Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 15 Samhain 2021

Na príomhthorthaí

An Bhealarúis

Phléigh na hairí an staid sa Bhealarúis agus saincheist na n-imirceach atá á mbrú chun teorainneacha an Aontais in iarracht atá á heagrú chun go dtiocfaidís isteach san Aontas go neamhdhleathach.

Sheas an Chomhairle gualainn ar ghualainn i gcoinne na n-ionsaithe hibrideacha leanúnacha sin atá ar bun i gcoinne an Aontais.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Táimid ag féachaint ar na nithe uile is féidir linn a dhéanamh ionas nach mbeidh an réimeas in ann díriú orainne ná ar a mhuintir féin, agus chomhaontaíomar raon feidhme an chórais smachtbhannaí i gcoinne na Bealarúise a leathnú. As seo amach, beimid in ann smachtbhannaí a fhorchur ar níos mó daoine a bhfuil eitiltí, as tíortha áirithe, á n-eagrú acu chuig an mBealarúis agus as sin chuig teorainneacha an Aontais. Chomhaontaíomar freisin an 5ú pacáiste smachtbhannaí a ghlacadh, ar a gcuirfear bailchríoch sna laethanta atá romhainn.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas ansin maidir lena chuid gníomhaíochtaí for-rochtana agus é ag iarraidh a chur ina luí ar Mhionsc éirí as an imirce a úsáid ar mhaithe le cuspóirí polaitiúla a bhaint amach.

Chuir an tArdionadaí i dtreis go bhfuil an fhreagracht iomlán ar an mBealarúis as sreabhadh sin na n-imirceach a chruthú go saorga agus mhínigh sé go n-oibreodh an tAontas le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe chun a áirithiú go gcuirfear cabhair dhaonnúil ar fáil dóibh siúd i ngátar.

Athbhunófar an t-idirphlé nuair a stopfaidh réimeas Lukashenko de na sáruithe agus nuair a thosóidh sé ag tabhairt urraime do chearta a mhuintire féin sa Bhealarúis.

Na Balcáin Thiar

Phléigh na hAirí Gnóthaí Eachtracha bealaí nithiúla chun engagement an Aontais sna Balcáin Thiar a neartú seachas ceist an mhéadaithe. Dhírigh siad go háirithe ar conas ról a thabhairt do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar i bpléití an Aontais maidir leis an mbeartas eachtrach, agus feabhas a chur ar an gcomhar i ndáil leis an gcibearshlándáil, le bagairtí hibrideacha agus le cásanna eile amhail sonraí spáis a úsáid.

Ina theannta sin, bhí plé ag an gComhairle ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin.

Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas tiomanta do pheirspictíocht Eorpach na Boisnia agus na Heirseagaivéine mar thír aonair aontaithe cheannasach agus nach mór do cheannairí na Boisnia dul i mbun idirphlé arís, filleadh ar na hinstitiúidí stáit ina n-iomláine agus tús a chur an athuair leis an obair ar na príomh-athchóirithe.

Maidir leis an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, d'athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad ag súil go ndéanfaidh an Chosaiv agus an tSeirbia na comhaontuithe a rinneadh roimhe seo a urramú agus a chur chun feidhme ina n-iomláine, agus go mbeidh siad gníomhach ar bhealach cuiditheach chun dul chun cinn mear a dhéanamh maidir lena gcaidreamh a normalú go cuimsitheach.

An tSaiheil

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir leis an staid sa tSaiheil, malartú inar cuireadh i bhfios go láidir engagement an Aontais sa réigiún.

Chomhaontaigh na hAirí nach mór don Aontas leanúint le cur chun feidhme Straitéis na Saiheile agus treochlár Chomhghuaillíocht na Saiheile, chun aghaidh a thabhairt ar chruachás an réigiúin.

Phléigh an Chomhairle freisin an staid i Mailí, atá ag dul in olcas, áit ar chuir ceannairí an aistrithe na toghcháin a bhí beartaithe a bheith ann i mí Feabhra siar go neamhdhlisteanach.

Chomhaontaíomar creat tiomnaithe a bhunú do bhearta sriantacha i Mailí chun tacú leis an gcinneadh a rinne ECOWAS. Leanfar den obair agus tá súil againn go dtabharfar chun críche go tapa í. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas smachtbhannaí a ghlacadh ina gcoinne siúd a chuirfeadh bac ar an aistriú. Phléamar freisin go bhféadfadh grúpa Wagner a bheith orthu siúd, agus bhíomar ar aon intinn faoi bhearta sriantacha a dhéanamh i gcoinne an ghrúpa sin. Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Tá measúnú á dhéanamh, sna meithleacha ábhartha, ar thograí sonracha chun daoine aonair agus eintitis a ainmniú faoi chórais smachtbhannaí an Aontais atá ann cheana, agus measfar a nglacadh ag féachaint don chéad chruinniú eile den Chomhairle Gnóthaí Eachtracha.

Cúrsaí reatha

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi na hiarrachtaí aontaobhacha a rinne an Tuirc status quo Varosha a athrú, rud a sháraíonn na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Chuir an Chomhairle in iúl a dlúthpháirtíocht láidir leis an gCipir agus an toil atá aici tograí nithiúla a dhéanamh den dlúthpháirtíocht sin maidir leis an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar an staid siúd. Cuirfear páipéar maidir le roghanna faoi bhráid ambasadóirí an Aontais in COREPER go luath, d'fhonn an bealach a réiteach don phlé ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha na Nollag.

Pléadh an Aetóip freisin, go sonrach ar an staid in Tigray, atá tar éis dul in olcas bliain amháin tar éis thús na coinbhleachta, agus ar géarchéim dhaonnúil uafásach anois í. D'athdhearbhaigh an tArdionadaí nach bhfuil aon réiteach míleata ar an gcoimhlint, agus nach mór gach dícheall a dhéanamh saoránaigh na hAetóipe a chosaint ar an anord a thiocfadh as deargchogadh. Seasann an tAontas go hiomlán leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an réigiún agus ag an Aontas Afracach fóram caibidlíochta a chur ar fáil.

Ina dhiaidh sin, luaigh an Chomhairle an tSúdáin. Is é an t-aon bhealach i dtreo na saoirse, na síochána agus an cheartais do chách sa tSúdáin filleadh láithreach bonn ar an aistriú faoi stiúir shibhialtach ar an daonlathas. Chuir an tArdionadaí i bhfios nach mór idirphlé idir na páirtithe uile a bheith ann, ba dhíol sásaimh dó na hiarrachtaí idirghabhála uile agus d'iarr sé ar an lucht míleata urraim a thabhairt do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta.

Conclúidí ón gComhairle

D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an méid a leanas:

An Compás Straitéiseach

I seisiún comhpháirteach, rinne na hairí gnóthaí eachtracha agus cosanta tuairimí a mhalartú maidir leis an gcéad dréacht de Chompás Straitéiseach an Aontais, atá le treoir shoiléir pholaitiúil straitéiseach a chur ar fáil maidir le cur chuige an Aontais i leith na slándála agus na cosanta le linn na chéad 5 go 10 mbliana eile.

Ní mór don Bhealarúis éirí as imircigh a bheith á n-úsáid aici mar uirlis

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025