- An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, 13/05/2014, 13 Bealtaine 2014
Déanann an Chomhairle comóradh 10 mbliana ar mhéadú 2004 a cheiliúradh
Le cruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha an 13 Bealtaine rinneadh comóradh 10 mbliana ar mhéadú 2004 a cheiliúradh agus pléadh na hullmhúcháin do chruinniú na Comhairle Eorpaí atá le teacht.
Le linn chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, díríodh go háirithe ar na hullmhúcháin don chéad chruinniú eile den Chomhairle Eorpach, a thionólfar an 26 agus an 27 Meitheamh.
Cé gur cinnte go mbeidh tús áite ar an gclár oibre ag an gcaidreamh leis an Úcráin agus leis an Rúis agus le compháirtithe eile an oirthir, meastar freisin go mbeidh na nithe seo a leanas á bplé ag ceannairí AE:
- treoirlínte straitéiseacha don phleanáil reachtach agus oibríochtúil laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais.
- ábhair aeráide agus fuinnimh d'fhonn cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis an gcreat beartais nua a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná Deireadh Fómhair 2014. Pléifidh an Chomhairle bealaí chun slándáil fuinnimh agus éagsúlacht fuinnimh a áirithiú freisin mar aon le bealaí chun spleáchas ar thríú tíortha a laghdú.
Déanfaidh an Chomhairle Eorpach an Seimeastar Eorpach, timthriall leathbhliantúil an chomhordaithe beartas eacnamaíoch idir na Ballstáit, a thabhairt i gcrích freisin. Roinnfidh ceannairí an Aontais tuairimí ar a chéile faoin ngníomhaíocht atá le déanamh ar an leibhéal náisiúnta agus formhuineoidh siad moltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith i ndáil le hathchóirithe struchtúracha, le beartais fostaíochta agus le buiséid náisiúnta.
An 26 Meitheamh 2014, comórfaidh ceannairí AE tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda le searmanas agus dinnéar i gcathair Ypres.
comóradh 10 mbliana ar mhéadú 2004
Labhair Vytautas Leškevičius, Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha na Liotuáine, thar ceann 10 dtír a chuaigh isteach in AE an 1 Bealtaine 2004, agus Siim Kallas, an Coimisinéir Eorpach don Iompar, chun na nithe dearfacha a baineadh amach le méadú 2004 a cheiliúradh.
"Is iomaí uair ó shin a cruthaíodh gur chun tairbhe uile theaghlach na hEorpa a chuaigh an méadú sin", arsa Evangelos Venizelos, an Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha na Gréige.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Éifeachtúlacht mhargaí airgeadais AE
Ghlac an Chomhairle rialacha nua chun éifeachtúlacht mhargaí airgeadais AE a chur chun cinn, lena leasaítear agus lena ngabhtar ionad na Treorach atá anois ann maidir le margaí in ionstraimí airgeadais ("MiFID").
Faireachas teorann - Frontex
Bhunaigh na hairí rialacha nua maidir le faireachas ar theorainneacha farraige seachtracha. Is é is aidhm do na rialacha cuidiú le tubaistí ar muir a sheachaint, amhail na tubaistí a tharla le gairid sa Mheánmhuir theas.
Imirce dhleathach- Aistrithe idirchorparáideacha
Ghlac an Chomhairle treoir maidir le coinníollacha iontrála agus cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha le linn sannachán sealadach in AE.
D'fhoilsigh an Chomhairle freisin a tuarascáil don bhliain 2013 maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ghlac sí an-chuid ítimí gan phlé.
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid toraidh
Torthaí na vótála sa chruinniúFaisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Dimosthenis Mammonas Press officer
- +32 477 61 20 77
- +32 2 281 2504
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #GAC
Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta
Cruinnithe roimhe seo
Cruinnithe a bheidh ann amach anseo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025