Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 21 Márta 2023

Na príomhthorthaí

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Ghlac an Chomhairle dhá chinneadh a bhaineann le Creat Windsor, bealach comhpháirteach nua chun cinn i ndáil leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann ar tháinig an Coimisiún agus rialtas na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú polaitiúil i bprionsabal ina leith an 27 Feabhra 2023.

Leis na cinntí sin, lena mbunaítear an seasamh ón Aontas sa Chomhchoiste agus sa Mheitheal Chomhairleach Chomhpháirteach arna mbunú faoin gComhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, cuirtear ar chumas an Aontais teacht ar chomhaontú maidir le príomhghnéithe Chreat Windsor laistigh den dá chomhlacht sin, agus gealltanais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a dhéanamh díobh.

Le glacadh na ngníomhartha sin, léirítear tiomantas an Aontais maidir leis na réitigh chomhpháirteacha a chur chun feidhme, ar réitigh iad ar thángthas orthu chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí praiticiúla chur chun feidhme an Prótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann ar an láthair.

Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne
Is éacht fíordhearfach é an comhaontú ar thángthas air maidir le Creat Windsor roimh chomóradh 25 bliana Chomhaontú Aoine an Chéasta. Rachaidh sé chun tairbhe do dhaoine agus do ghnólachtaí i dTuaisceart Éireann agus ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas an Aontais agus na Ríochta Aontaithe caibidil nua dár gcaidreamh a oscailt. Seasann na Ballstáit gualainn le gualainn leis an gCoimisiún Eorpach agus iad ag tacú leis na réitigh a comhaontaíodh, agus tá siad ag tnúth lena gcur chun feidhme go pras de mheon macánta.
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha na Sualainne

Comhairle Eorpach mhí an Mhárta

Pléifidh an Chomhairle na dréachtchonclúidí don chruinniú a bheidh ag an gComhairle Eorpach an 23 go dtí an 24 Márta.

Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh ag an gcéad chruinniú eile dá cuid ar gach gné de chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar thacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin agus do mhuintir na tíre sin.

Tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh freisin ar an iomaíochas, ar an margadh aonair agus ar an ngeilleagar. Pléifidh siad straitéis fhadtéarmach na hEorpa chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin táirgiúlacht, agus conas bonn eacnamaíoch, tionsclaíoch agus teicneolaíoch an Aontais a chur in oiriúint don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Beidh plé straitéiseach acu freisin maidir le beartas trádála an Aontais agus tabharfaidh siad aghaidh ar an athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, chomh maith le Seimeastar Eorpach 2023.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach a mharana ar an dul chun cinn atá déanta le cur chun feidhme a conclúidí maidir le fuinneamh. Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún ceannairí an Aontais ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gconclúidí ó Chomhairle Eorpach mhí Feabhra maidir leis an imirce.

An Seimeastar Eorpach

Scrúdaigh na hairí tuarascáil sintéise ón uachtaránacht ina ndéantar achoimre ar an rannchuidiú a rinne foirmíochtaí éagsúla na Comhairle le Seimeastar Eorpach 2023.

Chuir an Uachtaránacht treochlár nuashonraithe do Sheimeastar Eorpach 2023 i láthair, ina leagtar amach príomhchéimeanna thimthriall Sheimeastar Eorpach 2023.

Chomhaontaigh an Chomhairle freisin dréacht-mholadh maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach lena fhormhuiniú.

Idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta

Mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta, beidh plé tírshonrach ag na hairí. Díríodh an malartú tuairimí ar phríomhfhorbairtí sa tSlóvaic, san Fhionlainn, sa Bheilg, sa Bhulgáir agus i bPoblacht na Seice.

Is cuid é an plé tírshonrach de thiomantas na Comhairle an t-idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta a dhéanamh níos láidre agus níos struchtúrtha, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne de chuid na mBallstát ar fad á n-urramú againn ag an am céanna. Is é an cuspóir atá ann malartú cuiditheach oscailte tuairimí agus dea-chleachtas a bheith ann.

Malartú neamhfhoirmiúil le Olha Stefanishyna

Le linn an lóin, bhí malartú neamhfhoirmiúil ag na hairí le Leas-Phríomh-Aire um Lánpháirtiú Eorpach agus Eora-Atlantach na hÚcráine, Olha Stefanishyna, maidir le lánpháirtiú na hÚcráine san Aontas Eorpach agus maidir le hathchóirithe ar mhaithe le ballraíocht san Aontas.

Ina theannta sin, d’fhormheas an Chomhairle gan phlé na míreanna ar an liosta de mhíreanna neamhreachtacha A.

Comhaid na gcruinnithe

Doiciméid toraidh

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025