"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid slándála san Eoraip.
Cháin an Chomhairle an neartú míleata Rúiseach timpeall ar an Úcráin, an méadú ar sháruithe sosa comhraic agus ar an mbriogadh atá á ndéanamh ag scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu in oirthear na hÚcráine. Cháin sí freisin gníomhaíochtaí, imeachtaí bréige agus cúbláil faisnéise darbh aidhmleithscéal a chruthú le haghaidh géarú míleata i gcoinne na hÚcráine.
Thairis sin, mhol sí an ghuaim atá coinnithe ag an Úcráin uirthi féin i bhfianaise imeaglú agus sáruithe chomhaontuithe Mhionsc agus an dlí idirnáisiúnta.
Le linn an phlé a bhí acu, bhí deis ag na hairí tuairimí a mhalartú go neamhfhoirmiúil le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba. D’athdhearbhaigh na hairí a n-aontacht, a dtiomantas agus dlúthpháirtíocht an Aontais leis an Úcráin.
Is í an Rúis faoi deara an bhagairt is mó ar an tsíocháin agus ar an gcobhsaíocht san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann. Iarraimid ar an Uachtarán Putin an dlí idirnáisiúnta agus comhaontuithe Mhionsc a urramú. Is faoi cheannaireacht na Rúise atá sé a chinneadh cén léamh a bheidh uirthi ag an bpobal idirnáisiúnta agus ag an stair.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chinn an Chomhairle ar shraith beart chun tacú le hathléimneacht na hÚcráine. Ghlac sí cinneadh €1.2 billiún de chúnamh macra-airgeadais a chur ar fáil, agus chinn sí tacaíocht a chur ar fáil d’oideachas gairmiúil míleata na hÚcráine faoin tSaoráid Eorpach Síochána. Tabharfaidh an tAontas breis tacaíochta chun dul i ngleic le cibear-ionsaithe agus bréagaisnéis trí mhisean saineolaithe a chur chuig an tír.
Fanfaidh ambasáidí agus misin taidhleoireachta an Aontais, chomh maith le toscaireacht an Aontais chun na hÚcráine, ar oscailt agus lánoibríochtúil, ach beidh eisceachtaí teoranta ann.
Chuir an tArdionadaí in iúl go soiléir freisin go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ann don Bhealarúis dá ndéanfaí aon ionsaí i gcoinne na hÚcráine óna críoch nó le haon chabhair uaithi.
Phléigh an Chomhairle an staid sa Bhoisnia agus san Heirseagaivéin agus conas ceannasacht, iomláine chríochach agus aontacht na tíre sin a chaomhnú.
D’áitigh an Chomhairle ar cheannairí polaitiúla na tíre freagracht a ghlacadh as an mBunreacht a chaomhnú, a áirithiú go dtabharfaí inniúlachtaí uile na n-institiúidí stáitthar n-ais dóibh agus déileáil leis na saincheisteanna uile atá fós gan réiteach.
Ní féidir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith scartha óna chéile san Eoraip agus is mór an dul amú ar na daoine atá ag oibriú chun na críche sin. Tá peirspictíocht agus saol Eorpach rathúil á gcoimeád óna muintir acu.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Chuir na hairí in iúl go dtacaíonn siad go hiomlán le hIonadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, Johann Sattler, le hOibríocht EUFOR ALTHEA, agus le hArdionadaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine, Christian Schmidt. Tá an tAontas agus SAM araon ag iarraidh idirphlé polaitiúil a éascú chun teacht ar chomhaontú maidir le hathchóiriú bunreachtúil agus toghchánach, agus leasú bunreachtúil teoranta san áireamh leis, a d’fhéadfadh feidhmiúlacht na cónaidhme a fheabhsú.
Tá an tAontas faoi réir anois agus feasta chun gach aon ionstraim dá bhfuil aige a úsáid, más gá sin, agus cúnamh airgeadais agus bearta sriantacha an Aontais san áireamh mar rogha dheireanach.
Is tosaíocht i gcónaí é an t-idirphlé chun na hathchóirithe is gá a áirithiú roimh na toghcháin atá le teacht.
An taidhleoireacht aeráide
Bhí malartú tuairimí ag an gComhairle maidir leis an taidhleoireacht aeráide agus d’fhormheas sí conclúidí maidir leis an ábhar sin.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoin staid i Mailí agus faoin gcaibidlíocht leanúnach atá ar siúl faoi chuimsiú an chomhaontaithe núicléach leis an Iaráin (an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta).
Conclúidí ón gComhairle
D’fhormheas an Chomhairle freisin conclúidí maidir le coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe.
An 26ú Cruinniú Comhpháirteach de Chomhairle agus Aireachta GCC-AE
Ar imeall an chruinnithe a bhí ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha an Aontais, chas airí gnóthaí eachtracha ar a gcontrapháirtithe as tíortha na Murascaille ag an 26ú Cruinniú Comhpháirteach de Chomhairle an Aontais agus Comhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille.
Is é an tAontas an t-infheisteoir is mó sa Mhurascaill, agus an dara comhpháirtí trádála is mó leis an réigiún. D’aontaigh na hairí go raibh sé in am gealltanas a thabhairt oibriú níos dlúithe ar an aistriú glas, ar an gcomhar um fhorbairt agus ar an ngníomhaíocht dhaonnúil. Pléadh an staid in Éimin chomh maith.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.