"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le beartas méadaithe an Aontais agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais idir an tAontas agus na Balcáin Thiar.
Sna conclúidí, déantar measúnú ar an staid i ngach ceann de na tíortha is iarrthóirí agus de na comhpháirtithe de chuid an Aontais, leagtar amach treoirlínte maidir le tosaíochtaí athchóiriúcháin, agus athdhearbhaítear tiomantas na Comhairle do bheartas an Aontais maidir le méadú. I gcomhréir leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú a d’fhormhuinigh an Chomhairle in 2020, leagtar béim láidir ar athchóirithe bunúsacha i réimsí an smachta reachta, na gceart bunúsach, na forbartha eacnamaíche agus an iomaíochais, neartú na n-institiúidí daonlathacha agus athchóiriú an riaracháin phoiblí.
Tar éis conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh agus i bhfianaise an mholta ón gCoimisiún ina dhiaidh sin an 12 Deireadh Fómhair 2022, molann an Chomhairle stádas mar thír is iarrthóir a dheonú don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, faoi réir deimhniú ón gComhairle Eorpach, ar an tuiscint go bhfuil na céimeanna atá sonraithe sa mholadh ón gCoimisiún á dtabhairt, chun an smacht reachta, comhrac an éillithe agus na coireachta eagraithe, bainistiú imirce agus cearta bunúsacha a neartú. Tá an Chomhairle ag súil le deimhniú ar an gcinneadh sin ag Comhairle Eorpach mhí na Nollag.
Is bonn láidir é beartas méadaithe an Aontais don tsíocháin, don daonlathas, don rathúnas, don tslándáil agus don chobhsaíocht ar an mór-roinn. Leis na conclúidí uaithi, tá teachtaireacht láidir á cur amach ag an gComhairle maidir lena tiomantas do mhéadú an Aontais. Is cúis mhór áthais dom go háirithe an moladh go mbronnfaí stádas mar thír is iarrthóir ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus go n-aithnítear iarrachtaí athchóirithiúcháin na hÚcráine le linn na tréimhse deacra seo. Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus í ag iarraidh ballraíocht a bhaint amach san Aontas amach anseo agus chomhaontaíomar go bhfillfimid ar staid na dtrí pháirtí comhlachaithe bunaithe ar nuashonrú a chuirfidh an Coimisiún ar fáil san earrach seo chugainn.
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir lena sainordú don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa i ndáil leis an togra le haghaidh rialachán maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú na fógraíochta polaitiúla.
I gcomhthéacs ina bhfuil níos mó agus níos mó feachtasaíochta polaitiúla ar siúl ar líne agus thar theorainneacha náisiúnta, is é is aidhm don togra ardchaighdeáin trédhearcachta a chur chun cinn san fhógraíocht pholaitiúil san Aontas, teorainn a chur le húsáid fógraíochta spriocdhírithe chun críoch polaitiúil agus soláthar agus maoirseacht trasteorann ar sheirbhísí fógraíochta polaitiúla a éascú. Cuideoidh sé le comhrac na bréagaisnéise, na hionramhála ar fhaisnéis agus na trasnaíochta i dtoghcháin, agus tabharfaidh sé coimirce do dhíospóireacht dhaonlathach oscailte i mBallstáit an Aontais.
Cuireann sainordú na Comhairle leis an togra ón gCoimisiún trí na rialacha atá beartaithe a neartú, trí shoiléiriú a thabhairt maidir leis an gcaoi a gcuirfí chun feidhme iad agus trí dheimhneacht dhlíthiúil fheabhsaithe a iarraidh.
I ndaonlathas a bhfuil rath air, ba cheart go bhfaigheadh na saoránaigh eolas oibiachtúil trédhearcach iolraíoch atá saor ó ionramháil. Ba cheart dóibh a bheith in ann fógraí polaitiúla a aithint go héasca, go háirithe fógraí ar líne, agus a fhios a bheith acu cé atá taobh thiar díobh. Ina theannta sin, ní mór dúinn teorainn a chur le húsáid na dteicnící spriocdhírithe agus monatóireacht dhian a dhéanamh orthu. Leis an rialachán nua, cinnteofar rialacha atá cothrom le dáta ar fud an Aontais chun ár bpróisis dhaonlathacha a chosaint.
Mikuláš Bek, Aire Gnóthaí Eorpacha na Seicia
Mar chuid den idirphlé bliantúil maidir leis an smacht reachta, bhí plé tírshonrach ag na hairí, inar díríodh ar na phríomhfhorbairtí sa Pholainn, sa Phortaingéil, sa Rómáin, sa tSlóivéin agus sa tSualainn.
Is cuid é seo de thiomantas na Comhairle an t-idirphlé faoin smacht reachta a dhéanamh níos láidre agus níos struchtúrtha, agus prionsabail na hoibiachtúlachta, an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne de chuid na mBallstát ar fad á n-urramú againn ag an am céanna. Tugtar thart ar leathuair an chloig do gach Ballstát. Déantar an plé i bhfianaise na tuarascála ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta. In idirphlé polaitiúil atá oscailte agus cuiditheach, roinneann na hairí a dtaithí, a dtuairimí agus a ndea-chleachtais i ndáil leis na forbairtí a luaitear.
Ba é sin an cúigiú babhta den phlé tírshonrach a tionóladh ó mhí na Samhna 2020. Tá an staid i gcúig Bhallstát is fiche cumhdaithe anois mar chuid den chleachtadh.
Phléigh na hairí na dréacht-Chonclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 15 Nollaig.
Le linn chruinniú na Comhairle Eorpaí tabharfar aghaidh ar gach gné de chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin agus ar thacaíocht leanúnach an Aontais don Úcráin. Fillfidh na ceannairí freisin ar thopaicí an fhuinnimh agus an gheilleagair.
Maidir le slándáil agus cosaint, pléifidh an Chomhairle Eorpach cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh agus bealaí chun cumas slándála agus cosanta an Aontais a mhéadú a thuilleadh. Tabharfaidh sí treoir freisin maidir le tacaíocht do chomhpháirtithe an Aontais.
Beidh plé straitéiseach ag na ceannairí freisin maidir leis an gcaidreamh le Comharsanacht an Deiscirt agus leis an gcaidreamh trasatlantach.
Bhí malartú tuairimí ag na hairí maidir leis an obair leantach ar imeacht aiseolais na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, a bhí ar siúl an 2 Nollaig 2022.
D’fhormheas an Chomhairle an dearbhú comhpháirteach maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais do 2023 - 2024, a caibidlíodh idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus Uachtaránacht na Comhairle, agus na trí uachtaránacht nua ag gabháil leis.
Iarrfar ar Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, ar an bPríomh-Aire Petr Fiala, thar ceann Uachtaránacht na Seicia, agus ar Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, an dearbhú comhpháirteach a shíniú ar imeall Chomhairle Eorpach mhí na Nollag.
D’fhormheas an Chomhairle freisin na míreanna ar liostaí na míreanna ʻA’ reachtacha agus neamhreachtacha gan phlé.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.