"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 26 Meitheamh 2023
Na príomhthorthaí
Cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le fogha na Rúise faoinÚcráin.
Ag tús phlé na Comhairle, thug airí an Aontais a measúnú ar ar tharla le déanaí sa Rúis maidir le héirí amach ghrúpa Wagner.
Tá an staid casta dothuartha go fóill. Táimid ar an airdeall i gcónaí agus táimid tiomanta do chomhordú láidir lenár gcomhpháirtithe, leis na 27 mBallstát agus leis na tíortha comharsanacha. Is léiriú na himeachtaí sin gur laige anois creidiúnacht phearsanta stát na Rúise agus Putin. Tá scoilteanna le feiceáil sa chóras polaitiúil. Ba bhaol dúinn an Rúis agus is baol dúinn fós í, toisc go bhfuil an fórsa agus an cumas aici comharsana síochánta a ionradh– rud a rinne sí. Tagann an baol i láthair na huaire ón éagobhsaíocht pholaitiúil inmheánach agus ó leochaileacht na cumhachta móire núicléiche sin. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh leanúint de bheith ag tacú leis an Úcráin.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
Labhair Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, le hairí an Aontais ina dhiaidh sin trí fhíschomhdháil, agus chuir sé ar an eolas iad faoinar thit amach ar an láthair le déanaí agus faoi thosaíochtaí agus riachtanais mhíleata na hÚcráine, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon.
D’athdhearbhaigh airí an Aontais a thiomanta atá an tAontas tacú leis an Úcráin le linn na frith-ionsaithe a mhéid a bhaineann le trealamh agus oiliúint araon. Maidir leis an oiliúint sin, chuir an tArdionadaí in iúl don Chomhairle go raibh oiliúint curtha cheana féin ag Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) ar 24 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine, rud a chuirfidh ar chumas an Aontais an sprioc 30 000 duine a bhaint amach i bhfad roimh dheireadh 2023.
Ghlac an Chomhairle breisiú €3.5 billiún don tSaoráid Eorpach Síochána, chun inbhuanaitheacht airgeadais agus intuarthacht na Saoráide Eorpaí Síochána a áirithiú san fhadtéarma, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus raon feidhme geografach domhanda na saoráide á chaomhnú ag an am céanna.
Ar deireadh, phléigh an Chomhairle na hiarrachtaí for-rochtana domhanda a rinne an tAontas chun na pleananna a éascú le haghaidh síocháin chuimsitheach chóir bhuan don Úcráin, i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.
An caidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib
Bhí plé ag an gComhairle Gnóthaí Eachtracha maidir le comhpháirtíocht an Aontais le Meiriceá Laidineach agus le Muir Chairib a threisiú, roimh chruinniú mullaigh na comhpháirtíochta sin a bheidh ar siúl sa Bhruiséil an 17-18 Iúil.
Go háirithe, bhí seisiún tuairimíochta ag na hairí maidir leis an ‘clár oibre nua don chaidreamh idir an tAontas agus Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib’, a thíolaic an Coimisiún agus an tArdionadaí an 7 Meitheamh 2023.
Phléigh siad freisin na tosaíochtaí don Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus Comhphobal Stáit Mhuir Chairib agus Mheiriceá Laidinigh, agus conas a d’fhéadfadh sé sin a bheith ina spreagadh chun athrú dearfach a dhéanamh ar an gclár oibre foriomlán maidir leis an gcaidreamh eatarthu.
Oibreoidh an tAontas chun idirphlé rialta struchtúrtha déréigiúnach a bhaint amach chun an obair leantach agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí i réimsí leasa choitinn a áirithiú.
An chibearthaidhleoireacht
Bhí plé bliantúil ag an gComhairle maidir leis an taidhleoireacht dhigiteach agus d’fhormheas sí conclúidí ón gComhairle maidir leis an ábhar sin.
