"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 16 Bealtaine 2022
Na príomhthorthaí
Na Balcáin Thiar
Bhí plé straitéiseach ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha faoin gcaoi ar féidir leis an Aontas cabhrúchun tionchar fhogha na Rúise faoin Úcráin ar na Balcáin Thiar a mhaolú. Phléigh na hairí na bearta a d'fhéadfadh an tAontas a ghlacadh chun go ndíreofaí a thuilleadh ar rannpháirtíocht pholaitiúil an Aontais sa réigiún agus rinne siad a marana ar an gcaoi ar féidir cabhrú le comhpháirtithe na mBalcán Thiar a n-athléimneacht a mhéadú maidir le gníomhaithe tríú páirtí agus bagairtí hibrideacha.
Braitheann ár gcomhpháirtithe uile an tionchar díreach atá ag cogadh na Rúise ar fud an domhain: ar phraghsanna fuinnimh, ar ghanntanas bia agus ar an mboilsciú. Beidh orainn ár dtacaíocht airgeadais a oiriúnú i gcomhréir leis na riachtanais nua sin, agus maidir leis na gníomhaíochtaí sin, déanfaimid ár gcomhpháirtithe a chur san áireamh chun éifeachtaí na géarchéime seo atá le teacht a mhaolú.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
In éineacht le hAirí Gnóthaí Eachtracha an Aontais ag an lón oibre a bhí acu bhí a gcomhghleacaithe ó na sé chomhpháirtí sna Balcáin Thiar, agus phléigh siad todhchaí an réigiúin agus é ag déanamh a bhealaigh chuig an Aontas Eorpach.
Ba dhíol sásaimh don Chomhairle rogha na gcomhpháirtithe sin a d’ailínigh go hiomlán le beartas eachtrach agus smachtbhannaí an Aontais, agus chuir sí a coinne shoiléir in iúl go dtabharfadh na comhpháirtithe ar fad sa réigiún, na tíortha is iarrthóirí go háirithe, tiomantas do luachanna Eorpacha agus beartas eachtrach Eorpach.
Ina theannta sin, d’iarr na hairí ar chomhpháirtithe na mBalcán Thiar smaoineamh agus gníomhú ar bhealach níos straitéisí i dtaca lena bhfadhbanna náisiúnta agus a n-athchóirithe agus i ndáil lena saincheisteanna déthaobhacha oscailte a réiteach.
Phléigh an Chomhairle an staid sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus d’athdhearbhaigh sí tiomantas an Aontais do dhearcadh an Aontais gur tír aonair aontaithe cheannasach í an tír sin. Athchóirithe a chur ar gcúl agus institiúidí Stáit a tharraingt ó chéile, ní luíonn siadsan le dearcadh Eorpach agus níl siad inghlactha.
Maidir leis an Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine, d’athdhearbhaigh na hairí go bhfuil siad ag súil go ndéanfar na comhaontuithe a rinneadh roimhe seo a urramú agus a chur chun feidhme ina n-iomláine, agus go mbeidh normalú forchéimnitheach ann maidir leis an gcaidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv*.
*Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Fogha na Rúise faoin Úcráin
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha fogha leanúnach na Rúise faoin Úcráin agus dhírigh sí ar na forbairtí is déanaí ar an láthair agus na sraitheanna de ghníomhaíocht an Aontais. Go háirithe, phléigh na hairí tacaíocht ón Aontas don Úcráin, caidreamh taidhleoireachta, bearta díspreagtha, ionramháil na Rúise ar fhaisnéis agus gníomhaíochtaí trasnaíochta na Rúise agus iarrachtaí chun cuntasacht a chinntiú.
Ghlac Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, agus Aire Gnóthaí Eachtracha Cheanada, Mélanie Joly, páirt sa phlé freisin.
Rinneamar anailís ar gach bealach is féidir linn tacaíocht airgeadais a chur ar fáil: i bhfianaise na staide daonnúla atá ag dul in olcas, i bhfianaise riachtanais phráinneacha airgeadais na hÚcráine le linn an chogaidh, le haghaidh atógáil iarchogaidh na tíre, agus le haghaidh féinchosanta.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Rinne na hairí a marana ar an togra maidir le €500 milliún sa bhreis a chur ar fáil ón tSaoráid Eorpach Síochána le haghaidh seachadadh arm chun na hÚcráine.
Rinne na hairí a marana freisin ar an gcaoi ar féidir tacú le geilleagar na hÚcráine trí léirscaoileadh trádála agus bearta éascaithe taistil. Agus plean gníomhaíochta an Aontais maidir le lánaí dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin glactha le déanaí, tá an tAontas ag cabhrú leis an Úcráin cheana leanúint de bheith ag táirgeadh agus ag onnmhairiú grán agus cruithneachta ar fud an domhain.
Phléigh an Chomhairle an tsaincheist i dtaca le hionramháil na Rúise ar fhaisnéis agus a hiarracht an milleán i ndáil le tionchar domhanda méadaitheach an fhogha atá á thabhairt aici faoin Úcráin a chur ní hamháin ar an Úcráin, ach ar an Aontas agus ar an Iarthar i gcoitinne freisin. Dhiúltaigh an Chomhairle scun scan d’insint na Rúise agus leanfaidh sí de bheith ag cur i gcoinne na hinsinte sin. Is mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise nach bhfuil cúis ná údar leis atá ganntanais fuinnimh agus bia agus ardú praghsanna.
In éineacht le G7, G20 agus FAO, tá an tAontas ag obair chun éifeachtaí diúltacha fhogha na Rúise a mhaolú agus chun soláthar bia a chinntiú do na tíortha uile.
Chuir an tArdionadaí an Chomhairle ar an eolas faoi mhisean a rinne sé le déanaí go Meiriceá Laidineach, áit ar bhuail sé le ceannairí sa tSile agus i bPanama.
Ina theannta sin, chuir sé an t-eolas is déanaí ar fáil faoi thacaíocht airgeadais ón Aontas don Phalaistín, mar obair leantach ar chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha i mí Aibreáin.
Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoin staid san Aetóip, na teannais atá ann faoi láthair sa Mheánmhuir Thoir, agus staid iarratais ECAT dhá Bhallstát.
Conclúidí ón gComhairle
D'fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le Cur Chuige Straitéiseach an Aontais chun tacú le Dí-armáil, Díshlógadh agus Ath-lánpháirtiú Iarchomhraiceoirí.
Coibhéis cigireachtaí allamuigh agus síl áirithe a táirgtear sa Bholaiv
Ghlac na hairí an togra ón gCoimisiún le haghaidh coibhéis a dheonú do na cigireachtaí táirgthe agus allamuigh a dhéantar maidir le barra táirgthe síl gránach agus le barra táirgthe síl plandaí ola agus plandaí snáithín sa Bholaiv. Le formheas na Comhairle, cuirfear an Bholaiv le liosta na dtríú tíortha a bhfuil a córas deimhniúcháin síolta aitheanta mar chóras atá coibhéiseach le córas an Aontais, rud a cheadaíonn sorgum, grán buí agus síolta lus na gréine a allmhairiú ón mBolaiv go margadh an Aontais.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.