"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 20 Meán Fómhair 2022
Na príomhthorthaí
Comhairle Eorpach mhí Dheireadh Fómhair
Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair le plé ar dhréachtchlár oibre anótáilte.
Ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach, d'fhill na ceannairí ar an gcogadh foghach atá á chur ag an Rúis ar an Úcráin agus ar iarmhairtí an chogaidh sin. Tabharfaidh siad aghaidh freisin ar an staid fuinnimh agus ar shaincheisteanna eacnamaíocha.
Ó thaobh an chaidrimh sheachtraigh de, tabharfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Áise, ullmhóidh sí do chruinniú mullaigh AE-ASEAN agus beidh plé straitéiseach aici maidir leis an tSín. Ina theannta sin, déanfaidh sí a marana ar na hullmhúcháin do Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP27) in Sharm El-Sheikh agus don 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht in Montréal.
Faoi chuimsiú an idirphlé bhliantúil maidir leis an smacht reachta, bhí plé cothrománach ag na hairí inar díríodh ar na príomhthreochtaí i réimse an smachta reachta san Aontas.
Bhí an díospóireacht bunaithe ar cheithre cholún: córais cheartais, an creat i gcoinne an éillithe, iolrachas na meán agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le srianta agus ceartúcháin. Bhain sí leas as an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta, tuarascáil a eisíodh an 13 Iúil 2022 agus a bhfuil moltaí sonracha do na Ballstáit san áireamh inti den chéad uair.
Is é is aidhm d’idirphlé na Comhairle i ndáil leis an smacht reachta díospóireacht oscailte chuiditheach a bheith ann faoin staid maidir leis an smacht reachta ar fud an Aontais, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne i leith na mBallstát ar fad.
Cumhdófar gnéithe tírshonracha ag an gcruinniú a bheidh ag an gComhairle Gnóthaí Ginearálta i mí na Samhna. Díreofar ar na cúig Bhallstát seo a leanas: an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSualainn.
Creidim go gcuireann na malartuithe tuairimí a dhéantar ar an mbealach seo ar ár gcumas fíorphlé polaitiúil a bheith againn in atmaisféar dearfach cuiditheach. Le hidirphlé na Comhairle, réitítear an bealach ní hamháin chun dea-chleachtais a roinnt, ach chun barúlacha criticiúla a roinnt freisin: ba cheart don dá rud sin ár ngníomhaíochtaí a threorú sna gnéithe is íogaire den smacht reachta.
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.
Díríodh sa phlé ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as clásail passerelle atá sna Conarthaí chun athrú ó vótáil aontoilíochta go vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, agus díríodh ar thionscnaimh a bhaineann leis an gComhdháil agus ar leagadh béim orthu san Aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh agus sa ‘litir intinne’ gaolmhar ón gCoimisiún ina leagtar amach na príomhthionscnaimh atá beartaithe do 2023. Cuireadh na hairí ar an eolas freisin faoi bhearta a moladh le linn na Comhdhála a bhféadfadh an Chomhairle gníomhú as a stuaim féin ina leith.
Le linn na díospóireachta ar an obair leantach ar an gComhdháil, mheas na hairí gur cheart tosaíocht a thabhairt ag an bpointe seo don obair leantach i ndáil le formhór mór na dtograí agus na dtionscnaimh a bhaineann leis an gComhdháil (tuairim is 95%) is féidir a chur chun feidhme trí leas a bhaint as na féidearthachtaí go léir a chuirtear ar fáil le creat an Chonartha.
Cuireadh tuairimí éagsúla in iúl maidir le síneadh a chur leis an vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle trí chlásail passerelle a úsáid. Bhí formhór na n-airí sásta machnamh a dhéanamh faoi chlásail passerelle a úsáid i réimsí áirithe, de réir an cháis. Thug roinnt airí le fios go raibh gá le tuilleadh measúnaithe sula bhféadfadh siad seasamh mionsonraithe a chur in iúl maidir leis an tsaincheist sin nó cinneadh a dhéanamh faoi.
Ba dhíol sásaimh do na hairí plean an Choimisiúin roinnt tionscnaimh reachtacha a mholadh chun obair leantach a dhéanamh ar an gComhdháil i gcomhréir leis an ngealltanas a thug na trí institiúid de chuid an Aontais nuair a seoladh an cleachtadh.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin faoi na hullmhúcháin don imeacht aiseolais do shaoránaigh atá beartaithe don 2 Nollaig.
Bhí sé mar aidhm ag an gComhdháil go mbeadh na saoránaigh rannpháirteach i ndíospóireacht faoinár dtodhchaí choiteann agus faoi na nithe is tábhachtaí dóibh. Is mithid anois d’institiúidí an Aontais a léiriú gur thugamar cluas dóibh a mhéid a bhaineann lena n-ábhair imní. Tá an Chomhairle lántiomanta a páirt a imirt sa phróiseas sin.
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe
Rinne na hairí measúnú ar staid na himeartha maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus dhírigh siad ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, go háirithe an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.
Chuir Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Maroš Šefčovič, na hairí ar an eolas faoin scéala is déanaí tar éis chinneadh rialtas na Ríochta Aontaithe reachtaíocht a chur síos i mí an Mheithimh 2022 lena gcuirtear croíghnéithe den Phrótacal ar ceal agus tar éis an fhreagra a thug sé, an 15 Meán Fómhair 2022, ar na nósanna imeachta maidir le sárú atá fós ar bun.
D’athdhearbhaigh na hairí go dtacaíonn siad le cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh. D’athdhearbhaigh siad go háirithe go bhfuil an tAontas faoi réir chun plé cuiditheach a dhéanamh ar réiteach caibidlithe, faoi chuimsiú an Phrótacail, ar na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann lena chur chun feidhme ar an láthair.
Mar chuid den chleachtadh bliantúil um chlársceidealú reachtach, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle Tuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach agus a ‘litir intinne’ i ndáil le clár oibre an Choimisiúin a ullmhú. Leag na hairí a dtuairimí amach maidir leis na príomhthosaíochtaí don bhliain seo chugainn agus maidir leis na tionscnaimh is mó a bhfuil gá leo, dar leosan.
Chuir Uachtaránacht na Seicia a tosaíochtaí foriomlána do thréimhse a téarma oifige faoi bhráid na n-airí, chomh maith leis na tosaíochtaí a thagann faoi shainchúram na Comhairle Gnóthaí Ginearálta.
Ghlac an Chomhairle go foirmiúil an cinneadh €5 bhilliún de chúnamh breise macrairgeadais a chur ar fáil don Úcráin mar ábhar práinne. Comhlánaíonn an cúnamh airgeadais sin tacaíocht eile a thug an tAontas don Úcráin sna réimsí daonnúla, forbartha, custaim agus cosanta.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.