COVID-19: freagairt an Aontais ar na drochiarmhairtí eacnamaíocha
Tá an tAontas agus a Bhallstáit ag gníomhú chun na drochiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann le paindéim COVID-19 a laghdú a oiread is féidir.
Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú tuilleadh eolais faoi na bearta nithiúla atá á ndéanamh ag an Aontas chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch:
- plean téarnaimh an Aontais, Next Generation EU
- SURE: tacaíocht shealadach d'oibrithe
- leasuithe ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna práinneacha
- cistí an Aontais a atreorú chun cabhrú leis na Ballstáit is mó gátar
- tacaíocht do na hearnálacha is mó atá buailte
Plean téarnaimh don Eoraip
An 23 Aibreán 2020, chinn ceannairí an Aontais ciste téarnaimh an Aontais a bhunú agus é dírithe ar éifeachtaí na géarchéime a mhaolú. Chuir siad de chúram ar an gCoimisiún Eorpach togra a chur i dtoll a chéile mar ábhar práinne, ina ndéanfaí soiléiriú chomh maith ar an nasc idir an ciste agus buiséad fadtéarmach an Aontais. An 27 Bealtaine 2020, chuir an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh plean téarnaimh don Eoraip i láthair.
An 21 Iúil 2020, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú maidir le hiarracht téarnaimh dar luach €750 billiún, faoin ionstraim Next Generation EU, chun cabhrú leis an Aontas dul i ngleic leis an ngéarchéim a d'eascair as an bpaindéim.
In éineacht leis an bpacáiste téarnaimh, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú faoi bhuiséad fadtéarmach €1 074.3 billiún don Aontas do 2021-2027. Tacóidh an buiséad, i measc nithe eile, le hinfheistíocht in aistrithe digiteacha agus glasa, agus san athléimneacht.
In éineacht leis na cistí €540 billiún atá ann cheana féin le haghaidh na dtrí líontán sábhála (d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit), is é €2 364.3 billiún luach phacáiste téarnaimh foriomlán an Aontais (i bpraghsanna 2018).
Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar réamh-chomhaontú faoin bpacáiste an 10 Samhain 2020. An 10-11 Nollaig 2020, thug an Chomhairle Eorpach aghaidh ar na hábhair imní a léiríodh faoin gcomhaontú, agus réitíodh an bealach chun an pacáiste téarnaimh a ghlacadh.
Buiséad AE 2021-2027 agus plean téarnaimh (Grafaic faisnéise)
An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta
Ghlac an Chomhairle an rialachán lena mbunaítear an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht an 11 Feabhra 2021. Leis an ionstraim sin, atá i gcroílár Next Generation EU, tugtar €672.5 billiún de thacaíocht do na Ballstáit chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim COVID-19.
An 13 Iúil 2021, fuair an chéad 12 thír de chuid an Aontais- an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Spáinn - cead cistí téarnaimh agus athléimneachta an Aontais a úsáid chun borradh a chur faoina ngeilleagar, agus chun teacht slán as iarmhairt COVID-19.
An 28 Iúil 2021, fuair ceithre thír eile de chuid an Aontais – an Chróit, an Chipir, an Liotuáin agus an tSlóivéin – cead cistí a úsáid freisin.
An 8 Meán Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle na cinntí cur chun feidhme uaithi maidir le formheas pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta don tSeicia agus d’Éirinn.
An 5 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle na cinntí cur chun feidhme uaithi maidir le formheas phlean téarnaimh agus athléimneachta Mhálta.
An 29 Deireadh Fómhair 2021, fuair 3 thír de chuid an Aontais cead maidir le formheas a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta – an Eastóin, an Fhionlainn agus an Rómáin – toisc gur ghlac an Chomhairle, tar éis nós imeachta i scríbhinn, na cinntí cur chun feidhme.
An 3 Bealtaine 2022, ba dhíol sásaimh don Chomhairle an measúnú a rinneadh ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta dhá thír eile - an Bhulgáir agus an tSualainn.
An 17 Meitheamh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle an cinneadh cur chun feidhme maidir le formheas phlean téarnaimh agus athléimneachta na Polainne.
An 4 Deireadh Fómhair 2022, thoiligh na hairí eacnamaíocha agus airgeadais le plean náisiúnta na hÍsiltíre.