Chomhaontaigh airí an Aontais gur cheart ról lárnach a bheith ag an Aontas agus an leabhar rialacha digiteacha domhanda á mhúnlú aige i dtaca le teicneolaíochtaí criticiúla – ón Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí go dtí an Intleacht Shaorga – agus mar chumhacht theicneolaíoch cheannasach.
Ina theannta sin, ba cheart don Aontas úsáid a bhaint as a chur chuige ‘Foireann na hEorpa’ chun cosaint níos fearr a thabhairt dá shamhail dhigiteach dhuinelárnach ina mbíonn rialacha digiteacha á gcinneadh i gcomhlachtaí iltaobhacha, mar shampla na Náisiúin Aontaithe, ITU, UNESCO, agus ECFE.
Is mian leis an Aontas oibriú le comhpháirtithe iontaofa, agus cur chun cinn shamhail an Aontais a chomhcheangal le cóineasú rialála agus fothú acmhainneachta le hinfheistíocht sa bhonneagar digiteach agus i gcomhrac na neamhionannas digiteach. Beidh an Tairseach Dhomhanda ina príomhionstraim sa mhéid sin.
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an tIdirphlé idir Béalgrád agus Pristine. Chuir an tArdionadaí airí an Aontais ar an eolas faoi na cruinnithe a bhí aige le hUachtarán Vučić na Seirbia agus le Príomh-Aire Kurti na Cosaive* an 22 Meitheamh sa Bhruiséil chun teacht ar réitigh ar an ngéarchéim leanúnach. Chuir na Ballstáit in iúl go láidir gur cúis mhór imní dóibh an teannas leanúnach i dtuaisceart na Cosaive agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé do na páirtithe an lasóg a bhaint den bharrach láithreach, mar a leagtar síos i ráiteas ón Aontas an 3 Meitheamh.
Ba dhíol sásaimh dúinn gur scaoileadh saor triúr póilíní na Cosaive a bhí ar coinneáil i mBéalgrád. Déanfaidh na Ballstáit bearta – más gá – chun giaráil an Aontais Eorpaigh a mhéadú agus chun tacú leis an idirphlé maidir le normalú. Ba mhaith liom a chur in iúl go láidir nach mór toghcháin a eagrú i ngach ceann de cheithre bhardas an tuaiscirt agus rannpháirtíocht neamhchoinníollach a bheith ag Seirbiacha na Cosaive sna toghcháin sin, agus ní mór don dá pháirtí a léiriú go bhfuil siad ullamh chun a gcuid oibleagáidí Idirphlé a chur chun feidhme. Tá na Ballstáit fós faoi réir chun bearta breise a dhéanamh mura bhfeictear aon dul chun cinn. Agus chuir siad i bhfios go láidir, mar is ceart, go bhfuilimid ag súil le hiompar Eorpach ó stáit a bheidh ina mBallstáit den Aontas amach anseo.
Josep Borrell, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
* Tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Bhí seisiún tuairimíochta ag an gComhairle maidir leis an Túinéis i bhfianaise chuairt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Phríomh-Airí na hIodáile agus na hÍsiltíre a tharla le déanaí. Bhí na hairí ar aon intinn gur cheart don Aontas leanúint leis an gcabhair agus aghaidh á tabhairt ag an tír sin ar na deacrachtaí sóisialta agus eacnamaíocha atá os a comhair. D’fhonn cobhsaíocht na Túinéise a áirithiú, chuir an tAontas pacáiste cuimsitheach comhair ar fáil nach mór don Chomhairle a fhormheas anois.
Ar deireadh, rinne an tArdionadaí tagairt don obair leanúnach atá á déanamh ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, chun an caidreamh idir an Airméin agus an Asarbaiseáin a normalú.
Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir leis an tSomáil, agus maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta anois agus Reacht na Róimhe ar an bhfód le 25 bliana anuas.
Ghlac an Chomhairle freisin an 9ú pacáiste de bhearta sriantacha i ndáil le seachtar daoine aonair breise atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin, agus cinntí lena gcuirtear síneadh le sainordú EUBAM Libya, EUBAM Rafah agus EUPOL COPPS.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.