán agus caighdeáin is airde freagrachta agus trédhearcachta a áirithiú.
Comóradh ceathrú céid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch
Tugadh cuireadh chuig an gComhairle Eorpach do Phríomh-Airí na hÍoslainne, Lichtinstéin, agus na hIorua chuig comóradh ceathrú céid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch. Ag an ócáid sin, ar an Aoine 22 Márta, bhí deis ag ceannairí an Aontais tuairimí a mhalartú.
In Porto na Portaingéile in 1992 a síníodh an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch; in 1994 a tháinig sé i bhfeidhm. Déantar foráil ann maidir leis an gcuid sin de reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a chuimsíonn na ceithre shaoirse – saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, daoine agus caipitil ar fud 31 Stát LEE.
European Economic Area - 25 years (Grafaic faisnéise)
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Preaseisiúintí
Report by President Donald Tusk to the European Parliament on March European Council meetings - 27/03/2019
A ndúirt an tUachtarán, Donald Tusk, i ndiaidh na gcruinnithe den Chomhairle Eorpach ar an 21 agus an 22 Márta 2019 - 22/03/2019
Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 22 Márta 2019 - 22/03/2019
An Banc Ceannais Eorpach: ceapachán Philip R. Lane chuig an mBord Feidhmiúcháin - 22/03/2019
Aitheasc a thug an tUachtarán Donald Tusk agus ceathrú céad Chomhaontú LEE á chomóradh - 22/03/2019
Conclúidí ón gComhairle Eorpach (Airt. 50), 21 Márta 2019 - 21/03/2019
An cuireadh ón Uachtarán Donald Tusk chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí in oirchill na gcruinnithe a bheidh acu ar an 21 agus ar an 22 Márta 2019 - 20/03/2019
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Jüri Laas Preasoifigeach
- +32 2 281 55 23
- +32 470 95 75 61
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Eorpach
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025