An 16 Nollaig 2022, d’fhormheas an Chomhairle plean náisiúnta na hUngáire.
An ciste téarnaimh: beart á dhéanamh ag an Aontas de réir a bhriathair (Grafaic faisnéise)
Freagairt éigeandála an Aontais ar phaindéim COVID-19: an méid atá déanta ag an Aontas cheana féin
In aimsir seo na géarchéime, tá an tAontas agus a Bhallstáit ag obair as láimh a chéile.
Tá leas á bhaint ag an Aontas as acmhainní le tacú leis an bhfreagairt éigeandála ar an víreas. Tá sé á dhéanamh sin trí sholáthar trealaimh cosanta a chinntiú, borradh a chur faoin taighde agus trí thacú lenár gcomhpháirtithe domhanda atá i ngátar.
Freagairt éigeandála an Aontais ar ráig COVID-19 (Grafaic faisnéise)
Líontán sábhála d'oibrithe, do ghnólachtaí agus do na Ballstáit
An 9 Aibreán 2020, mhol an Grúpa Euro trí líontán sábhála láithreacha, ar fiú €540 billiún iad, agus ar cuireadh bailchríoch orthu i mí na Bealtaine 2020. Leo sin, tacófar leis na réimsí seo a leanas:
- poist agus oibrithe
- gnólachtaí
- na Ballstáit
Poist agus oibrithe
Mar chúnamh do dhaoine a bpost a choinneáil le linn na géarchéime, tá ionstraim curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht shealadach a chur ar fáil chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE). Faoin scéim sin, cuirtear iasachtaí ar théarmaí fabhracha ar fáil do na Ballstáit chun cuid de na costais a chumhdach maidir le scéimeanna oibre gearr-ama náisiúnta a chruthú nó le síneadh a chur leo.
Tá tacaíocht airgeadais dírithe ar 19 mBallstát:
- An Bheilg: €8.2 billiún
- An Bhulgáir: €971 mhilliún
- An Chróit: €1.6 billiún
- An Chipir: €632 mhilliún
- An tSeicia: €4.5 billiún
- An Eastóin: €230 milliún
- an Ghréig: €6.2 billiún
- An Ungáir: €651 mhilliún
- An Iodáil: €27.4 billiún
- Éire: €2.5 billiún
- An Laitvia: €472 mhilliún
- An Liotuáin: €1.1 billiún
- Málta: €420 milliún
- An Pholainn: €11.2 billiún
- An Phortaingéil: €6.2 billiún
- An Rómáin: €3 bhilliún
- An tSlóvaic: €630 milliún
- An tSlóivéin: €1.1 billiún
- An Spáinn: €21.3 billiún
Bhí na méideanna sin faoi réir comhaontú ón gComhairle. Tá suas le €98.4 billiún de thacaíocht iomlán airgeadais SURE i gceist do 19 mBallstát.
Amhail ón 14 Nollaig 2022 (an eisíocaíocht is déanaí), tá nach mór iomlán €98.4 billiún de thacaíocht SURE faighte ag 19 mBallstát.
- COVID-19: €87.4 billiún formheasta ag an gComhairle mar thacaíocht airgeadais do na Ballstáit faoi SURE (preaseisiúint, an 25 Meán Fómhair 2020)
- Tacaíocht shealadach formheasta ag an gComhairle chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (preaseisiúint, an 19 Bealtaine 2020)
- SURE (an Coimisiún Eorpach)
Gnólachtaí
Chuir Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ciste ráthaíochta uile-Eorpach €25 bhilliún ar fáil. Cuirtear iasachtaí dar luach suas le €200 billiún ar fáil do chuideachtaí tríd an gciste, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ar fud an Aontais.
Tagann sé sin sa bhreis ar chistí éigeandála eile atá giaráilte cheana féin ag BEI chun freastal ar riachtanais mhaoiniúcháin ghearrthéarmacha FBManna, agus chun tacú leis an earnáil sláinte.
Na Ballstáit
Bhunaigh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach Tacaíocht don Ghéarchéim Phaindéime bunaithe ar líne chreidmheasa réamhchúraim atá ann cheana, a coigeartaíodh i bhfianaise ghéarchéim COVID-19. Tig leis iasachtaí a chur ar fáil do Bhallstáit uile an limistéir euro dar luach suas le 2 % dá n-olltáirgeacht intíre (OTI), suas go luach iomlán €240 billiún.
