Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 16 Samhain 2021

Na príomhthorthaí

An Compás Straitéiseach

An 15 Samhain, bhí seisiún comhpháirteach ag airí gnóthaí eachtracha agus ag airí cosanta an Aontais inar malartaíodh tuairimí maidir leis an gcéad dréacht de Chompás Straitéiseach an Aontais, atá le treoir shoiléir pholaitiúil agus straitéiseach a chur ar fáil maidir le cur chuige an Aontais i leith na slándála agus na cosanta, do na chéad 5 go 10 mbliana eile agus le dlús a chur le ról an Aontais mar sholáthraí slándála domhanda.

Bunaithe ar anailís chuimsitheach ar bhagairtí, leagtar amach sa Chompás Straitéiseach bearta nithiúla agus amlínte gaolmhara le haghaidh gníomhaíochta, lena gcumhdaítear raon leathan cásanna ón gComhbheartas Slándála agus Cosanta, go cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha, bréagaisnéis, forbairt cumais agus comhpháirtíochtaí.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Go nithiúil, leagtar amach sa Chompás an chúis atá le Aontas níos stóinsí a bheith de dhíth orainn, le hAontas a bheidh réidh le saoránaigh, luachanna agus leasanna na hEorpa a chosaint. Cuirfidh sé le freagracht straitéiseach nó neamhspleáchas an Aontais, agus lenár gcumas oibriú le comhpháirtithe eile chun ár luachanna agus ár leasanna a chosaint.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Thacaigh na hairí, tríd is tríd, lena raibh sa doiciméad. Chuir siad in iúl go raibh siad toilteanach oibriú i ndáil leis sin chun go nglacfar an Compás críochnaitheach i mí an Mhárta 2022.

Chuir an tArdionadaí i bhfios go láidir tacaíocht na mBallstát don chur chuige i leith acmhainneachtaí cosanta, le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin hibrideacha agus le dul i dteagmháil leis na comhpháirtithe. Chuir na hairí i dtreis nár mhór do chur chuige an Aontais a bheith comhlántach le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), go rachadh cur chuige an Aontais chun tairbhe ECAT, go seachnódh sé dúbláil ar an dá thaobh agus nár mhór go gcinnteodh sé comhleanúnachas.

Cúrsaí reatha

An 16 Samhain, chuir an tArdionadaí, Josep Borrell, airí cosanta an Aontais ar an eolas maidir le cúrsaí reatha, agus athbhreithniú á dhéanamh leis sin ar roinnt dá bhfuil tite amach le déanaí.

Ar an gcéad dul síos, cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi OibríochtEUFOR Althea, i ndiaidh do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an sainordú a athnuachan le déanaí. Ghlac an Chomhairle beart le déanaí faoin tSaoráid Eorpach Síochána trína gcuirfidh an tAontas Eorpach 68 bhfeithicil leighis agus iompair agus 150 brathadóir miotail ar fáil chun cuidiú leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéina bheith saor go hiomlán ar mhianaigh faoin mbliain 2027.

Anuas air sin, cuireadh na hairí ar an eolas maidir leis na céimeanna a ghlacfar chun úsáid a bhaint as Coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe lasmuigh de Mhurascaill na Guine. D’fhéadfaí limistéar leasa muirí, limistéar sonrach nua, a bhunú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a thúisce leis an mbliain seo chugainn.

Phléigh an Chomhairle freisin an dul chun cinn a rinneadh i réimse na soghluaisteachta míleata, ábhar a bhfuil céimeanna nithiúla bainte amach maidir le saincheisteanna rialála agus bonneagair. Pléadh freisin an Bhealarúis. Maidir leis an mBealarúis, chuir an tArdionadaí in iúl go láidir nach géarchéim imirce a bhí i gceist agus go dtabharfadh an tAontas freagairt trí úsáid a bhaint as gach uirlis dá bhfuil aige.

Misin oiliúna an Aontais

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir le ceithre mhisean oiliúna an Aontais i Mailí, sa tSomáil, i bPoblacht na hAfraice Láir agus i Mósaimbíc, agus maidir leis na bealaí a bhféadfaí feabhas a chur ar a n-éifeachtacht.

PESCO

Ghlac an Chomhairle cinneadh lena nuashonraítear liosta na dtionscadal a bhfuiltear le tabhairt fúthu faoi bhuanchomhar struchtúrtha an Aontais (PESCO). Mar thoradh air sin, cuirfear 14 thionscadal nua leis na 46 thionscadal atá ann faoi láthair arna bhforbairt faoi PESCO ó mhí na Nollag 2017 i leith.

ECAT

Ag lón neamhfhoirmiúil oibre, bhí malartú tuairimí ag na hairí le Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí ECAT, maidir le réimsí nua don chomhar idir an tAontas agus ECAT, amhail athléimneacht, aeráid agus cosaint, agus maidir le teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn agus le teicneolaíochtaí suaiteacha. Comhaontaíodh go n-oibreoidís ar Dhearbhú Comhpháirteach nua maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT sna míonna amach romhainn.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Tháinig bord stiúrtha aireachta na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint le chéile roimh chruinniú na Comhairle chun buiséad ginearálta na Gníomhaireachta don bhliain 2022 a fhormheas, dar luach €38 milliún, agus chun plé a dhéanamh ar shainordú na gníomhaireachta maidir le socrú riaracháin a chaibidil le Roinn Cosanta na Stát Aontaithe, agus cé mar is féidir ról na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint a threisiú maidir le nuálaíocht cosanta a chothú.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025