Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, 27 Bealtaine 2024

Na príomhthorthaí

Fogha na Rúise faoin Úcráin

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an fogha atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, tar éis físchomhdháil ó Aire Gnóthaí Eachtracha na hÚcráine, Dmytro Kuleba, a thug a chomhghleacaithe san Aontas cothrom le dáta maidir leis na forbairtí is déanaí ar an láthair - go háirithe maidir leis na hionsaithe is déanaí ón Rúis ar bhonneagar sibhialtach agus fuinnimh, agus riachtanais na hÚcráine, ó thaobh córais aerchosanta, diúracán agus armlón de.

<p><span lang=""EN-GB"" xmlns:htm=""http://www.w3.org/1999/xhtml"">Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála</span></p>

Tá Putin ag caint faoi chaibidlíocht síochána, ach tá a chuid arm ag seoladh ionsaitheacha eile i gcoinne Kharkiv. Tá tuairgneáil á déanamh acu ar fhoirgnimh shibhialtacha plódaithe, agus déanann siad iarracht an bonn a bhaint den Chruinniú Mullaigh ar Shíocháin san Eilvéis atá ar na bacáin. Tacaímid go hiomlán leis an gcruinniú mullaigh seo. Is é an cuspóir a bhaineann leis próiseas síochána a bheidh ann amach anseo a spreagadh. Táimid ag obair chun an rannpháirtíocht is leithne is féidir a chinntiú.

<p><span lang=""EN-GB"" xmlns:htm=""http://www.w3.org/1999/xhtml"">Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála</span></p>

Josep Borrell, Ardionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Bhí dianphlé ag na hairí maidir le tacaíocht mhíleata an Aontais don Úcráin, agus go háirithe cur chun feidhme an chinnidh a rinne an Chomhairle i mí an Mhárta maidir le Ciste Cúnaimh nua tiomnaithe don Úcráin faoin tSaoráid Eorpach Síochána. Beidh an ciste sin ina ionstraim dlí freisin trína mbeidh an tAontas Eorpach in ann úsáid a bhaint as an nglanbhrabús urghnách a ghintear le sócmhainní blocáilte na Rúise.

Phléigh an Chomhairle freisin gealltanais slándála fhadtéarmacha an Aontais don Úcráin, lena n-áireofar go háirithe gnéithe slándála agus cosanta.

Ar deireadh, cuireadh na hairí ar an eolas faoin teagmhas teorann is déanaí le gardaí teorann na Rúise san Eastóin agus i mBallstáit eile de chuid an Aontais.

Ghlac an Chomhairle an méid seo a leanas:

  • bearta sriantacha i gcoinne beirt daoine aonair agus eintiteas amháin atá freagrach as gníomhaíochtaí bolscaireachta a dhéanamh atá dírithe ar an tsochaí shibhialta san Aontas agus ina thíortha comharsanacha, rud a dhéanann fíricí a shaobhadh agus a ionramháil go mór chun údar agus tacaíocht a thabhairt do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin
  • córas nua smachtbhannaí i gcoinne na ndaoine sin atá freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a imirt ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as an mbonn a bhaint den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis, agus liostaíodh 19 nduine agus eintiteas amháin.

An staid sa Mheánoirthear

Phléigh an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha an staid sa Mheánoirthear.

Bhí seisiún neamhfhoirmiúil ag airí an Aontais le hAirí Quint na nArabach: Catar, an Iordáin, an Araib Shádach, an Éigipt, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, chomh maith le hArdrúnaí Léig na Stát Arabach. Bhí an plé dírithe ar réiteach polaitiúil a fháil ar an gcoinbhleacht, agus ar thacaíocht dhaonnúil a mhéadú do mhuintir Gaza.

Chuir na hairí Arabacha a bhfís do phróiseas síochána i láthair agus phléigh siad lena gcomhghleacaithe san Aontas conas an comhar a threisiú, d’fhonn teacht ar réiteach polaitiúil ar an gcoinbhleacht. Ceann de na moltaí a tháinig chun cinn ón bplé ab ea féachaint an bhféadfaí comhdháil idirnáisiúnta a reáchtáil maidir leis an dóigh chun an réiteach dhá stát a chur chun feidhme, lena bhféadfaí an bealach a réiteach do chomhdháil idirnáisiúnta síochána.

Chomhaontaigh na hairí gurb í an tsaincheist is práinní faoi láthair, lasmuigh d’fhulaingt mhuintir Gaza a mhaolú agus na gialla uile a scaoileadh saor láithreach bonn, tacú le hÚdarás na Palaistíne agus le UNRWA, chomh maith leis an tacaíocht dhaonnúil a mhéadú. Chun cabhrú leis an gcúnamh daonnúil a sheachadadh, féachfaidh an tAontas ar na deiseanna atá ann Misean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh do Phointe Trasnaithe Rafah (EU BAM Rafah) a athghníomhachtú, i gcomhordú le hÚdarás na Palaistíne, agus le húdaráis Iosrael agus na hÉigipte.

Maidir le trí phointe shonracha a bhaineann lena bhfuil tarlaithe le déanaí, mheabhraigh an tArdionadaí a thábhachtaí atá sé an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • éileamh an athuair a dhéanamh ar Iosrael an rialú a thug an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le stop a chur le hoibríochtaí míleata in Rafah agus rochtain a cheadú ar chabhair dhaonnúil a ligean isteach go Gaza a chur chun feidhme
  • a iarraidh ar Iosrael an cistiú lena gceadaítear feidhmiú agus marthanas Údarás na Palaistíne a dhíbhlocáil
  • nár cheart a dhearbhú gur eagraíocht sceimhlitheoireachta é UNRWA agus, dá bhrí sin, nár cheart cosc a chur air oibriú in Gaza agus sna críocha Palaistíneacha

Ar deireadh, d’fhógair an tArdionadaí go dtionólfadh sé cruinniú de Chomhairle Comhlachais AE-Iosrael chun malartú a dhéanamh ar na saincheisteanna ábhartha uile a dhéanann difear don chaidreamh déthaobhach.

An tSeoirsia

Faoi chúrsaí reatha, cuireadh an Chomhairle ar an eolas faoi fhorbairtí i ndáil leis an dlí nua maidir le trédhearcacht an tionchair eachtraigh sa tSeoirsia, rud a théann i gcoinne mheon agus phrionsabail an Aontais. Chomhaontaigh na Ballstáit a machnamh a dhéanamh faoin bhfreagairt is iomchuí ón Aontas i gcás ina ndéanfar an gníomh a achtú, d’fhonn cinneadh a dhéanamh, b’fhéidir, ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha an Mheithimh. 

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Eachtracha

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 5 Feabhra 2025