5 bhealach a n-oibríonn an tAontas agus na Ballstáit le chéile i gcoinne COVID-19
Tá scéal iontach le hinsint faoin gcaoi a n-oibríonn an tAontas agus a Bhallstáit le chéile mar fhoireann chun cabhrú le daoine le linn phaindéim COVID-19. Ó vacsaíní sábháilte éifeachtacha a dhaingniú, go trealamh leighis a sheoladh chuig an áit is mó a bhfuil gá leis, go hothair ó thíortha eile a thógáil isteach; ó phoist agus oibrithe a chosaint go cabhrú le tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain, rinne tíortha an Aontais i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis uathu chun tacú le chéile.
Leasuithe ar bhuiséad an Aontais
Buiséad 2021
An 9 Aibreán 2021, d'fhormheas an Chomhairle €121.5 milliún breise tríd an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha a bhaineann le paindéim COVID-19.
Tacóidh na cistí leis an méid seo a leanas:
- obair ullmhúcháin do dheimhnithe digiteacha COVID an Aontais chun an tsaorghluaiseacht a éascú
- cumas na mBallstát athraithigh nua a bhrath agus faireachán a dhéanamh orthu
- measúnachtaí nua maidir le himoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise (RT-PCR) a fhorbairt agus a mheas le haghaidh gach athraitheach nua atá ag teacht chun cinn sula n-imscartar na tástálacha agus cumas tástála leordhóthanach a chinntiú sna Ballstáit ag an am céanna
- faireachán a dhéanamh ar SARS-CoV-2 agus ar a athraitheacha i bhfuíolluisce
- an t-ardán malartaithe d'fhoirmeacha aimsithe paisinéirí a fhorbairt a thuilleadh
Mhol an Coimisiún €245.2 milliún san iomlán de chistiú breise ó bhuiséad an Aontais a chur ar fáil chun tacú leis na tionscnaimh thuasluaite, chomh maith le €100 milliún do riachtanais bhreise atá ag teacht chun cinn agus a bhaineann le géarchéim an choróinvíris. I mí Iúil 2021, ghlac an Chomhairle agus an Pharlaimint an dréachtbhuiséad leasaitheach a chumhdóidh cuid den chaiteachas sin.
Buiséad 2020
Mar fhreagairt láithreach ar iarmhairtí COVID-19, leasaigh an tAontas a bhuiséad do 2020, agus chuir €3.1 billiún chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- soláthairtí leighis, trealamh cosanta agus aerálaithe ina measc, a cheannach agus a dháileadh
- borradh a chur faoi tháirgeadh na bhfeistí tástála
- ospidéil mhachaire a thógáil
- othair a aistriú chun iad a chóireáil i mBallstáit eile
- saoránaigh den Aontas atá sáinnithe thar lear a aisdúichiú
An 11 Meán Fómhair 2020, chomhaontaigh an Chomhairle €6.2 billiún sa bhreis a chur le buiséad an Aontais do 2020. Leis an mbuiséad athbhreithnithe, déantar méadú ar na híocaíochtaí do na nithe seo a leanas:
- vacsaín COVID-19 a fhorbairt agus a imscaradh: úsáidfidh an Coimisiún Eorpach an t-airgead sin chun dáileoga vacsaíní a réamhordú (€1.09 billiún)
- Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII agus CRII+): airgead ó bhuiséad an Aontais a atreorú chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 (€5.1 billiún)
Atreorú chistí an Aontais
D'atreoraigh an tAontas cistí comhtháthaithe go tapa chun cabhrú leis na Ballstáit dul i ngleic le géarchéim COVID-19:
- €37 mbilliún as buiséad an Aontais ar fáil chun tacú le córais chúraim sláinte, le fiontair bheaga agus mheánmhéide agus le margaí saothair tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas
- féadfar suas le €28 mbilliún de chistí struchtúracha as imchlúdaigh náisiúnta 2014-2020 – nár leithdháileadh ar thionscadail go fóill – a úsáid le haghaidh na freagartha ar ghéarchéimeanna
- suas le €800 milliún as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, de thairbhe gur leathnaíodh raon feidhme an chiste sin go géarchéimeanna sláinte poiblí, agus an t-airgead sin dírithe ar na tíortha is mó a buaileadh
Ghlac an tAontas bearta freisin chun solúbthacht bhreise a chinntiú ó thaobh úsáid na gcistí struchtúracha. A bhuí leis an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+), mar a thugtar air:
- beidh na Ballstáit in ann airgead a aistriú idir cistí éagsúla chun freastal ar a gcuid riachtanas
- beifear in ann acmhainní a atreorú chuig na réigiúin is mó atá buailte, a bhuí le fionraí shealadach na gcoinníollacha trína bhfuil na réigiúin i dteideal cistiú a fháil
- bheadh na Ballstáit in ann maoiniú suas le 100% a iarraidh ó bhuiséad an Aontais don tréimhse idir an 1 Iúil 2020 agus an 30 Meitheamh 2021 do chláir atá ag déileáil le tionchar na paindéime
Áirítear sa tionscnamh freisin tacaíocht d'iascairí agus d'fheirmeoirí, agus athbhreithniú ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD).
