- An Chomhairle Eorpach
An Chomhairle Eorpach, 13-14/12/2018, 13-14 Nollaig 2018
Na príomhthorthaí
Dhírigh an Chomhairle Eorpach, a bhí ar siúl an 13-14 Nollaig 2018, ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais, ar an gcaidreamh seachtrach, ar an imirce agus ar an margadh aonair. Ina theannta sin, phléigh ceannairí AE27 Brexit Déardaoin agus an limistéar euro Dé hAoine.
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 13-14/12/2018
- Conclúidí ón gComhairle Eorpach (Airt. 50), 13/12/2018
- A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk tar éis na gcruinnithe den Chomhairle Eorpach agus den Chruinniú Mullaigh Euro, 14/12/2018
- Litir ón Uachtarán Tusk chuig an Uachtarán Tajani ina bhfuil tuairisciú ar an toradh a bhí ar an gComhairle Eorpach i mí na Nollag, 20 Nollaig 2018
Ag tús an chruinnithe, thug an Seansailéir Sebastian Kurz, atá ina ionadaí d'Uachtaránacht na hOstaire, forléargas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle Eorpach roimhe seo.
Buiséad an Aontais don tréimhse 2021-2027
Thug an Chomhairle Eorpach faoin gcéad bhabhta plé shubstaintiúil ar chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 i bhfianaise tuarascála ar dhul chun cinn ó Uachtaránacht na Comhairle. D'iarr sí ar an gcéad Uachtaránacht eile leanúint den obair mhór a rinneadh le bliain anuas ar an CAI nua, buiséad fadtéarmach an Aontais. Tá na ceannairí ag súil go mbainfear comhaontú amach ag an gComhairle Eorpach i bhfómhar na bliana 2019.
An caidreamh seachtrach
Phléigh ceannairí an Aontais an obair ullmhúcháin atá ar bun don chruinniú mullaighle Léig na nArabach ar an 24 agus an 25 Feabhra 2019.
Thug an Seansailéir Merkel agus an tUachtarán Macron eolas do na ceannairí faoi chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc. Ós rud é nach ndearnadh aon dul chun cinn, rinne an Chomhairle Eorpach an cinneadh polaitiúil leanúint leisna smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na Rúise.
Chuir sí in iúl gur cúis mhór imní di an géarú atá tagtha ar chúrsaí i gCaolas Kerch agus i Muir Mheoid. D'iarr sí go saorfaí láithreach na mairnéalaigh go léir sin de chuid na hÚcráine atá á gcoinneáil, go dtabharfaí ar ais gach soitheach a gabhadh, agus go dtabharfaí cead seolta trí Chaolas Kerch do gach long.
Is díol sásaimh don Chomhairle an vóta dearfach a caitheadh i bParlaimint na hEorpa ar an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus an tSeapáin, agus is fada léi go dtaga sé i bhfeidhm gan mhoill.
Brexit
Bhí cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach, i bhformáid Airteagal 50, ag ceannairí AE27, chun Brexit a phlé. D'athdhearbhaigh siad na conclúidí a glacadh ar an 25 Samhain 2018, inar fhormhuinigh siad an comhaontú um tharraingt siar agus inar fhormheas siad an dearbhú polaitiúil.
"Seasann an tAontas leis an gcomhaontú sin agus tá rún aige é a dhaingniú. Ní bheidh aon athchaibidil ann." Conclúidí ón gComhairle Eorpach (Airt. 50), 13 Nollaig 2018
Chuir an Chomhairle Eorpach i dtreis gur mar chúl cosanta a cuireadh an cúlstop ann chun go seachnófaí teorainn chrua ar oileán na hÉireann agus chun iomláine an mhargaidh aonair a áirithiú. "Ina theannta sin, dá ngníomhachtófaí an cúlstop in ainneoin na n-ainneoin, nach mbeadh aige ach feidhm shealadach mura ngabhfadh, agus go dtí go ngabhfadh, comhaontú dá éis sin ina ionad, comhaontú a chinnteodh go seachnófaí teorainn chrua," a dúirt ceannairí AE27 sna conclúidí.
Ina theannta sin, phléigh na ceannairí a n-ullmhacht ar fhaitíos nach dtiocfaí ar mhargadh ar bith.
An margadh aonair
D'iarr an Chomhairle Eorpach go leanfaí den obair ar chlár oibre an mhargaidh aonair, lenar cuireadh leas, fás agus poist ar fáil san Aontas le 25 bliana anuas. Ba mhian leis na ceannairí dul chun cinn a fheiceáil sna réimsí seo a leanas:
- obair reachtach leanúnach
- comhordú le réimsí beartais gaolmhara
- cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta
- iomaíochas domhanda
- claochlú digiteach
Chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach go dtionólfaí plé cuimsitheach in earrach na bliana 2019, mar ullmhúchán don chéad Chlár Oibre Straitéiseach eile.
An imirce
Rinneadh líon na n-imirceach neamhrialta a laghdú go dtí gurb ionann é anois agus an líon a bhí ag teacht sular thosaigh an ghéarchéim, a bhuí leis na rialuithe ag na teorainneacha seachtracha, leis an gcomhrac i gcoinne na smuigléirí agus leis an gcomhar níos fearr a dhéantar leis na tíortha tionscnaimh agus idirthurais. D'iarr na ceannairí go ndéanfaí beartas seachtrach imirce an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme a thuilleadh.
Maidir le beartais inmheánacha an Aontais, d'iarr na ceannairí ar na comhreachtóirí an chaibidlíocht maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach a thabhairt chun críche go gasta.
