Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 7 Nollaig 2020

Na príomhthorthaí

Sna laethanta roimh an 10 Nollaig, arb é Lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine, ghlac an Chomhairle cinneadh agus rialachán lena mbunaítear córas smachtbhannaí domhanda i ndáil le cearta an duine, córas a ligfidh don Aontas díriú ar dhaoine aonair, eintitis agus comhlachtaí a dhéanann sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha chearta an duine, nó a bhíonn páirteach iontu sin nó bainteach leo sin, is cuma cén áit ar tharla siad.

Is comhaontú suntasach é sin, an chéad cheann dá leithéid, a ligfidh don Aontas díriú ar mhí-úsáidí agus sáruithe tromchúiseacha chearta an duine ar fud an domhain. Tabharfaidh sé rabhadh soiléir dóibh siúd is ciontach: bainfear an deasca astu. Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Cúrsaí Reatha

Chuir an tArdionadaí Borrell na hairí ar an eolas faoi na toghcháin reachtacha a bhí ar siúl i Veiniséala an 6 Nollaig 2020 agus a mheas an tAontas nach raibh siad saor, cothrom ná daonlathach. Chuir an tArdionadaí i bhfios gur cheart don Aontas, comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh sa Ghrúpa Teagmhála Idirnáisiúnta agus geallsealbhóirí eile teacht le chéile chun cabhrú le muintir Veiniséala iarracht a dhéanamh réiteach daonlathach síochánta a fháil.

Ina dhiaidh sin cuireadh na hairí ar an eolas faoin staid sa tSeoirsia, áit a gcaithfidh páirtithe an tromlaigh agus an fhreasúra leanúint dá n-iarrachtaí bealach chun cinn a aimsiú tar éis na dtoghchán parlaiminteach.

Tugadh an Chomhairle cothrom le dáta ansin maidir lenar tharla le déanaí i ndáil leis an Tuirc roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 10-11 Nollaig. I ndáil leis sin dúirt an tArdionadaí nár léir gur tháinig athrú bunúsach ar sheol na Tuirce, agus go ndéanfadh an Chomhairle Eorpach freagra na Tuirce ar an tairiscint a rinne an tAontas maidir le clár oibre agus idirphlé cuiditheach a mheas.

D’athbhreithnigh na hairí an staid sa Bhealarúis, áit a bhfuil an pobal faoi chois ag na húdaráis fós. Phléigh siad freisin an staid san Aetóip agus chuir an tArdionadaí i bhfios go raibh sé ríthábhachtach go bhfillfí ar an idirphlé agus go dtiocfaí ar réiteach síochánta inbhuanaithe ar an gcoinbhleacht, agus gur thacaigh an tAontas go láidir le tionscnamh an Aontais Afracaigh i ndáil leis an méid sin.

An caidreamh trasatlantach

Tar éis do na hairí gnóthaí eachtracha tuairimí a mhalartú ar dtús san fhíschomhdháil a bhí acu an 19 Samhain agus tar éis na Teachtaireachta Comhpháirtí ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí a glacadh an 2 Nollaig, phléigh an Chomhairle an bealach chun beocht a chur an athuair sa chomhpháirtíocht straitéiseach leis na Stáit Aontaithe agus chun dul i mbun caidrimh leis an riarachán nua a bheidh ag teacht isteach i mí Eanáir 2021. Chuir na hairí i bhfios gur cheart comhpháirtíocht láidir chómhalartach fadradharcach a úsáid mar chnámh droma le haghaidh na comhghuaillíochta domhanda athnuaite idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.

Sa chomhthéacs sin, ghlac an Chomhairle na conclúidí maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.

Neamhspleáchas straitéiseach

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an mbealach chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fheabhsú agus a chur i ngníomh ó thaobh an bheartais eachtraigh agus slándála de. Iarradh ar na hairí go sonrach tionscnaimh agus tionscadail pholaitiúla nithiúla a shainaithint lena bhféadfaí cur le cumas an Aontais gníomhú agus lena ngabhann tionchar domhanda.

Le linn na díospóireachta cuireadh i bhfios gur i gceann a chéile a dhéantar an plé ar an neamhspleáchas straitéiseach agus na hiarrachtaí chun athléimneacht an Aontais a mhéadú agus chun an rannpháirtíocht iltaobhach a neartú agus go gcomhlánaíonn an plé na hiarrachtaí siúd.

Gnó eile

Faoi aon ghnó eile, d’athbhreithnigh an Chomhairle cur chun feidhme an Dlí Slándála Náisiúnta a forchuireadh ar Hong Cong an 30 Meitheamh 2020, agus chuir sí i bhfios gur tháinig meath ar an staid pholaitiúil agus go ndearnadh díobháil mhór don iolrachas polaitiúil agus don tsaoirse tuairimíochta ann. Leanfaidh an tAontas de chur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle ina léirítear tacaíocht pholaitiúil do neamhspleáchas Hong Cong faoin bprionsabal ‘Tír Amháin, Dhá Chóras’, agus, más gá, d’fhéadfaí breathnú ar bhearta breise a dhéanamh amach anseo.

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid a leanas: an Liobáin, Comhshocrú Sibhialtach CBSC 2021, agus Idirghabháil Síochána an Aontais.

Fís-sleachta ó chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an 7 Nollaig 2020, sa Bhruiséil

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025