- An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 20/10/2014, 20 Deireadh Fómhair 2014
Freagairt AE ar Ebola
Ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle Gnóthaí Eachtracha i Lucsamburg, phléigh airí an Aontais straitéisí comhpháirteacha chun víreas Ebola a choimeád faoi smacht. Bhí an méid a tharla le déanaí san Úcráin, sa Libia, san Iaráic, sa tSiria agus sa Mheánoirthear ar an gclár oibre freisin.
Is údar mór imní é don Chomhairle go bhfuil víreas Ebola fós ag leathadh in Iarthar na hAfraice. Ón 15 Deireadh Fómhair ar aghaidh, fuair os cionn 4 500 duine bás ó ghalar Ebola.
Rinne an Chomhairle comhbhrón an athuair, thar ceann na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh, leis na rialtais uile agus leis na saoránaigh uile a gcuireann an ráig isteach orthu.
Os cionn €1/2 bhilliún i gcoinne Ebola
Tá maoiniú á leithdháileadh ag AE ó Mhárta 2014 agus mhéadaigh sé a iarrachtaí ar bhonn leantach chun leathadh víreas Ebola a choimeád faoi smacht agus chun cóireáil a chur ar fáil do dhaoine ionfhabhtaithe.
Ar an iomlán, tá níos mó ná €500 milliún euro de chúnamh daonnúil agus forbraíochta geallta ag AE agus ag a Bhallstáit do na tíortha atá thíos leis an ngalar.
Cabhair agus saineolas ón Aontas ar an láthair san Afraic
An 20 Deireadh Fómhair 2014, mheabhraigh airí eachtracha AE an méid cabhrach ón Aontas atá ar fáil ar an láthair go dtí seo. Chuir siad a mbuíochas ó chroí in iúl do na hoibrithe daonnúla agus sláinte go léir atá ar an túslíne.
Mhol siad freisin go dtabharfaí níos mó maoinithe agus go seolfaí níos mó oibrithe chuig na tíortha atá buailte. Tá cúram iomchuí á ráthú ag AE d'oibrithe idirnáisiúnta sláinte atá ag obair go deonach, i gcás a n-ionfhabhtaithe.
Chomhaontaigh na hairí gur gá go ndéanfar an fhreagairt idirnáisiúnta a chomhordú níos fearr agus chomhaontaigh siad go bhféadfaí comhordaitheoir AE a ainmniú, a fhéadfaidh a áirithiú go mbeidh an tAontas Eorpach, na Ballstáit agus na Náisiúin Aontaithe rannpháirteach ar bhealach chomh héifeachtach agus is féidir.
D'aithin airí AE freisin go bhfuil sé riachtanach go mbunófar comhthiomsú saineolaithe sláinte deonacha a bheadh réidh le himscaradh i gcás géarchéime sláinte.
Ba dhíol sásaimh dóibh iarrachtaí chun dlús a chur le hinfheistíochtaí i dtaighde míochaine in aghaidh galar trópaiceach agus mhol siad go ndíreofaí comhar forbraíochta na hEorpa ar chórais sláinte na dtíortha sa réigiún a atreisiú.
Bearta coisctheacha san Eoraip
Meastar fós nach bhfuil ach baol beag ann go mbeidh ráigEbola forleathani measc phobal AE. Mar sin féin, ní mór do AE bheith ullamh ar eagla go bhfhillfeadh taistealaí, a bhfuil víreas Ebola air, ar an Aontas agus go mbeadh tuilleadh cásanna tánaisteacha san Eoraip.
An 20 Deireadh Fómhair, d'iarr airí eachtracha AE go ndéanfaí iniúchadh ar na córais scagtha taistealaithe a bunaíodh ag pointí fágála na dtíortha atá buailte agus go ndéanfaí na córais sin a neartú.
Leag siad béim freisin ar a thábhachtaí atá sé comhordú níos fearr a dhéanamh ar bhearta náisiúnta a ghlac Ballstáit AE cheana féin ag pointí fágála.
Ba cheart do na Ballstáit córais faisnéise víosaí agus faisnéis na n-iompróirí in earnáil an iompair a úsáid chun bheith ag coinne le hionfhabhtú galair a d'fhéadfadh tarlú.
Ba dhíol sásaimh don Chomhairle freisin na nithe seo a leanas:
- gur eagraíodh ceardlann ar dhea-chleachtas i ndáil le rialú ionfhabhtaithe i gcomhthéacs cúraim sláinte
- gur bunaíodh líonra deonach cliniceoirí chun Ebola a chóireáil ar leibhéal AE
Faisnéis phoiblí
Chuir an Chomhairle béim freisin ar an ngá atá ann na saoránaigh a chur ar an eolas go hoibiachtúil faoi na bearta a glacadh chun iad a chosaint ón éilliú a d'fhéadfadh a bheith ann.
Preaseisiúintí
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Maria Daniela Lenzu Press officer
- +32 470 88 04 02
- +32 2 281 21 46
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #FAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 28 Eanáir 2025