Mhol siad freisin go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun an chaibidlíocht maidir leis an nGníomhaireacht Tearmainn, an Treoir um Fhilleadh agus maidir leis an athchóiriú ar chóras tearmainn an Aontais a thabhairt chun críche.
An t-athrú aeráide
I bhfianaise na Teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal A Clean Planet for all [Pláinéad Glan do Chách], agus i bhfianaise an toraidh a bhí ar COP24 in Katowice, d'iarr ceannairí an Aontais ar an gComhairle díriú ar na heilimintí sin a leagadh amach sa teachtaireacht. Cuirfidh an Chomhairle Eorpach treoir ar fáil maidir leis an treo foriomlán agus na tosaíochtaí polaitiúla sa chéad seimeastar de 2019. Cuirfidh sé sin ar chumas an Aontais straitéis fhadtéarmach a chur isteach faoi 2020, i gcomhréir le Comhaontú Pháras.
An tslándáil agus an chosaint
Ba dhíol sásaimh do na ceannairí an dul chun cinn a rinneadh i réimse na slándála agus na cosanta, amhail cur chun feidhme an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) agus na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata. D'fhormhuinigh na ceannairí comhshocrú sibhialtach CBSC.
Cuireann na tionscnaimh sin le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus a chumas chun gníomhú mar sholáthróir slándála, agus ag an am céanna le comhar idir an tAontas agus ECAT a neartú.
An Bhréagaisnéis
Tá ár gcórais dhaonlathacha faoi bhagairt mar gheall ar leathadh na bréagaisnéise. Leag ceannairí an Aontais béim ar an ngá le freagairt go práinneach don bhréagaisnéis ach lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha ag an am céanna. D'iarr siad go ndéanfaí an méid seo a leanas:
- cur chun feidhme mear an phlean gníomhaíochta comhpháirtigh a thíolaic an Coimisiún agus an tArdionadaí maidir le bréagaisnéis
- go ndéanfaí beart cinntitheach gan mhoill ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun a chinntiú go mbeidh toghcháin shaora chóra Eorpacha agus náisiúnta ann
Iarrtar ar an gComhairle leanúint den obair maidir leis an tsaincheist seo agus tuairisciú don Chomhairle Eorpach i mí an Mhárta 2019.
An comhrac i gcoinne an chiníochais agus na seineafóibe
Cháin ceannairí an Aontais gach cineál frith-Sheimíteachais, ciníochais agus seineafóibe, agus chuir siad i dtreis a thábhachtaí atá sé an éadulaingt a chomhrac. Ba dhíol sásaimh dóibh gur glacadh, ar an 6 Nollaig 2018, an Dearbhú ón gComhairle maidir leis an gcomhrac i gcoinne an fhrith-Sheimíteachais.
Comhairliúchán leis na saoránaigh
Rinne ceannairí an Aontais measúnú ar an toradh a bhí ar Chomhphlé leis na Saoránaigh agus Comhairliúchán leis na Saoránaigh a reáchtáladh i mBallstáit an Aontais. Chabhraigh sin le roinnt ábhair imní agus ionchais a bhí ag na saoránaigh maidir le torthaí nithiúla ón Aontais a aithint. Ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bheidh acu in Sibiu ar an 9 Bealtaine 2019, pléifidh na cinn stáit nó rialtais na tosaíochtaí don chéad timthriall institiúideach eile, le súil agus go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an gcéad Chlár Oibre Straitéiseach eile i mí an Mheithimh 2019.
An Cruinniú Mullaigh Euro
Ghlac ceannairí an Aontais ráiteas lena bhformhuinítear gach gné de thuarascáil an Ghrúpa Euro maidir leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a dhoimhniú, lena n-áirítear bileog téarmaí ar athchóiriú an tsásra cobhsaíochta Eorpaigh, na téarmaí tagartha maidir leis an gcúltaca coiteann don chiste réitigh aonair agus bealach chun cinn maidir leis an aontas baincéireachta.
Thug na ceannairí sainordú freisin don Ghrúpa Euro le haghaidh tuilleadh oibre ar ionstraim bhuiséadach cóineasaithe agus iomaíochais sa limistéar euro, i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil.
Comhaid na gcruinnithe
Preaseisiúintí
Indicative media programme - European Council, 21 and 22 March 2019 - 12/03/2019
A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk tar éis chruinniú mullaigh na Comhairle Eorpaí agus tar éis an chruinnithe mullaigh Euro ar an 14 Nollaig 2018 - 14/12/2018
Conclúidí ón gComhairle Eorpach, 13–14 Nollaig 2018 - 14/12/2018
A ndúirt an tUachtarán Donald Tusk tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach ar an 13 Nollaig 2018 - 14/12/2018
Conclúidí ón gComhairle Eorpach (Airt. 50), 13 Nollaig 2018 - 13/12/2018
Conclúidí ón gComhairle Eorpach maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus maidir leis an gcaidreamh seachtrach, 13 Nollaig 2018 - 13/12/2018
Cuireadh ón Uachtarán Donald Tusk chuig comhaltaí na Comhairle Eorpaí roimh na cruinnithe a bheidh ar siúl ar an 13 agus an 14 Nollaig 2018 - 12/12/2018
Indicative media programme - European Council, 13 and 14 December 2018 - 07/12/2018
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Jüri Laas Preasoifigeach
- +32 2 281 55 23
- +32 470 95 75 61
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #EUCO
Cruinnithe eile: An Chomhairle Eorpach
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 15 Eanáir 2025