Skip to content
  • An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

An Chomhairle um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, 08-09/12/2016, 8-9 Nollaig 2016

Príomhthorthaí

Gnóthaí Baile - 9 Nollaig

Comhchóras Eorpach Tearmainn

Phléigh na hairí gnóthaí baile an t-athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn (CET) agus tháinig siad ar chomhaontú maidir le sainordú don chaibidlíocht le Parlaimint na hEorpa faoi Rialachán Eurodac.

Is cuid thábhachtach é seo den athchóiriú ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn, atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá againn. Is díol sásaimh dom an dul chun cinn a fheiceáil a mbeidh Uachtaránacht Mhálta in ann cur leis.

Robert Kaliňák, Aire Gnóthaí Baile na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Chuir an Uachtaránacht na hairí ar an eolas freisin maidir le staid reatha na gcomhad atá fágtha maidir leis ar athchóiriú ar CET agus maidir le hathshocrú.

Imirce

Phléigh na hairí cúrsaí mar atá ar an bhfód faoi láthair agus na sreabha feadh na bpríomhbhealaí imirce, agus rinne siad meastóireacht ar fhreagairt an Aontais, mar a comhaontaíodh agus mar a cuireadh chun feidhme go dtí seo í. Thug na hairí aghaidh go háirithe ar shaincheisteanna amhail imscaradh ar ghníomhaireachtaí (go mór mór EASO agus Frontex), athlonnú, cur chun feidhme an rialacháin maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus an Chreata Comhpháirtíochta, go háirithe na torthaí a baineadh amach leis na cúig thír thosaíochta maidir le filleadh agus le hathligean isteach.

Thacaigh na hairí le hiarrachtaí na hOifige Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO) gach beart is gá a dhéanamh le go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht saineolaithe a earcú go díreach d’fhonn géarghanntanais foirne a mhaolú.

An comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe

Thug an Chomhairle dá haire tuarascáil ó Chomhordaitheoir Frithsceimhlitheoireachta an Aontais ina leagtar amach roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan na dtrodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta atá tar éis filleadh. Chuir na hairí de chúram ar shaineolaithe leanúint den phlé féachaint an bhféadfaí bearta de chuid an Aontais a fhorbairt maidir leis an bhfeiniméan sin.

Thug na hAirí dá n-aire freisin na moltaí a rinne an Fhrainc agus an Ghearmáin maidir leis an ngá atá ann an comhar idir na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus soláthraithe seirbhísí leictreonacha a fheabhsú.

Saincheisteanna eile

Ghlac an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtas na mBallstát conclúidí maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tír a chónaíonn go dlíthiúil san Aontas.

Chuir Uachtaránacht na Slóvaice na hairí ar an eolas faoi na comhaontuithe ar ar thángthas le Parlaimint na hEorpa chun seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a atreisiú agus maidir leis an sásra fionraíochta víosaí.

Ceartas, 8 Nollaig

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

Rinne na hairí dlí agus cirt dianphlé ar rialachán OIPE. D’athdhearbhaigh formhór mór na n-airí go bhfuil siad tiomanta an t-ionchúisitheoir poiblí a bhunú agus, ag feitheamh ar an gcuid dheireanach den obair theicniúil, thacaigh siad leis an téacs mar atá. Mar sin féin, thug an Uachtaránacht dá haire seasaimh éagsúla na dtoscaireachtaí agus chinn sí gur maith an léiriú iad ar an mbealach chun cinn is dócha a leanfar ó thaobh nós imeachta de chun a áirithiú go mbeidh toradh deimhneach ar an gcomhad.

Is deas liom a fheiceáil go bhfuil an Chomhairle tiomanta Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú. Más é atá uainn a áirithiú go dtugtar cosaint mhaith ar airgead cháiníocóirí an Aontais, cásanna trasteorann san áireamh, tá gá le hionchúisitheoir Eorpach. Tá dóigh agam go bhféadfar toradh deimhneach a bhaint amach sna míonna amach romhainn.

Lucia Žitňanská, Aire Dlí agus Cirt na Slóvaice agus Uachtarán na Comhairle

Leis an rialachán maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, dírítear ar chabhair a thabhairt chun dul i ngleic le coireanna a dhéantar i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais.

Cosaint leasanna airgeadais an Aontais ‘CLA’

Tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i ndáil leis an treoir maidir le leas airgeadais an Aontais a chosaint, lena réitítear an bealach chun an téacs a ghlacadh go foirmiúil sna seachtainí amach romhainn.

Is é is cuspóir don treoir ar a dtugtar treoir CLA lucht calaoise a dhíspreagadh, ionchúiseamh agus smachtbhannaí na gcoireanna i gcoinne bhuiséad an Aontais a fheabhsú, agus aisghabháil chistí de chuid an Aontais nach bhfuil leas ceart á bhaint astu a éascú, agus cosaint airgead cháiníocóirí an Aontais a mhéadú dá bhrí sin.

An margadh aonair digiteach

Thug na hairí treoir maidir le tuilleadh oibre teicniúla a dhéanamh ar an treoir i ndáil le gnéithe conarthacha áirithe a mhéid a bhaineann le hábhar digiteach a sholáthar. Go háirithe, phléigh siad na rialacha is infheidhme maidir le ‘hábhar digiteach leabaithe’ (e.g. bogearraí atá mar chuid de chuisneoirí cliste, mar a thugtar orthu), maidir leis an sainmhíniú agus na rialacha is infheidhme i gcás sonraí nach sonraí pearsanta iad, agus maidir leis an gcothromaíocht cheart sa reachtaíocht idir critéir shuibiachtúla comhréireachta (i.e. critéir a comhaontaíodh sa chonradh) agus critéir oibiachtúla comhréireachta (i.e. critéir a shonraítear sa dlí).

Comhaid na gcruinnithe

Preaseisiúintí

Faisnéis phreasa

Teagmhálaithe preasa

Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.

Creidiúnú agus preasócáidí

Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.

Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.

Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht

Cruinnithe eile: An Chomhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile

Féach tuilleadh cruinnithe

An t-athbhreithniú deireanach: an 8 Eanáir 2025