Tá an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), arna cistiú ag Fís 2020, tar éis tionscnamh freagartha ar ghéarchéim a sheoladh chomh maith. Cuirfidh an institiúid €60 milliún de chistiú breise ar fáil do nuálaithe a fhorbraíonn réitigh ardtionchair a chabhraíonn le dul i ngleic le dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha.
Solúbthacht i dtaca le rialacha an Aontais a chur i bhfeidhm
Chumasaigh an tAontas an tsolúbthacht is mó agus rialacha an Aontais maidir le hairgeadas poiblí agus beartais fhioscacha á gcur i bhfeidhm, e.g. chun caiteachas eisceachtúil a chur san áireamh.
Chun poist agus gnólachtaí a chaomhnú, ghlac an tAontas rialacha sealadacha státchabhrach a cheadóidh do na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt do chuideachtaí agus do shaoránaigh atá ag streachailt de dheasca dhrochiarmhairtí eacnamaíocha COVID-19.
Amhail ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, tabharfar tacaíocht fhioscach náisiúnta fhoriomlán dar méid 4% den OTI agus leanfar ar aghaidh léi sin in 2021.
Bearta den Aontas chun tacú leis na hearnálacha is mó atá thíos leis an bpaindéim
Talmhaíocht agus iascach
Tugann an tAontas tacaíocht d'earnáil na talmhaíochta agus d'earnáil an iascaigh, agus aithníonn sé an ról ríthábhachtach atá acu ó thaobh bia a bheith ar fáil do shaoránaigh den Aontas.
Ar na bearta tacaíochta sin, tá:
- tacaíocht dhíreach d'fheirmeoirí, d'iascairí agus do thairbhithe eile
- solúbthacht ó thaobh cistí de chuid an Chomhbheartais Talmhaíochta agus an Chiste Eorpaigh Mhuirí agus Iascaigh nár caitheadh fós a úsáid
Ina theannta sin, bhunaigh an tAontas ʻlánaí glasaʼ chun an sreabhadh bia ar fud na hEorpa a éascú, agus d'aithin sé gur ʻoibrithe ríthábhachtachaʼ iad na hoibrithe séasúracha chun an leanúnachas san earnáil agraibhia a chinntiú. Tá cabhair deonaithe aige freisin chun táirgí a stóráil agus tá simpliú déanta aige ar roinnt nósanna imeachta riaracháin ina chuid clár.
COVID-19: Tacaíocht an Aontais do thalmhaíocht agus iascach (Grafaic faisnéise)
Iompar
Tá an earnáil iompair buailte go han-dona ag paindéim COVID-19. Leis an staid eipidéimeolaíoch agus an meath eacnamaíoch a tháinig leis an dianghlasáil, tharla laghdú millteach ar an éileamh ar iompar agus seirbhísí iompair ar fud chríoch an Aontais, rud a rinne damáiste eacnamaíoch don earnáil.
Le míonna beaga anuas, tá ardú tagtha ar an méid tráchta arís. Mar shampla, tháinig méadú faoi dhó le déanaí ar líon na n-eitiltí laethúla san Aontas i gcomparáid leis an tréimhse paindéime a bhí ann in 2020. Is éard is cúis leis an méadú ar an méid iompair an téarnamh eacnamaíoch den chuid is mó, chomh maith le bearta agus nósanna imeachta amhail na ‘lánaí glasa’, deimhniú digiteach COVID an Aontais agus an fhoirm aimsithe paisinéirí, a cuireadh i bhfeidhm chun sreabha tráchta agus taisteal a éascú.
