Skip to content
  • An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta, 6 Feabhra 2023

Príomhthorthaí

Na hullmhúcháin don Chomhairle Eorpach

D’ullmhaigh an Chomhairle don chruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a bheidh ar siúl an 9 - 10 Feabhra 2023 trí dhréachtchonclúidí a phlé.

Ag an gcruinniú a bheidh aici, tabharfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Is tar éis an chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 3 Feabhra agus aon bhliain amháin a bheag nó a mhór ó thús an chogaidh an 24 Feabhra 2022 a tharlóidh an plé sin. Déanfaidh na ceannairí a marana ar a bhfuil ag tarlú ar an láthair agus chomh maith leis sin ar an tacaíocht ilghnéitheach a thugann an tAontas agus na Ballstáit don Úcráin.

Anuas air sin, tabharfaidh na ceannairí aghaidh ar an gclár oibre eacnamaíoch. Díreoidh siad ar chumas na hEorpa a hiomaíochas domhanda a choimeád agus ar an bhfreagairt láithreach ar na dúshláin atá roimh thionscal na hEorpa faoi láthair.

Pléifidh an Chomhairle Eorpach saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí imirce freisin.

An caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Rinne na hairí measúnú ar staid na himeartha maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus dhírigh siad ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, go háirithe an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.

Chuir Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefčovič na hairí ar an eolas faoin obair scóipe atá ar siúl idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe chun iarracht a dhéanamh teacht ar réitigh choiteanna ar na hábhair imní atá i bhfíorshaol phobail uile Thuaisceart Éireann agus cosaint a thabhairt d’áit Thuaisceart Éireann i margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe agus do shláine Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh.

Ba dhíol sásaimh do na hairí an rannpháirtíocht leanúnach idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach darb aidhm réitigh chomhpháirteacha a aimsiú agus chuir siad a dtacaíocht iomlán in iúl don Choimisiún. D’athdhearbhaigh siad go bhfuil an tAontas faoi réir chun plé cuiditheach a dhéanamh ar réiteach caibidlithe faoi chuimsiú an Phrótacail ar na deacrachtaí praiticiúla a bhaineann lena chur chun feidhme ar an láthair.

Tosaíochtaí Uachtaránacht na Sualainne

Chuir Uachtaránacht na Sualainne a cuid tosaíochtaí i láthair don chéad leath de 2023.

Is iad an tslándáil, an t-iomaíochas, an t-aistriú glas agus an t-aistriú fuinnimh, luachanna daonlathacha agus an smacht reachta príomhthosaíochtaí na hUachtaránachta.

Maidir leis an gComhairle Gnóthaí Ginearálta, leanfaidh an Uachtaránacht ar aghaidh leis an obair sna réimsí éagsúla faoina cúram, mar shampla, an smacht reachta, méadú agus an daonlathas a neartú. Oibreoidh an Uachtaránacht freisin chun cumais an Aontais i dtaca le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus i dtaca le bainistiú géarchéime a threisiú, leanfaidh sí den obair leantach ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus tacóidh sí le hiarrachtaí an Choimisiúin na comhaontuithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chur chun feidhme ó lá go lá.

Jessika Roswall, Aire Gnóthaí AE, an tSualainn
Tosóimid an clár, ar ndóigh, le fogha mídhleathach na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus freagairt choiteann an Aontais Eorpaigh ar ar éirigh as sin. Sa chomhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair, ba mhaith liom a chur i dtreis a thábhachtaí atá sé don Uachtaránacht bunluachanna an Aontais a chosaint, ar bunchloch an chomhair dhomhainfhréamhaithe a dhéanaimid san Aontas iad.
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí AE, an tSualainn
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí AE, an tSualainn

Ina theannta sin, d’fhormheas an Chomhairle gan phlé na míreanna ar an liosta de na míreanna neamhreachtacha A .

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Gnóthaí Ginearálta

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025