Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 13 Nollaig 2021

Na príomhthorthaí

Cúrsaí Reatha

Thosaigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le plé ar an méadú atá tagtha ar fhórsaí míleata na Rúise ag an teorainn leis an Úcráin.

Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Seasann an tAontas le chéile agus go diongbháilte mar thaca le ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine. Bhí na hairí an-soiléir go leanfaidh iarmhairtí polaitiúla agus costas ard eacnamaíoch don Rúis aon ionsaí i gcoinne na hÚcráine.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Tá dlúthchomhordú á dhéanamh ag an Aontas ar a sheasamh le comhpháirtithe trasatlantacha agus comhpháirtithe atá ar aon intinn leo, agus fillfidh sé ar an ábhar sin ag an gComhairle Eorpach an 16 Nollaig.

Ina dhiaidh sin, rinne na hairí athbhreithniú ar an staid sa Bhealarúis, i bhfianaise an 5ú sraith smachtbhannaí ar thángthas ar chomhaontú ina leith le déanaí. Measadh gur tháinig torthaí as na bearta sriantacha a forchuireadh mar fhreagairt ar mhí-úsáid imirceach. Mar sin féin, tá an chos ar bolg intíre atá á déanamh ag réimeas Lukashenko ag dul in olcas, agus tá líon na bpríosúnach polaitiúil ardaithe go breis is 900. Chuir na hairí in iúl an athuair go seasann an tAontas i ndlúthpháirtíocht le sochaí na Bealarúise agus go leanfaidh sé de thacaíocht a thabhairt di.

Phléigh an Chomhairle freisin saincheist Varosha agus tionchar na ngníomhaíochtaí aontaobhacha a ghlac Cipirigh Thurcacha agus an Tuirc i mí Iúil 2021, a sháraigh na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Chuir na Ballstáit in iúl a ndlúthpháirtíocht leis an gCipir agus a dtacaíocht don phróiseas caibidlíochta faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, agus d’Ionadaí Speisialta nua Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus Ceann Fhórsa Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe sa Chipir, Colin Stewart.

Comhaontaíodh go ndéanfadh Coreper meastóireacht bhreise ar na roghanna, lena n-áirítear córas smachtbhannaí sonrach a chruthú a bheadh dírithe ar dhaoine agus ar eintitis a bhfuil baint dhíreach acu le cuid de Varosha a oscailt tar éis mhí Iúil 2021. Chuir na hairí in iúl an athuair go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh an Tuirc rannpháirteach arís go dáiríre i bpróiseas na Náisiún Aontaithe agus go staonfaidh sí ó aon ghníomhaíocht a chuirfeadh an staid mar atá ar an láthair in olcas a thuilleadh.

Léirigh an malartú tuairimí maidir leis an Aetóip go bhfuil an choinbhleacht sa tír tar éis dul in olcas tuilleadh agus go bhfuil géarchéim dhaonnúil uafásach mar thoradh air sin, rud a bhaineann an bonn ní hamháin ó chobhsaíocht na hAetóipe, ach ón réigiún ar fad. D’aontaigh na hairí gur le réiteach polaitiúil amháin is féidir an dinimic dhiúltach agus chontúirteach atá i bhfeidhm faoi láthair a aisiompú, agus gur cheart sos comhraic a chur ar bun agus na páirtithe a thabhairt go dtí an bord caibidlíochta a bheith mar thosaíochtaí an Aontais.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic

Phléigh an Chomhairle caidreamh an Aontais leis an Afraic roimh chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag agus mar ullmhúchán don séú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tAontas Afracach atá le bheith ar siúl sa Bhruiséil i mí Feabhra 2022.

Cuireadh in iúl go láidir sa phlé go bhféadfadh an tAontas a bheith níos nithiúla, níos praiticiúla, níos feiceálaí agus níos oibríochtúla agus é ag déileáil lena chomhpháirtithe Afracacha.

Ar na príomhréimsí ina bhféadfaí rannpháirtíocht a fheabhsú, tá an fhreagairt ar COVID, dáileadh vacsaíní, an tsíocháin, an tslándáil agus rialachas, téarnamh glas agus digiteach trí thionscnaimh faoin Tairseach Dhomhanda, agus comhar níos fearr i bhfóraim iltaobhacha.

