Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 17 Bealtaine 2022

Na príomhthorthaí

Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Is é toradh na hanailíse a rinneamar ar an mbearna infheistíochtaí i réimse na cosanta gur gá do mhuintir na hEorpa níos mó a chaitheamh, i dteannta a chéile. An tslí is fearr le caiteachas níos fearr a chinntiú is ea é a chaitheamh le chéile.
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Cúrsaí reatha

Chuir an tArdionadaí an Chomhairle ar an eolas maidir leis an staid i Mailí.

I bhfianaise na heaspa ráthaíochta ó údaráis an aistrithe nach gcuirfidh amhais na Rúise isteach ar fhórsaí armtha Mhailí a fuair oiliúint ó Mhisean Oiliúna an Aontais, agus i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar an gclaonpháirteachas agus ar na líomhaintí maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, chinn an Chomhairle go ndeimhneodh sí an cinneadh sealadach a rinneadh i mí Aibreáin go ndéanfaí an oiliúint oibríochtúil ar aonaid de chuid fhórsaí armtha Mhailí agus ar an ngarda náisiúnta a chur ar fionraí. Tá soláthar an trealaimh mhíleata, a bhí ar an mbealach, faoin tSaoráid Síochána Eorpach, curtha ar fionraí freisin ag an Aontas.

Ach níl an tAontas ag imeacht as an tSaiheil, agus athlonnóidh sé acmhainní míleata chuig na tíortha comharsanachta.

Cuirfear athbhreithniú straitéiseach ar EUTM Mali i láthair sna seachtainí amach romhainn.

Misin agus oibríochtaí CBSC i gcur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh. Tá breis agus 80 gníomhaíocht nithiúil ann agus amlíne shoiléir luaite lena seachadadh, agus 51 díobh le cur chun feidhme idir seo agus deireadh 2022.

Dhírigh an Chomhairle go háirithe ar an gcaoi a bhféadfaidh an tAontas na misin agus na hoibríochtaí CBSC a oiriúnú, agus iad a dhéanamh níos éifeachtaí. Dúradh go soiléir sa phlé gur gá níos mó solúbthachta a bheith ann agus sinn ag freagairt do riachtanais na gcomhpháirtithe, gur gá oiliúint níos spriocdhírithe a bheith ann agus, tuilleadh tionlacain, trealaimh, agus inoiriúnaitheachta don timpeallacht slándála. Rogha amháin a d’fhéadfadh a bheith ann, mar shampla, cúraimí feidhmiúcháin a údarú, tionlacan mar shampla. Leag na hairí béim ar a thábhachtaí atá sé géarchéimeanna a chosc, trí oiliúint, comhairle nó trealamh a thairiscint do chomhpháirtithe sula dtarlaíonn an choinbhleacht, agus iad ag obair, b’fhéidir, i bhfoirne beaga agus níos lú.

Leis an gCompás Straitéiseach, tugtar treoir níos fearr agus comhfhís d’iarrachtaí an Aontais i réimse na slándála agus na cosanta.
Compás Straitéiseach don Aontas (Grafaic faisnéise)

Compás Straitéiseach don Aontas (Grafaic faisnéise)

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Phléigh airí cosanta an Aontais an fogha leanúnach atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, agus Leas-Ardrúnaí ECAT, Mircea Geoană, agus Aire Cosanta na hÚcráine, Oleksii Reznikov rannphairteach sa phlé. Chuir na Aire Cosanta na hÚcráine na hairí ar an eolas faoin staid mar atá ar an talamh agus faoi riachtanais arm na hÚcráine, a bhfuil an tAontas fós ag tacú leis.

Chuir an tArdionadaí in iúl go láidir go bhfuil difear á dhéanamh ag an tacaíocht ón Aontas i láthair an chatha, agus nach mór don Aontas leanúint den iarracht sin, agus acmhainní agus stoc-chairn na hÚcráine a athshlánú.

D‘fhógair sé freisin go gur gearr go mbeadh tráinse breise EUR 500 milliún á thabhairt faoin tSaoráid Síochána Eorpach rud a chiallódh go mbeadh luch EUR 2 bhilliún de thacaíocht mhíleata tugtha ag an Aontas d’fhórsaí armtha na hÚcráine ó thosaigh ionradh na Rúise.

Cuirfidh Misean Comhairleach an Aontais chun na hÚcráine (EUAM Ukraine) tús lena ath-imlonnú i gCív. Tá dhá shraith oibre bhreise forbartha aige, a bhaineann le bainistiú teorann agus imscrúdú agus ionchúiseamh coireanna cogaidh.

Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

Tháinig bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) le chéile roimh chruinniú na Comhairle.

Phléigh sí ‘Scoping EU defence investment gaps’ [Bearnaí infheistíochtaí i ndáil le cosaint an Aontais a scagadh], anailís a rinne an ghníomhaireacht mar a d’iarr na Cinn Stáit nó Rialtais uirthi ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu in Versailles an 10-11 Márta 2022. D’fhormheas an bord stiúrtha bunú Moil um Nuálaíocht i Réimse na Cosanta Eorpaí (HEDI) laistigh de GEC.

Ghlac an Chomhairle freisin, gan phlé, na míreanna a bhaineann le liostaí na míreanna A reachtacha agus neamhreachtacha.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid ullmhúcháin

Doiciméid toraidh

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025