Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Físchomhdháil na n-airí forbartha, 23 Samhain 2020

Na príomhthorthaí

Faoiseamh Fiachais agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe

Phléigh airí forbartha an Aontais faoiseamh fiachais, infheistíocht agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), go háirithe i gcomhthéacs na freagartha domhanda ar COVID-19 agus na hiarrachta téarnaimh.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Ní mór dúinn a sheachaint go bhféadfadh roinnt tíortha dócmhainneachta tús a chur le géarchéim fiachais lánfheidhme a mbeadh tionchar níos tubaistí fós aici ar an ngeilleagar domhanda. Tá gníomhaíocht thapa de dhíth agus an t-am ag sleamhnú thart. Is chun leasa an uile dhuine againn an faoiseamh fiachais dea-bhainistithe.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Thug na hairí dá n-aird go bhfuil cuid mhór de na tíortha sin a bhfuil leibhéil an fhiachais acu neamh-inbhuanaithe - agus roinnt tíortha meánioncaim a bhfuil baol anacra fiachais ag bagairt orthu san áireamh ansin - ar measa a ghoilleann éifeachtaí phaindéim COVID-19 orthu ná ar thíortha eile. D’aontaigh na hairí gur cheart cásanna a d’fhéadfadh tús a chur le géarchéim fiachais lánfheidhme i dtíortha dócmhainneachta a sheachaint.

Ghlac Stiúrthóir Bainistíochta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), Kristalina Georgieva, páirt sa phlé. Leag sí béim ar fhairsinge agus ar chineál an mhéadaithe fiachais atá ag tarlú ar fud an domhain, agus ar an idirghníomhaíocht chontúirteach idir tionchar na paindéime agus an damáiste eacnamaíoch atá á dhéanamh aige.

Chuir Uachtaráin an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus Cathaoirleach Chlub Pháras leis an díospóireacht freisin.

Ina theannta sin, phléigh na hairí conas is fearr a d’fhéadfadh Foireann na hEorpa, ina bhfuil an tAontas, na Ballstáit, a líonra taidhleoireachta, institiúidí airgeadais (bainc náisiúnta forbartha san áireamh), agus gníomhaireachtaí cur chun feidhme chomh maith le BEI agus BEAF, iarrachtaí maidir le faoiseamh fiachais a chomhlánú ar an leibhéal iltaobhach agus ar an leibhéal náisiúnta, agus tacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta téarnamh athléimneach, inbhuanaithe agus glas a ullmhú.

D'fhógair an tArdionadaí go dtabharfadh an tAontas ranníocaíocht €183 milliún don Iontaobhas um Choimeád agus Fóirithint Tubaiste an CAI chun spás fioscach a shaoradh i 29 dtír, rud a d’fhágfadh gurb é an tAontas an rannpháirtí is mó.

An comhionannas inscne agus cumhachtú na mban

Ina dhiaidh sin, phléigh na hairí cé mar is féidir an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn ina gcuid gníomhaíochtaí seachtracha uile i bhfianaise na Teachtaireachta Comhpháirtí atá ar na bacáin maidir le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (GAP): An Ambitious Agenda for Gender Equality and Women’s Empowerment in EU External Action [Clár oibre uaillmhianach maidir leis an gcomhionannas inscne agus cumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais], an 25 Samhain 2020.

Chuir na hairí in iúl go láidir go bhfuil an tAontas tiomanta dá iarrachtaí a chur i bhfeidhm go mear, agus do chearta daonna na mban agus na gcailíní a chosaint agus a chur chun cinn trí obair a dhéanamh i ngach réimse de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ina measc an trádáil, an Comhaontú Glas agus an Clár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil.

D’aontaigh na hairí gur cheart don Aontas leanúint de bheith ina eiseamláir agus go gcuirfeadh sé cearta, cosaint agus guth na mban agus na gcailíní chun tosaigh ar fud an domhain, trí bhíthin gníomhaíocht nithiúil.

Míreanna eile

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha maidir leis an gcaibidlíocht i dtaca le Comhaontú iar-Cotonou, comhaontú nua-aimseartha agus cuimsitheach a bheadh mar bhonn don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta ACC san Afraic Fho-Shahárach, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin; tá an chaibidlíocht ag an gcéim dheiridh.

Cuireadh ar an eolas freisin iad maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), agus maidir leis na hionchais do chomhar an Aontais um fhorbairt sa Tansáin.

I ndáil leis an bhfíschomhdháil, d’fhormheas an Chomhairle na conclúidí i dTuarascáil Speisialta Uimh. 14/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le cabhair um fhorbairt ón Aontas don Chéinia tríd an nós imeachta i scríbhinn.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 23 Eanáir 2025