"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Le cead uaitse, úsáidfimid fianáin le sonraí comhlánaithe anaithnide a tháirgeadh maidir le brabhsáil agus iompraíocht na gcuairteoirí ar ár suíomh gréasáin. Úsáidfimid na sonraí sin chun feabhas a chur ar an eispéireas agat ar ár suíomh.
An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha (Cosaint), 23 Bealtaine 2023
Na príomhthorthaí
Tacaíocht ón Aontas don Úcráin
Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha ina foirmíocht cosanta an tacaíocht ón Aontais don Úcráin agus béim á leagan aici ar an staid mar atá ar an talamh.
Chuir an tArdionadaí Airí Cosanta an Aontais ar an eolas faoin obair a dhéanann Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thacú leis an Úcráin (EUMAM), a mbeidh oiliúint curtha aige ar bhreis agus 20 000 saighdiúir de chuid na hÚcráine faoi lár mhí an Mheithimh, agus is dócha go mbainfidh sé amach an sprioc atá ann go mbeidh oiliúint curtha aige ar 30 000 saighdiúir roimh dheireadh 2023.
Chuir sé an Chomhairle ar an eolas freisin maidir leis an tacaíocht a leithdháil an tAontas ar an Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána, arb ionann anois í agus €5.6 billiún, agus mhol sé do Bhallstáit an Aontais trealamh míleata a sheachadadh ar fiú beagnach €10 mbilliún san iomlán é.
Sa chomhthéacs sin, tá an togra le haghaidh an 8ú pacáiste tacaíochta de €500 milliún faoin tSaoráid Eorpach Síochána á phlé faoi láthair. Spreagfaidh an pacáiste nua sin an gá atá leis an dara breisiú de €3.5 billiún ar an tSaoráid Eorpach Síochána, arb é is aidhm dó tacaíocht leanúnach a ráthú don Úcráin, agus uaillmhian dhomhanda na Saoráide Eorpaí Síochána á caomhnú ag an am céanna.
Maidir leis an bpacáiste armlóin trí-rian a fógraíodh an 20 Márta, chomhaontaigh an Chomhairle cheana féin €2 bhilliún chun tacú le seachadadh agus soláthar comhpháirteach airtléire agus diúracán mar chuid den chuspóir atá ann milliún urchar armlóin airtléire a sholáthar don Úcráin sa 12 mhí ina dhiaidh sin.
Faoin gcéad rian, tá an tAontas ag iarraidh ar na Ballstáit armlón agus diúracáin ó na stoic atá ann cheana a sholáthar nó na horduithe atá ann cheana a chur in ord tosaíochta, ionas nach mbeidh orthu fanacht go dtáirgfear tuilleadh armlóin.
Is féidir liom a fhógairt inniu, a bhuí leis an rian sonrach sin, go bhfuil 220 000 armlóin airtléire de chalabraí éagsúla curtha ar fáil ag na Ballstáit, agus gur cuireadh 1300 diúracán ar fáil freisin. Beidh an chéad rian seo ar oscailt go dtí an 31 Bealtaine agus creidim go mbeimid in ann ár n-aidhm a bhaint amach. Beidh go dtí mí Iúil ag na Ballstáit seachadtaí armlóin airtléire agus diúracán a dhearbhú.
Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
A mhéid a bhaineann leis an dara rian i.e. soláthar comhpháirteach armlóin ó thionscal cosanta na hEorpa agus ón Iorua, dhearbhaigh 8 dtír as na 24 thír a chuaigh isteach i dtionscadal na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) go bhfuil sé ar intinn acu armlón de chalabra 155 mm a cheannach trí GEC. Ag an am céanna, tá tionscadail chomhlántacha de chuid na náisiún ceannais, faoi stiúir na Fraince agus na Gearmáine go háirithe, ar bun freisin.
Maidir leis an tríú raon, i.e. acmhainneacht táirgeachta thionscal cosanta na hEorpa a mhéadú, thíolaic an Coimisiún togra le déanaí maidir le tacú le táirgeadh armlóin, an rialachán ASAP mar a thugtar air.
Cúrsaí reatha
Faoi chúrsaí reatha, phléigh airí cosanta an Aontais rannpháirtíocht Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) an Aontais i gcoitinne.
Phléigh na príomh-airí Misean nua Comhpháirtíochta Míleata an Aontais sa Nígir, misean atá ag tacú le lóistíocht agus cumarsáid Fhórsaí Armtha na Nígire, agus a d’fhéadfaí a chomhlánú go luath le tacaíocht ón tSaoráid Eorpach Síochána ar fiú €65 mhilliún í.
Ansin, mhol an tArdionadaí do na hairí oibriú le stáit chósta Mhurascaill na Guine éifeachtaí iarmhartacha bhagairt na sceimhlitheoireachta sa tSaiheil ar réigiúin thuaisceart Bheinin, an Chósta Eabhair, Ghána agus Thóga a chomhrac.
Ar deireadh, phléigh an Chomhairle a thábhachtaí atá sé acmhainneacht mhear-imscartha an Aontais a chur i gcrích, ionas go mbainfidh sí amach a sprioc go mbeidh sí ag feidhmiú go hiomlán faoi 2025.
Plé lóin neamhfhoirmiúil le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg
Le linn lóin oibre, bhí malartú neamhfhoirmiúil ag na hairí le hArd-Rúnaí ECAT, Jens Stoltenberg, maidir le réimsí straitéiseacha, mar shampla cibearchúrsaí, spás agus cúrsaí muirí, chomh maith le comhar le ECAT i ndáil le bagairtí sna réimsí sin.
Conclúidí ón gComhairle agus cinntí eile
D’fhormheas an Chomhairle conclúidí maidir le beartas an Aontais i ndáil leis an gcibearchosaint.
Ghlac an Chomhairle dhá chinneadh freisin lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na Danmhairge sa Bhuanchomhar Struchtúrtha (PESCO), agus lenar cuireadh 11 thionscadal nua leis an liosta de thionscadail PESCO atá ann cheana a forbraíodh ó mhí na Nollag 2017.
Bord Stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint
Tháinig bord stiúrtha na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC) le chéile roimh an gcruinniú den Chomhairle.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis na himpleachtaí cumais a bheidh ag an gcogadh san Úcráin i bhfianaise an athbhreithnithe a dhéanfar go luath ar thosaíochtaí forbartha cumais an Aontais dá bhforáiltear i mí na Samhna 2023.
Chuir an tArdionadaí na hairí ar an eolas freisin faoi shíniú an tSocraithe Riaracháin idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus Roinn Cosanta na Stát Aontaithe, chomh maith leis an dara heagrán de Laethanta Nuálaíochta Cosanta na hEorpa, a bheidh ar siúl ón 31 Bealtaine go dtí an 1 Meitheamh 2023, sa Bhruiséil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.