"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Trádáil), 25 Bealtaine 2023
Na príomhthorthaí
An caidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe
Rinne an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, ag gníomhú di ina foirmíocht trádála, a machnamh ar staid na himeartha maidir leis na príomh-shaincheisteanna a bhaineann leis an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus maidir leis na hionchais maidir lenár rannpháirtíocht leanúnach leis na Stáit Aontaithe.
Dhírigh na hAirí ar an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe (TTC), roimh an gceathrú cruinniú a bheidh aici an tseachtain seo chugainn sa tSualainn (Luleå, an 30-31 Bealtaine). Mheabhraigh siad a thábhachtaí atá an t-ardán sin sa chomhthéacs geostraitéiseach atá ann faoi láthair agus go meastar go mbeidh torthaí nithiúla agus cothroma breise ann sa ghearrthéarma agus ina dhiaidh sin.
Tá an TTC ar cheann de na himeachtaí is tábhachtaí le linn Uachtaránacht na Sualainne ar an Aontas Eorpach agus is ardán tábhachtach é chun an comhar leis na Stáit Aontaithe a dhoimhniú.
Johan Forssell, Aire Comhair Forbartha Idirnáisiúnta agus Trádála Eachtraí na Sualainne
Bhí sé ar cheann d’iarrataí na nAirí freisin go leanfaí leis an rannpháirtíocht chun teacht ar réitigh phragmatacha ar ábhair imní an Aontais maidir le gnéithe idirdhealaitheacha an Achta um Laghdú Boilscithe (IRA), lena n-áirítear teacht ar Chomhaontú spriocdhírithe maidir le Mianraí Criticiúla agus trédhearcacht agus comhar a mhéadú maidir le cláir dhreasachtaí teicneolaíochta glasa.
Measadh gur cheart tús áite a thabhairt don obair leanúnach ar an Socrú Domhanda maidir le Cruach agus Alúmanam Inbhuanaithe. Ní mór go mbeadh sé d'aidhm ag aon réiteach comhaontaithe go gcuirfí deireadh ar fad le taraifí 'Roinn 232' sna Stáit Aontaithe agus, dá thoradh sin, go ndéanfaí an trádáil dhéthaobhach sa chruach agus san alúmanam a normalú, go n-urramófaí leis reachtaíocht ábhartha an Aontais agus go mbeadh sé faoi réir rialacha EDT.
Bhí plé ag na hairí maidir leis an gcaidreamh trádála idir an tAontas agus an tSín. Díríodh sa díospóireacht straitéiseach ar na spleáchais trádála ríthábhachtacha atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann leis an tSín agus ar na cineálacha ionstraimí a mbeadh gá leo chun na rioscaí sin a láimhseáil. Phléigh na hAirí freisin conas a d’fhéadfaí leas a bhaint as an rannpháirtíocht chun an caidreamh trádála agus infheistíochta leis an tSín a athchothromú agus conas tacú le hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais i ndáil leis sin.
Thug an Coimisiún le fios go mbeidh an straitéis um laghdú riosca eacnamaíoch le forbairt sna ceithre réimse a leanas:
geilleagar agus tionsclaíocht an Aontais a fhorbairt i riocht is go mbeidh siad níos iomaíche agus níos athléimní
úsáid níos fearr a bhaint as bosca uirlisí an Aontais (atá ann cheana) d’ionstraimí trádála
D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le huirlis chosanta nua a fhorbairt i gcás roinnt earnálacha criticiúla de bharr bheartais athraitheacha na Síne
ailíniú le comhpháirtithe
Chuir an Coimisiún eolas ar fáil faoi na hullmhúcháin don Idirphlé Ardleibhéil atá ar na bacáin idir an tAontas agus an tSín maidir leis an nGeilleagar agus an Trádáil, a bhfuil coinne leis roimh dheireadh na bliana.
An Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT): ullmhúchán don 13ú Comhdháil Aireachta
Fuair na hAirí faisnéis ón gCoimisiún faoi na nuashonruithe is déanaí maidir leis an ullmhúchán don13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (MC13).
Táthar ag súil go n-áireofar an méid seo a leanas i bpacáiste MC13:
an Sásra um Réiteach Díospóidí/an Bhuanchomhlacht Achomhairc a athbhunú
síneadh a chur leis an moratóir ríomhthráchtála agus leis an gclár oibre ríomhthráchtála
athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála
an comhaontú agus an chaibidlíocht maidir leis na fóirdheontais iascaigh
talmhaíocht le béim ar leith ar shlándáil an tsoláthair bia
forbairt, cóireáil speisialta agus difreálach, agus saincheisteanna a bhaineann le Céimniú na dTíortha is Lú Forbairt.
caibidlíocht iltaobhach maidir leis an éascú Infheistíochta agus leis an ríomhthráchtáil,
Forbairt an chomhshaoil/an fhorbairt inbhuanaithe agus an chaibidlíocht iltaobhach ar an ábhar
roinnt comhad atá ar feitheamh ón gComhdháil Aireachta a bhí ann roimhe seo
Lón: Caibidlíocht dhéthaobhach leanúnach ar an trádáil
Chuir an Coimisiún na hairí ar an eolas faoi staid na himeartha i dtaca leis an gcaibidlíocht dhéthaobhach leanúnach ar an trádáil. Thug an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Valdis Dombrovskis aghaidh ar an gcaibidlíocht trádála atá ar bun leis an Astráil agus chuir sé in iúl gurb é is aidhm dóibh teacht ar chomhaontú chomh mear agus is féidir, is é sin, faoi lár mhí Iúil, ar choinníoll go mbeadh an t-ábhar mar ba cheart. Thagair sé freisin don chaibidlíocht leis an India, leis an Indinéis agus leis an gCéinia (agus an Chéinia sa stráice deiridh) agus luaigh sé an chaibidlíocht leis an Afraic Thoir agus Theas.
Chuir an Coimisiún na hAirí ar an eolas freisin faoi na forbairtí is déanaí sa chaibidlíocht idir an tAontas agus Mercosur, forbairtí maidir le 'ionstraim dhlíthiúil bhreise' lena ndírítear ar shaincheisteanna a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide.
D’fhormheas an Chomhairle inniu, mar phointe gan díospóireacht, an léirscaoileadh trádála sealadach agus lamháltais eile trádála don Úcráin a athnuachan.
D’fhormheas an Chomhairle, mar phointe gan díospóireacht, comhaontú EDT maidir le fóirdheontais iascaigh chun borradh a chur faoin inbhuanaitheacht comhshaoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.