- An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh, 27/11/2014, 27 Samhain 2014
An togra maidir leis an ilchríoch idirnasctha á phlé sa Chomhairle
Ag teacht le chéile dóibh sa Bhruiséil an 27 Samhain, phléigh na hairí teileachumarsáide togra chun creat rialála an Aontais Eorpaigh don teileachumarsáid a leasú. Chomh maith leis sin, ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le rialachas an idirlín.
An Ilchríoch Idirnasctha
Phléigh an Chomhairle staid na hoibre i ndáil le togra na "hilchríche idirnasctha' mar a thugtar air, agus iad ag díriú a n-aird ar dhá cheann de phríomhréimsí: fánaíocht agus neodracht líonra.
Maidir leis an bhfánaíocht, b'fhachthas do thromlach na mBallstát gur theastaigh tuilleadh ama uathu le hanailís a dhéanamh ar an gcaoi ab fhearr chun éifeachtaí neamh-inmhianaithe na fánaíochta a sheachaint. Go háirithe, theastaigh uathu nach n-ardófaí na praghsanna intíre chun caillteanais a d'fhéadfadh a bheith ag na hoibritheoirí san fhánaíocht a chúiteamh.
Ó thaobh na neodrachta líonra de, ba é a dúirt formhór na mBallstát gur den tábhacht é go mbeadh rochtain oscailte neamh-idirdhealaitheach ann ar an Idirlíon, ach fós féin nár cheart aon srian a chur ar an nuáil ná ar an infheistíocht.
Rialachas an Idirlín
Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le rialachas an idirlín, inar leagadh amach ról na hEorpa agus todhchaí rialachais an Idirlín á múnlú. Go háirithe, leagtar béim iontu go dtacaíonn an tAontas Eorpach le múnla il-gheallsealbhóirí do rialachas an idirlín. Tuigeadh dóibh freisin gur gá aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar chosaint sonraí agus ar thásca geografacha a bheadh ag coinbhleachtaí dlínse a d'fhéadfadh a bheith ann. Maidir leis an gceist sin, athdhearbhaítear sna Conclúidí go gcloífidh an tAontas leis na bunchearta céanna ar líne agus lena gcloíonn sé as líne.
Ábhair eile ar an gclár oibre
Phléigh na hairí roinnt ábhar eile freisin, ina measc:
- an obair leanúnach atá á déanamh chun feabhas a chur ar inrochtaineacht shuímh gréasáin na hearnála poiblí
- staid na hoibre mar atá faoi láthair i ndáil leis an togra faoin tslándáil líonra agus faisnéise
- gnéithe den athbhreithniú meántéarmach ar Eoraip 2020 a bhaineann leis an teileachumarsáid
- prionsabail don chlárú don fhearann barrleibhéil .eu
Thug Uachtaránacht nua na Laitvia, cur síos ar a clár oibre i ndáil le cúrsaí teileachumarsáide freisin.
Faisnéis phreasa
Teagmhálaithe preasa
-
Niels Timmermans Press officer
- +32 470 18 22 47
- +32 2 281 32 65
Murab iriseoir thú, seol d'iarratas chuig an tseirbhís um fhaisnéis don phobal le do thoil.
Creidiúnú agus preasócáidí
Chun eolas ginearálta a fháil faoi chreidiúnú, téigh chuig an leathanach seo le do thoil.
Is iad údaráis rialtais na tíre óstaí a láimhseálfaidh creidiúnú na meán le haghaidh cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta a reáchtáiltear lasmuigh den Aontas Eorpach.
Eolas ar thorthaí na hoibre sin le teacht
- Cláraigh chun ár bhfoláirimh ríomhphoist a fháil chun an t-eolas is déanaí a fháil faoin gcruinniú seo agus faoi chruinnithe comhchosúla.
- Lean@EUCouncilPress chun an scéala is déanaí a fháil ón seomra preasa.
- Haischlib X: #TTE
Cruinnithe eile: An Chomhairle Iompair, Teileachumarsáide agus Fuinnimh
Cruinnithe roimhe seo
An t-athbhreithniú deireanach: an 3 Feabhra 2025