An Áise Láir

Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an Áise Láir agus béim ar leith á leagan aici ar dhlús a chur le huaillmhian an Aontais sa réigiún.

Tá spéis mhór ag an Aontas sa chaidreamh polaitiúil leis an Áise Láir a threisiú agus í a fheiceáil ag forbairt mar limistéar polaitiúil agus eacnamaíoch a bheidh níos athléimní, níos rathúla agus níos idirnasctha. Is amhlaidh an spéis i gcomhar níos láidre atá ag comhpháirtithe sa réigiún. Ar na réimsí ina bhféadfaí comhar a fheabhsú tá téarnamh glas inbhuanaithe i ndiaidh COVID-19 a chur chun cinn, trí thionscadail shuaitheanta na Tairsí Domhanda, cuir i gcás, agus bainistiú a dhéanamh ar iarmhairtí na staide san Afganastáin agus ar dhúshláin eile a bhaineann leis an tslándáil. Measadh go raibh tábhacht ag baint le rannpháirtíocht i réimsí an ghnó agus na hinfheistíochta, cearta an duine, an daonlathas, an smacht reachta agus rialachas.

Veiniséala

Cuireadh na hairí ar an eolas faoi thorthaí thoghcháin réigiúnacha agus bhardasacha Veiniséala a reáchtáladh an 21 Samhain 2021, agus faoi phríomhthorthaí Mhisean Breathnóireachta Toghchán an Aontais. Is í Isabel Santos, Feisire de Pharlaimint na hEorpa agus Príomh-Bhreathnóir an Mhisin, a thug an t-eolas sin do na hairí.

Chomhaontaigh na hairí go leanfadh an tAontas d'aistriú daonlathach a chur chun cinn i Veiniséala. Réiteach ar an ngéarchéim faoi stiúir Veiniséala an sprioc dheiridh i gcónaí agus táthar ag súil go mbeidh toghcháin inchreidte chuimsitheacha thrédhearcacha ar gach leibhéal mar thoradh air sin.

Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile

Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le Comhshocrú Sibhialtach an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta.

Ghlac sí córas nua smachtbhannaí freisin lena ndírítear ar dhaoine agus ar eintitis atá ag cur bac ar an aistriú polaitiúil i Mailí, chomh maith le bearta sriantacha i gcoinne daoine agus eintiteas i dtaca le Grúpa Wagner. Is léiriú iad gníomhaíochtaí an ghrúpa sin ar straitéis cogaíochta hibridí na Rúise, is bagairt iad agus is údar éagobhsaíochta iad i roinnt tíortha ar fud an domhain.

Leis na smachtbhannaí, cumhdófar grúpa Wagner féin, trí chuideachta a bhfuil naisc acu leis an ngrúpa agus ochtar oibrithe míleata atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha san Úcráin, sa tSiria, sa Libia, i bPoblacht na hAfraice Láir, sa tSúdáin agus i Mósaimbíc.

An Afganastáin

Le linn lón neamhfhoirmiúil, bhí malartú tuairimí ag na hairí Gnóthaí Eachtracha le Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha Chatar, Mohammed bin Abdulrahman Al-Thani, faoin Afganastáin.

Tá ról straitéiseach ag Catar maidir le déileáil leis an staid san Afganastáin trí idirghníomhaíochtaí an Aontais le húdaráis eatramhacha an Taliban a éascú, trí ghluaiseacht shábháilte a chinntiú dóibh siúd atá i ngátar, agus trí sholáthar cabhrach daonnúla a éascú. Le linn an phlé cuireadh béim ar an tuiscint chomhroinnte gur gá rannpháirtíocht oibríochtúil éigin le rialtas eatramhach an Taliban, ach nach ionann é sin agus dlisteanacht ar bith a thabhairt dóibh. Tá an rannpháirtíocht ag brath ar an dul chun cinn atá déanta ag an Taliban maidir leis na cúig thagarmharc a shainigh an Chomhairle i mí Mheán Fómhair 2021.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhain le liosta na míreanna A neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025