"Bainimid úsáid as fianáin lena chinntiú go bhfeabhsaítear d’eispéireas brabhsála. Tá gá le fianáin riachtanacha chun tacú le gnéithe bunriachtanacha de shuíomh gréasáin na Comhairle. Cuidíonn na fianáin roghnacha linn tuarascálacha staidrimh anaithnide, comhiomlánaithe a tháirgeadh chun freastal níos fearr ar do chuid riachtanas.
Chuir an Chomhairle tús leis na hullmhúcháin don chruinniú den Chomhairle Eorpach an 23 agus an 24 Márta 2023 le plé ar dhréachtchlár oibre anótáilte.
Le linn chruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta, tabharfar aghaidh ar gach gné de chogadh foghach na Rúise faoin Úcráin agus ar thacaíocht leanúnach an Aontais Eorpaigh don Úcráin agus dá muintir.
Tabharfaidh ceannairí an Aontais aghaidh freisin ar an iomaíochas, ar an margadh aonair agus ar an ngeilleagar. Pléifidh siad straitéis fhadtéarmach na hEorpa chun borradh a chur faoin iomaíochas agus faoin táirgiúlacht, agus conas bonn eacnamaíoch, tionsclaíoch agus teicneolaíoch an Aontais a chur in oiriúint don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Beidh plé straitéiseach acu freisin maidir le beartas trádála an Aontais agus tabharfaidh siad aghaidh ar an athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, chomh maith le Seimeastar Eorpach 2023.
Chomh maith leis sin, déanfaidh an Chomhairle Eorpach a mharana ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme a conclúidí maidir le fuinneamh. Cuirfidh an Uachtaránacht agus an Coimisiún ceannairí an Aontais ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na gconclúidí is déanaí maidir leis an imirce.
I bhfianaise a dtarlóidh, féadfaidh sé go dtabharfaidh an Chomhairle Eorpach aghaidh ar shaincheisteanna sonracha a bhaineann leis an mbeartas eachtrach.
Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas faoin obair leantach ar na creathanna talún sa Tuirc agus sa tSiria.
Leag sí béim ar na riachtanais dhaonnúla ollmhóra ar an láthair agus thug sí forléargas ar na hiarrachtaí comhordúcháin laistigh de shásra comhtháite an Aontais maidir le freagairt pholaitiúil ar ghéarchéimeanna (IPCR).
Chomh maith leis sin, chuir sí in iúl go reáchtálfaidh an Uachtaránacht, i gcomhar leis an gCoimisiún, Comhdháil Deontóirí i mí an Mhárta chun cistí a shlógadh ón bpobal idirnáisiúnta chun tacú le muintir na Tuirce agus na Siria.
Tá scrios uafásach fágtha ag na creathanna talún sa Tuirc agus sa tSiria. Ní mór dúinn na huirlisí ar fad atá ar fáil dúinn a úsáid chun a chinntiú go dtugtar cabhair do na daoine atá i ngátar. Cabhróidh an Chomhdháil Deontóirí le hacmhainní a thiomsú chun tacú leis an téarnamh agus leis an bhfaoiseamh luath sna limistéir atá buailte.
Jessika Roswall, Aire Gnóthaí Eorpacha, an tSualainn
Chuir an Coimisiún teachtaireacht agus moladh uaidh i láthair freisin maidir le ‘spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht ó thubaistí’, a foilsíodh an 8 Feabhra 2023.
Is é is aidhm do na tionscnaimh sin feabhas a chur ar chumas an Aontais, na mBallstát agus na mBallstát rannpháirteach i Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chun na héifeachtaí a bheidh ag mórthubaistí agus éigeandálaí amach anseo a thuar agus a sheasamh, ina measc tubaistí nádúrtha, cosúil le creathanna talún, tuilte agus dóiteáin foraoise.
Mar mhír gan phlé, d’iarr an Chomhairle toiliú ó Pharlaimint na hEorpa chun na cinntí a ghlacadh maidir le tabhairt i gcrích an choinbhinsiúin ag an Aontas chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl).
Déanfaidh tabhairt i gcrích an choinbhinsiúin an creat dlíthiúil atá ann cheana i réimse an dlí nós imeachta choiriúil a neartú agus rannchuideoidh sé le comhionannas a bhaint amach idir mná agus fir i ngach réimse.
Ghlac an Chomhairle rialachán go foirmiúil lena gcuirfear ar chumas na mBallstát caibidil nua REPowerEU a chur lena bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta faoi NextGenerationEU. Is é an cuspóir atá ann príomhinfheistíochtaí agus príomhathchóirithe a mhaoiniú a chuideoidh leis an Aontas a sholáthairtí fuinnimh a éagsúlú agus deireadh a chur lena spleáchas ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.