- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 17-18/11/2014, 17-18 Samhain 2014
Tacaíonn an Chomhairle le tús a chur an athuair leis an idirphlé leis an Úcráin
Ag cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 17 Samhain, a raibh Federica Mogherini mar chathaoirleach air, phléigh airí gnóthaí eachtracha AE an staid mar atá san Úcráin agus, an 18 Samhain, labhair airí cosanta AE faoin tslándáil agus faoin gcosaint.
Is ar an Úcráin go príomha a dhírigh Comhairle Gnóthaí Eachtracha na míosa seo. Bhí idirphlé cuimsitheach ag airí AE maidir leis na himeachtaí a tharla le déanaí sa réigiún, maidir leis na hionchais síochána agus maidir le clár oibre na hÚcráine i ndáil le hathchóiriú.
Tar éis na tuairgneála tromchúisí atá ar bun le déanaí agus na dtuairiscí ar chonbhuanna armtha ag bogadh thar theorainn na Rúise isteach sna limistéir atá faoi smacht na ngrúpaí scarúnaíocha, thathantaigh an Chomhairle ar na páirtithe go léir Prótacal Minsk a chur chun feidhme ina iomláine agus cloí le coinníollacha an tsosa cogaidh.
Tá ról tábhachtach ag AE chun a áirithiú nach in olcas a rachaidh an staid mhíleata, shocheacnamaíocha agus dhaonnúil. Tacaíonn an Chomhairle le hidirphlé athnuaite idir Cív agus Moscó chun an tsaincheist a réiteach.
Smachtbhannaí nua á mbreithniú
Agus measúnú déanta acu ar an staid ar an láthair, d’iarr airí AE ar SEGS agus ar an gCoimisiún Eorpach togra a thíolacadh maidir le tuilleadh smachtbhannaí i gcoinne scarúnaithe.
Leanfaidh an Chomhairle de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid ar an láthair agus cinnfidh sí ar cheart na smachtbhannaí sin a chur i bhfeidhm.
Athchóirithe san Úcráin
D’fháiltigh an Chomhairle roimh na toghcháin pharlaiminteacha an 26 Deireadh Fómhair agus d’iarr sí go tapa go gcuirfí rialtas nua le chéile go gasta.
D'iarr airí AE ar na húdaráis i gCív gealltanas a dhéanamh go saothróidh siad athchóirithe eacnamaíocha agus riaracháin, lena n-áirítear athruithe bunreachtúla agus dílárú níos mó.
An 1 Nollaig 2014 an dáta a leag an Chomhairle síos do sheoladh mhisean Comhairleach AE le haghaidh Athchóiriú ar Earnáil na Slándála Sibhialta san Úcráin (EUAM an Úcráin).
18 Samhain 2014: slándáil agus cosaint ar chlár oibre na Comhairle
Rinne airí cosanta AE, ag teacht le chéile dóibh i bhformáid chosanta na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, plé ar Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) AE.
Pléifidh ceannairí AE spriocanna CBSC ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2015. D’iarr siad gur éifeachtúla a bheadh an beartas, gur láidre a bheadh an tionscal cosanta agus go gcuirfí leis na cumais mhíleata.
Phléigh airí cosanta AE, i gcomhluadar Jens Stoltenberg, Ardrúnaí ECAT, an staid i gComharsanacht na hEorpa ina hiomláine (go príomha an Úcráin, an Iaráic, an tSiria agus an Libia). Bhreathnaigh siad freisin ar an stádas atá ag na cúig oibríocht mhíleata Eorpacha sa Bhoisnia, i bPoblacht na hAfraice Láir, i Mailí, sa tSomáil agus i Murascaill Áidin.
Ábhair eile ar an gclár oibre
An Meánoirthear
Bhreathnaigh airí gnóthaí eachtracha AE ar a bhfuil ag tarlú i bpróiseas síochána an Mheánoirthir, tar éis don Ardionadaí cuairt a thabhairt ar an réigiún. Is ábhar mór buartha ag AE an teannas atá ag méadú agus an foréigean atá ag dul in olcas ar an láthair.
Tá fonn ar leith ar AE tús a chur an athuair leis an bplé maidir le próiseas síochána don réigiún, le John Kerry, Státrúnaí na Stát Aontaithe, faoi chuimsiú Chomhairle Slándála NA, agus ar an leibhéal réigiúnach le tíortha Arabacha eile freisin.
An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin
Bunaithe ar na tionscnaimh de chuid Ballstáit áirithe, rinne airí gnóthaí eachtracha AE plé ar ionchais an Bhoisnia agus na Heirseagaivéine maidir le ballraíocht AE a bhaint amach. Luaigh an tArdionadaí gur chomhaontaigh na hAirí próiseas a sheoladh ar bhonn nua gan athrú a dhéanamh ar na coinníollacha a ghabhann leis an bpróiseas maidir le méadú.
Ebola
Thug Christos Stylianides, Comhordaitheoir Ebola AE, faisnéis don Chomhairle maidir leis na príomhthorthaí agus na príomhthosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta a shainaithin sé tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Afraic Thiar le déanaí.
Ba dhíol sásaimh don Chomhairle é gur thug sé gealltanas go neartófar freagairt chomhchoiteann an Aontais Eorpaigh agus go gcomhordóidh sé a chuid oibre leis na Náisiúin Aontaithe, le heagraíochtaí réigiúnacha agus le comhpháirtithe tábhachtacha eile.
An Libia
Phléigh Airí AE freisin an obair a rinne Bernadino León, Toscaire Speisialta NA chuig an Libia, na hiarrachtaí idirghabhála a rinne NA sa tír agus an chaoi ar féidir le AE tacú leis an Libia chun stát cobhsaí, daonlathach agus cuimsitheach a bhunú.
Gan aon phlé, ghlac na hAirí freisin:
- creat beartais Cibearchosanta
- creat beartais chun cur leis an gcomhar cosanta san fhadtéarma
- conclúidí maidir leis an bplean gníomhaíochta i ndáil le léirscaoileadh víosaí don tSeoirsia
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025