"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Forbairt), 19 Samhain 2021
Na príomhthorthaí
Tugadh airí forbartha an Aontais cothrom le dáta maidir le freagairt an Aontais ar na forbairtí is déanaí san Afganastáin, san Aetóip agus sa tSúdáin agus phléigh siad na himpleachtaí atá ag an staid pholaitiúil ar chúnamh forbraíochta an Aontais.
Ansin, bhí malartú neamhfhoirmiúil tuairimí ag na hairí le riarthóir Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta (USAID), Samantha Power.
Is cinnte go bhfuil géarghá lenár gceannaireacht chomhchoiteann dhomhanda, níos mó ná riamh, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na forbartha ar fud an domhain. Chomhaontaíomar oibriú le chéile chun deireadh a chur le paindéim COVID-19 i ngach áit agus do chách. Is léir go gcaithfimid tógáil ar an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le COVID-19 chun a chinntiú go ndéanfaimid ár gcuspóir coiteann a bhaint amach i.e. ráta vacsaínithe domhanda 70% faoin am a mbeidh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe ar siúl an bhliain seo chugainn.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Le linn an mhalartaithe neamhfhoirmiúil a bhí acu le riarthóir USAID, dhírigh airí an Aontais ar an mbearna imdhíonta atá idir tíortha forbartha agus tíortha i mbéal forbartha.
Thacaigh na Ballstáit leis an smaoineamh go mbeadh an Dr. Chrysoula Zacharopoulou, ionadaí an Aontais in COVAX agus comhchathaoirleach na Comhairle Scairshealbhóirí Saoráide COVAX, mar dhuine lárnach chun comhordú a neartú i measc Bhallstáit an Aontais agus dlús a chur le hiarrachtaí, go háirithe san Afraic.
Anuas ar an tiomantas comhpháirteach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide trí bhonneagar a fhorbairt – a dhearbhaigh an tAontas Eorpach agus SAM ag cruinniú mullaigh an 15 Meitheamh – phléigh airí forbartha an Aontais Eorpaigh agus riarthóir USAID an gá atá le tionscadail nithiúla a shainaithint le haghaidh comhar níos dlúithe.
Ina dhiaidh sin, phléigh an Chomhairle na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le bainistiú uisce. Dírithe ar an Áise Láir a bhí an plé, áit a bhfuil an ganntanas uisce ina dhúshlán geopholaitiúil, agus ina chúis le héagobhsaíocht agus brú imirce.
De bhrí go ndéanann ceist an uisce gach bagairt a iolrú, ní mór cúrsaí uisce a bheith ina gcuid de bheartas eachtrach an Aontais. Gníomhóidh an tAontas Eorpach le chéile agus i gcomhpháirtíocht leis na réigiúin atá thíos go mór leis an athrú aeráide, amhail an Áise Láir, chun aghaidh a thabhairt ar an idirnasc atá idir bainistiú uisce, cúrsaí fuinnimh agus an t-athrú aeráide.
Anuas ar an méid sin, phléigh an Chomhairle tionscnamh Team Europe maidir le huisce, fuinneamh agus aeráid san Áise Láir de théisclim don 17ú cruinniú aireachta idir an tAontas agus an Áise Láir a bheidh ar siúl in Dushanbe (an Táidsíceastáin) i mí an Mheithimh 2022.
Conclúidí ón gComhairle
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid a leanas:
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.