Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh (EUMC), Cinn Chosanta an Aontais, 18 Bealtaine 2022

Na príomhthorthaí

Tháinig Cinn Chosanta an Aontais le chéile do chruinniú an Choiste Mhíleata ar leibhéal na gCeann Cosanta sa Bhruiséil.

Deis a bhí sa chruinniú plé a dhéanamh ar impleachtaí na staide geopholaitiúla atá ann faoi láthair agus ar phríomhghníomhaíochtaí míleata an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta, agus béim ar leith á cur ar chur chun feidhme ríthábhachtach an Chompáis Straitéisigh, agus ar chumas an Aontais an tslándáil a chur chun cinn a bhaint amach go háirithe, trí acmhainneacht mhear-imscartha nua an Aontais, faoi 2025.

An Ginearál Robert Brieger, ina chathaoirleach ar an gcruinniú seo den chéad uair
Agus tionchar tromchúiseach imeartha ag géarchéimeanna éagsúla ar fud an domhain ar an gcás domhanda cheana féin, géarchéimeanna amhail an sceimhlitheoireacht, imirce neamhrialaithe, cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha, a chuaigh in olcas mar gheall ar an bpaindéim, le hionradh na Rúise ar an Úcráin atá gan chúis gan údar, tá an ghnáthchogaíocht ar ais ar thalamh na hEorpa, agus iarmhairtí dothuartha aici sin ar ár slándáil. Ní mór dúinne, Cinn Chosanta an Aontais, a bheith tiomanta go daingean do chur chun feidhme gasta na n-uirlisí nua a thugtar le fios sa Chompás Straitéiseach, ar mhaithe leis an Aontas agus slándáil shaoránaigh na hEorpa. I ndáil leis sin agus i ndiaidh mo réamhtheachtaithe uile, cuirim in iúl go bhfuilim go hiomlán tiomanta don iarracht seo freisin.
An Ginearál Robert Brieger, ina chathaoirleach ar an gcruinniú seo den chéad uair
An Ginearál Robert Brieger, ina chathaoirleach ar an gcruinniú seo den chéad uair

Maidir leis an ngéarchéim leanúnach san Úcráin, ba mhór ag na Cinn Chosanta an obair iontach a rinne Foireann Mhíleata an Aontais agus a cill tí imréitigh maidir le faireachán a dhéanamh ar sheachadadh trealaimh mhíleata ó Bhallstáit an Aontais, rud a chuidíonn lena n-incháilitheacht le haghaidh aisíocaíochta a dhearbhú, faoi shásra na Saoráide Eorpaí Síochána.

D’athdhearbhaigh na Cinn Chosanta a thábhachtaí atá sé caidreamh láidir a bhunú agus a chothú le comhpháirtithe a bhfuil na luachanna agus prionsabail an Aontais acu. I ndáil leis sin, deis mhaith a bhí sa chruinniú freisin plé a dhéanamh ar an gcomhar le ECAT, atá ag cur le Misin Oiliúna agus Oibríochtaí an Aontais faoi láthair. D’fhreastail na Cinn Chosanta ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin, ón tSeoirsia, ón Macadóin Thuaidh, ó Mhontainéagró agus ón Moldóiv, mar aon le Leas-Cheann Cosanta na Seirbia, ar an gcruinniú.

Le linn an chruinnithe, roghnaigh na Cinn Chosanta an Leifteanant-Ghinearál Michiel Van Der Laan (an Ísiltír) mar Ard-Stiúrthóir nua ar Fhoireann Mhíleata an Aontais / Stiúrthóir ar an gCumas Míleata Pleanála agus Seolta, chun teacht in ionad an Leas-Aimiréil Hervé Blejean, ag deireadh an téarma oifige, in 2023.

Is iad Cinn Chosanta an 27 mBallstát atá mar chomhaltaí de Choiste Míleata an Aontais Eorpaigh, agus is iad a mBuanionadaithe Míleata a dhéanann ionadaíocht orthu go rialta. Tugann Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh comhairle agus moltaí don Choiste Polaitiúil agus Slándála i dtaca le cúrsaí míleata ábhartha uile.

Tá Cathaoirleach buan ag Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh, arna roghnú ag Cinn Chosanta na mBallstát agus arna gceapadh ag an gComhairle ar feadh trí bliana.

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 31 Eanáir 2025