- An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 18/05/2017, 18 Bealtaine 2017
Na príomhthorthaí
Athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn
Rinne na hairí plé neamhfhoirmiúil ar chur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabail na freagrachta agus na dlúthpháirtíochta i gcomhthéacs an athchóirithe ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn. Leanfaidh an Uachtaránacht dá hiarrachtaí obair ar an ábhar sin a chur chun cinn.
Cumhdaítear prionsabal na coimhdeachta i gConarthaí an Aontais Eorpaigh, agus tá sé de dhualgas ar gach Ballstát an méid a comhaontaíodh sa Chomhairle roimhe seo a chur chun feidhme. Is gá gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh i ndáil le saincheist na himirce.”
Carmelo Abela, Aire Gnóthaí Baile agus Slándála Náisiúnta Mhálta
An comhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe
Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí an Aontais a leagan síos don chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí eagraithe le linn thimthriall beartais 2018-2021. Sna conclúidí sin, sainaithnítear 10 dtosaíochtaí de chuid an Aontais i ndáil le coireacht: cibearchoireacht, drugaí, éascú inimirce neamhrialta, coireacht mhaoine eagraithe, gáinneáil ar dhaoine, calaois mháil agus calaois an trádálaí ar iarraidh (MTIC) laistigh den Chomhphobal, airm thine, coireacht chomhshaoil, airgeadas coiriúil, sciúradh airgid agus calaois doiciméad.
- Dréachtchonclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí AE a leagan síos don chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus tromchúisí idir 2018 agus 2021
- EU policy cycle for organised and serious international crime for the period 2018-2021
Slándáil eitlíochta
Chuir an Coimisiún Eorpach na hairí ar an eolas maidir leis an gcruinniú a tionóladh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar an 17 Bealtaine 2017 chun go ndéanfar saincheisteanna a bhaineann le slándáil eitlíochta a phlé, go háirithe nósanna imeachta slándála le haghaidh earraí móra leictreonacha.
Ábhair eile
Bhí plé neamhfhoirmiúil ag na hairí cosanta agus na hairí gnóthaí baile, agus ag na hairí gnóthaí baile agus na hairí forbartha.
Bhí dhá chruinniú chomhpháirteach againn leis na hairí cosanta agus leis na hairí forbartha inniu, agus bhí siad thar a bheith suimiúil. Léiríodh san idirphlé idir foirmíochtaí éagsúla na Comhairle go bhfuil tuilleadh comhordúcháin agus comhsheasmhachta ag teastáil sna beartais éagsúla agus meastar go gcuirfear feabhas ar éifeachtacht obair an Aontais i ndáil leis an imirce agus leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta má éiríonn linn sin a bhaint amach.”
Carmelo Abela, Aire Gnóthaí Baile agus Slándála Náisiúnta Mhálta
Comhaid na gcruinnithe
Doiciméid ullmhúcháin
Doiciméid toraidh
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Laura Bérard Press officer
- +32 471 33 09 49
- +32 2 281 57 95
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #JHA
Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025