Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 18 Márta 2014

Comhairle Eorpach an earraigh le díriú ar an Úcráin, ar iomaíochas tionsclaíochta agus ar fhuinneamh

Díríodh le linn an chruinnithe de chuid na Comhairle Gnóthaí Ginearálta an 18 Márta ar chruinniú na Comhairle Eorpaí, a bheidh ar siúl an 20-21 Márta, a ullmhú.

Borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch trí iomaíochas tionsclaíochta

Leagfar an phríomh-bhéim, lasmuigh den phlé maidir le cúrsaí mar atá san Úcráin, ar an ngeilleagar, lena n-áirítear fás, iomaíochas agus poist. "Príomh-thosaíocht ag uachtaránacht na Gréige agus ag pobail uile na hEorpa is ea feabhas a chur ar iomaíochas tionsclaíochta mar réamh-choinníoll le haghaidh an fháis eacnamaíoch agus chun poist a chruthú", a dúirt Evangelos Venizelos, Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Gréige.

Pléifear an aeráid agus fuinneamh i ndáil le hiomaíochas tionsclaíochta. Fiosróidh an Chomhairle bealaí chun beartais a chur chun feidhme lena bhféadfar praghsanna inacmhainne fuinnimh a sholáthar chun borradh a chur faoi iomaíochas tionsclaíochta na hEorpa agus chun an fás eacnamaíoch a chaomhnú. Ní mór aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí sna praghsanna fuinnimh i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe agus i measc thíortha na hEorpa. Beidh plé sa Chomhairle freisin maidir leis an mbealach chun slándáil agus éagsúlacht fuinnimh a áirithiú agus leis an mbealach chun spleáchas ar thríú tíortha a laghdú.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach an chéad chéim den Seimeastar Eorpach - timthriall leathbhliantúil an chomhordaithe beartas eacnamaíoch idir na Ballstáit - a thabhairt i gcrích freisin.

An sásra aonair réitigh

Ar bhonn na hoibre a rinne an Chomhairle agus le linn cruinnithe trípháirteacha le Parlaimint na hEorpa, déanfaidh na ceannairí meastóireacht ar na torthaí ón obair reachtach agus ón gComhdháil Idir-rialtasach.

Cánachas ar ioncam ó choigilteas

Tá súil ag an gComhairle go molfaidh ceannairí an Aontais go nglacfaí treoir chun rialacha AE maidir le malartú faisnéise faoi chánachas a neartú.

Caidreamh AE-na hAfraice

Phléigh na hairí freisin na hullmhúcháin le haghaidh chruinniú mullaigh AE-na hAfraice atá le teacht, ar mhian leis an gComhairle go ndíreodh na ceannairí ar shíocháin agus slándáil lena linn.

Ábhair eile ar an gclár oibre

Tráth an lóin, roinn na hairí a dtuairimí le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, Herman Van Rompuy, maidir le prionsabal na coimhdeachta.

An Seimeastar Eorpach

D'fhormheas na hairí freisin tuarascáil sintéise na hUachtaránachta maidir le Seimeastar Eorpach 2014 a bunaíodh ar bhonn an tSuirbhé Bhliantúil Fáis. Leagtar amach sa suirbhé tosaíochtaí leathana eacnamaíocha an Aontais don bhliain amach romhainn agus, ar bhonn níos ginearálta, tugtar léiriú ann faoin gcineál gníomhaíochta atá riachtanach chun an Straitéis Eoraip 2020 a chur chun feidhme.

An sásra um smacht reachta

Rinne Viviane Reding, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Coimisinéir Ceartais AE, tionscnamh nua ón gCoimisiún a thabhairt isteach chun an smacht reachta a chosaint sna 28 mBallstát. Is é is aidhm don tionscnamh luachanna bunúsacha an Aontais a chosaint níos fearr, chun an daonlathas agus cearta bunúsacha a chosaint ar an leibhéal náisiúnta san Aontas.

Bunaítear leis uirlis réamhrabhaidh le go seachnófar méadú ar na sáruithe ar dhlí an Aontais agus cur i bhfeidhm nós imeachta Airteagal 7, mar a thugtar air, faoi Chonradh Liospóin, lena bhforáiltear d'fhionraí chearta vótála na mBallstát sa Chomhairle.

Comhaid na gcruinnithe

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025