Bearta iompair an Aontais le linn ghéarchéim COVID-19
Chomh luath le mí an Mhárta 2020, bhí Ballstáit an Aontais ar aon fhocal gur ghá cur chuige comhordaithe maidir leis an mbealach is fearr le leanúnachas eacnamaíoch a chinntiú, sláinte agus sábháilteacht oibrithe iompair agus a saorghluaiseacht thar theorainneacha a chosaint, agus díriú ag an am céanna ar leathadh phaindéim COVID-19 a shrianadh.
Ar na chéad ghníomhaíochtaí comhordaithe a rinne an tAontas, chomhaontaigh na Ballstáit ‘lánaí glasa’ a chur ar bun chun sreabhadh earraí a cheadú ó cheann ceann na hEorpa, agus eisceachtaí á gceadú agus nósanna imeachta seiceála á maolú maidir le soláthairtí agus pearsanra.
Ina theannta sin, chun cabhrú le cuideachtaí agus le húdaráis sna hearnálacha eitlíochta, iarnróid, bóithre agus loingseoireachta le go mbeidh siad in ann an fód a sheasamh in aghaidh thionchar ghéarchéim an choróinvíris, tugadh faoi roinnt beart:
- leasú sealadach ar cheanglais maidir le sliotáin aerfoirt lena gceadaítear d'aerlínte úsáid níos ísle ná mar is gnách a bhaint as a sliotáin de réir chóras solúbtha
- leasú sealadach ar na rialacha maidir le haersheirbhísí chun tacú le haerlínte agus le haerfoirt, agus rialacha sealadacha maidir le seirbhísí láimhseála ar an talamh
- síneadh a chur leis an spriocdháta maidir le trasuí threoracha sábháilteachta agus idir-inoibritheachta iarnróid an cheathrú pacáiste iarnróid, chun solúbthacht agus deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt don tionscal iarnróid agus do na húdaráis
- bearta sealadacha lenar féidir síneadh a chur le tréimhse bhailíochta deimhnithe agus ceadúnas áirithe in iompar de bhóthar, iompar d'iarnród agus iompar ar uisce, agus lena maolaítear na rialacha maidir le muirir a ghearradh ar longa as úsáid a bhaint as bonneagair chalafoirt
- faoiseamh ó mhuirir bhonneagair áirithe do chuideachtaí iarnróid, agus aisíoc tráthúil a chinntiú do sholáthraithe bonneagair ag an am céanna
An 23 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle conclúidí inar iarradh ar an gCoimisiún plean teagmhasach le haghaidh paindéimí agus mórghéarchéimeanna eile d'earnáil iompair lasta na hEorpa a dhréachtú go pras. Ba cheart bearta comhordúcháin ar leibhéal an Aontais agus treoirlínte soiléire a bheith san áireamh i bplean den sórt sin agus ba cheart a chinntiú leis go mbeidh tíortha an Aontais níos ullmhaithe amach anseo d'imeachtaí gan choinne.
I mí Feabhra 2022, chuir an Chomhairle síneadh go dtí an 30 Meitheamh 2022 leis na bearta éigeandála a cuireadh i bhfeidhm don earnáil i mí Dheireadh Fómhair 2020, i bhfianaise leanta an chur isteach atá ar thrácht iarnróid i ngeall ar an bpaindéim. Leis na bearta sin, tugtar an deis do na Ballstáit faoiseamh ó mhuirir bhonneagair áirithe a chur ar fáil do chuideachtaí iarnróid, agus aisíoc tráthúil a chinntiú do sholáthraithe bonneagair ag an am céanna.
Beartas airgeadaíochta
I mí an Mhárta 2020, d'fhógair an Banc Ceannais Eorpach clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ar fiú €750 billiún é. Cuireadh borradh nua faoin gclár an 4 Meitheamh 2020 nuair a cuireadh €600 billiún sa bhreis leis, rud a fhágann gurb é €1 350 billiún an méid iomlán anois.
Chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi chruinnithe na Comhairle, preaseisiúintí, grafaicí faisnéise agus foilseacháin a bhaineann le COVID-19, féach: